Plútón (abhacphláinéad)
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Abhacphláinéad is ea Plútón atá suite ar imeall an ghrianchórais. Ó 1930 go 2006, thugadh an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta (ARI) agus na gnáthdaoine pláinéad air, ach athraíodh an cinneadh sin i mí Lúnasa 2006, ós rud é go bhfuil reanna neimhe sonraithe i gCrios Kuiper taobh thiar de atá ar aon mhéid leis. (Sa bhliain 2005, thángthas ar réad de chuid Kuiper, 2003 UB313, atá níos mó ná Plútón.) Mar sin, is féidir nach bhfuil i gceist le Plútón ach an ceann is cóngaraí dúinn de reanna an chreasa seo. Tá Plútón ag timpeallú na Gréine ar fhithis atá an-difriúil le fithisí na ngnáthphláinéad. Fithis an-chlaonta, an-éalárnach í. Mar sin, siúd is go raibh sé de nós ag na daoine a shíleadh gurb é Plútón an pláinéad is faide ón nGrian, chaith sé na blianta 1979-1999 taobh istigh d'fhithis Neiptiúin. Sa bhliain 1978, cuireadh an chéad sonrú i satailít Phlútóin, Carón. Tugadh dhá ghealach níos lú faoi deara sa bhliain 2005, mar atá, Nix agus Hydra. Déanta na fírinne, níl sé furasta a rá, ach an oiread, an "satailít" é Carón dháiríre. B'fhearr a rá gur córas imtharraingthe iad Plútón agus Carón in éineacht, agus go bhfuil an bheirt acu ag timpeallú meáchanlár an chórais sin. Tá an meáchanlár sin suite in aice le Plútón, ach níl sé taobh istigh de.
Go dtí seo, níor thug aon spásárthach nó spástaiscéalaí cuairt ar Phlútón. Tiocfaidh athrú air seo sa bhliain 2015, má éiríonn leis an taiscéalaí úd New Horizons, a scaoileadh chun siúil ó lárionad spáis Cape Canaveral ar an 19ú lá de Mhí Eanáir, 2006, eitilt thart le Plútón de réir na bpleananna.
Clár ábhair |
[athraigh] An Fhionnachtain
Tá scéal fionnachtana Phlútóin fite fuaite le fionnachtain Neiptiúin. Sna 1840idí, agus iad i dtuilleamaí mheicníc Newton, d'oibrigh Urbain Le Verrier agus John Couchy Adams amach suíomh Neiptiúin, nach raibh aimsithe go fóill, agus iad i ndiaidh anailis a dhéanamh ar an dóigh a raibh mais mhór mhillteanach éigin ag cur isteach ar ghluaiseacht Úránais ar a chonair. Thuig siad nach mbeadh ach imtharraingt ó phláinéad eile in ann a leithéid a dhéanamh, agus ceart go leor, tháinig Johann Gottfried Galle ar Neiptiún ar an 23ú lá de Mhí Mheán Fómhair sa bhliain 1846.
Nuair a bhí an naoú haois déag ag druidim chun deiridh, thosaigh na réalteolaithe ag déanamh go raibh conair Neiptiúin faoi thionchar den chineál chéanna, agus iad ag dul ar lorg pláinéad eile fós. Sa bhliain 1909, bhí William H. Pickering agus Percival Lowell ag moladh comhordanáidí éagsúla neamhaí don phláinéad sin. I Mí na Bealtaine sa bhliain 1911, d'fhoilsigh an réalteolaí Indiach Venkatesh Ketakar figiúirí ar bhullaitín na réalteolaithe Francacha inar thairngir sé suíomh an phláinéid nach raibh aimsithe fós. Caillead Percival Lowell sa bhliain 1916, ach níor tháinig deireadh leis na hiarrachtaí teacht ar an bpláinéad a bhí ag teastáil.
