Beoir
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is deoch mheisciúl í an bheoir (beoir, bain.) a dhéantar ( coipeadh ) le huisce, braich, lus an leanna, agus fungas ar a dtugtar giosta. I bhfoclóir an Athair Uí Duinnín, deirtear gur é an deoch ar ghile le Gaeil, agus ansin deireann sé gur féidir "beer, nó whiskey" a bheith i gceist. Ach, ar ndóigh, is é an chéad cheann ar ghnách a bheith i gceist.
Tá iliomad saghasanna beorach ann, m.sh. leann, leann dubh, pilsener, lager, bitter, beoir cruithneachta (Weissbier), beoir Mhárta, beoir gheimhridh, agus beoir le blasanna torthaí agus luibheanna.
Tá cáil domhanda ar ghrúdlann Guinness i mBaile Átha Cliath, agus cé nach i seilbh Éireannach a thuilleadh é agus nó mbruithtear i dtíortha eile é, meastar go leathan gur fearr Guinness na hÉireann. Déanann an chomhlacht chéanna lager Harp, maraon le beoir eachtrannacha a bhruith agus a dháileadh faoi chonradh.
Grúdlann mhór eile, Smithwicks, tá sí suite i gCill Chainnigh. Tá grúdlann Murphys agus Beamish, atá ceangailte le comhlachtaí eachtrannacha leis, i gCorcaigh, agus tá leann dubh ar nós Guinness acu araon, ina nainm féin. Tá samplaí de mhionghrúdlainn againn in Éirinn, m.sh. Caffreys a tosaíodh sna 1980í, i gContae Chill Mhantáin.