B'é an réalteolaí Clyde Tombaugh, agus é ag obair i Réadlann Lowell in Arizona, a chuir an chéad sonrú i bPlútón ar an 18ú lá de Mhí Feabhra sa bhliain 1930 i ndiaidh tamall fada a chaitheamh ag cur grianghrafanna den spéir ón tríú lá fichead agus ón naoú lá fichead de Mhí Eanáir i gcomparáid le chéile. Chaith sé taobhshúil fosta ar ghrianghraf a tógadh ar an bhfichiú lá de Mhí Eanáir nach raibh chomh maith leis na grianghrafanna eile. Nuair a bhí tuilleadh grianghrafanna tógtha leis an bhfiannachtain a dheimhniú, cuireadh an nuacht ar an teileagraf chuig Réadlann Choláiste Harvard ar an tríú lá déag de Mhí na Márta. Ina dhiaidh sin féin, haithníodh an pláinéad ar sheanghrianghrafanna ón naoú lá déag de Mhí na Márta 1915. Fuarthas amach go raibh sé ag dul ar aghaidh 39.48 aonad réalteolaíoch, nó 14.283 stuashoicind in aghaidh an lae.
Íorónta go leor, ní raibh Plútón in ann an oiread tionchair a imirt ar ghluaiseacht Neiptiúin agus a síleadh, nó níl sé in aon chóngar do bheith chomh trom sin. Is é is cúis leis na "mírialtachtaí" a sonraíodh i ngluaiseachtaí an phláinéid ná nach raibh mais Neiptiúin measúnaithe i gceart ag réalteolaithe na naoú haoise déag. Má chuidigh figiúirí Pickering, Lowell, agus Ketakar le Tombaugh teacht ar an lorg ceart, ní raibh ann ach comhtharlúint iomlán.
B'é Vesto Melvin Slipher, stiúrthóir Réadlann Lowell, a fuair "spreagadh chun ainm a bhaisteadh ar an bpláinéad nua sula ndéanfadh aon duine eile é", mar a dúirt Tombaugh. Thosaigh na mílte duine ó gach cearn den domhan ag moladh ainmneacha éagsúla ar Phlútón, Thairg Constance Lowell, baintreach Percival, na hainmneacha Zeus, Lowell, agus fiú Constance, ach ní raibh fáilte ar bith roimh na moltaí seo. Is iomaí ainm miotasúil de chuid na sean-Róimhe agus na sean-Ghréige a cuireadh chun tosaigh, ach má cuireadh, bhí cuid mhór acu úsáidte cheana féin, agus iad bronnta ar na hastaróidigh iomadúla.
An t-ainm a roghnaíodh, is é ainm an dé i seanreiligiún na Róimhe a bhí ag gardáil an Domhain Thíos. Thairis sin, cuireann an chéad dá litir an réalteolaí Percival Lowell i gcuimhne dúinn, an fear céanna a thuar go mbeadh pláinéad eile le fáil taobh thiar de Neiptiún. B'í Venetia Burney, cailín nach raibh ach aon bhliain déag d'aois, a mhol an t-ainm. Chuir sí an smaoineamh in iúl dá seanathair, a bhí ag obair sa Bhodleian Library, is é sin, leabharlann na hOllscoile in Oxford. Chuaigh an t-ainm ón seanathair go Herbert Hall Turner, Ollamh le Réalteolaíocht, agus b'é an tOllamh Turner a chuir an smaoineamh in iúl do na réalteolaithe i Meiriceá ar an teileagram. Sa deireadh thiar thall, baisteadh Plútón ar an bpláinéad go hoifigiúil, rud a fógraíodh don tsaol mhór ar Lá Bealtaine, 1930.
[athraigh] An Fhithis
[athraigh] Achoimre (aga J2000)
Ais leathmhór 5,906,376,272 km 39.481 686 77 aonad réalteolaíoch
Imlíne na fithise 36.530 Tm 244.186 aonad réalteolaíoch
Éalárnacht 0.248 807 66
Peirihéilean (garphointe don Ghrian) 4,436,824,613 km 29.658 340 67 aonad réalteolaíoch
Apaihéilean (cianphointe ón nGrian) 7,375,927,931 km 49.305 032 87 aonad réalteolaíoch
Réalt-tréimhse fithise 90,613.3055 lá (248.09 bliain)
Treoluas ar an bhfithis, meán 4.666 km/s, uasmhéid 6.112 km/s, íosmhéid 3.676 km/s
Claonadh na fithise 17.141 75° (11.88° i gcoibhneas mheánchiorcal na Gréine)
Fad an nóid éirithigh 110.303 47°
Argóint an pheirihéilin 113.763 29°
Satailítí: 3
[athraigh] Tréithe fisiceacha
[athraigh] Mais agus méid
Trastomhas 2306 ± 20 km (18% de thrastomhas an Domhain)
Achar an dromchla 1.795×107 km2 (0.033 d'achar an Domhain)
Toirt 7.15×109 km3 (0.0066 de thoirt an Domhain)
Mais (1.305±0.007)×1022 kg (0.0021 de mhais an Domhain)
Meándlús 2.03±0.06 g/cm3
Imtharraingt ag an meánchiorcal 0.58 m/s2 (0.059 den domhantarraingt)
Treoluas éalaithe 1.2 km/s
Tréimhse rothlaithe −6.387230 lá (6 lá 9 n-uaire 17 nóiméad 36 soicind)
Treoluas rothlaithe 47.18 km/h (ag an meánchiorcal)
Claonadh na haise 122.54° (i gcomparáid leis an bhfithis)
115.60° (i gcomparáid leis an éiclipteach)
Ceartairde an Phoil Thuaidh 133.02° (8 h 52 min 5 s)
Diallas -9.09°
Ailbéideacht 0.49–0.66
Teocht ar an dromchla:
íosmhéid 33 K
meán 44 K
uasmhéid 55 K
[athraigh] Atmaisféar
Níl ach atmaisféar an-tanaí ag Plútón, agus é comhdhéanta as nítrigin, meatán, agus aonocsaíd charbóin. Tá na substaintí céanna ar fáil i bhfoirm sholadach ar dhromchla Phlútóin, agus an dóigh a bhfuil siad ag galú agus ag sioc arís, tá an-bhaint acu le cothromaíocht na teochta ar Phlútón. Níl brú an atmaisféir ar Phlútón ach aon seacht míliú cuid de bhrú ár n-atmaisféir féin, ach mar sin, is féidir é a thabhairt faoi deara le linn urú. Nuair a bhogann Plútón amach óna gharphointe don Ghrian, siocann tuilleadh den atmaisféar go solad, agus é ag titim ar dhromchla an phláinéid. Ag teacht níos gaire don Ghrian dó arís, imíonn cuid den nítrigin reoite ina gás arís, rud a chuireann dromchla Phlútóin ag fuarú. Sin é an fáth go bhfuair na saineolaithe amach le déanaí go bhfuil an t-abhacphláinéad seo deich gcéim Celsius (nó Kelvin) níos fuaire ná mar a shíl siad roimhe sin.
[athraigh] Cosúlacht
Tá dromchla Phlútóin an-éagsúil. D'fhéadfá a rá go bhfuil dhá aghaidh ar Phlútón. Go bunúsach, an leath de Phlútón atá ag drannadh le Carón, tá sí níos saibhre sa mheatán sioctha, agus an nítrigin reoite agus an aonocsaíd charbóin níos tipiciúla ar an taobh eile de.
Níl Plútón ach 14m ar mhéid dhealraitheach, agus mar sin, ní féidir sonrú a chur ann gan teileascóp. Sna teileascóip mhóra féin, ní aithnítear Plútón ach mar phointe solais atá cosúil le réalta, agus dath buí nó donnbhuí ann. Nuair a tugadh Carón faoi deara an chéad uair, tuigeadh go raibh Plútón i bhfad ní ba lú ná mar a síleadh go nuige sin, agus go gcaithfeadh sé go raibh Plútón in ann i bhfad níos mó solais a fhrithchaitheamh, freisin. Mar sin, chuaigh meastacháin ailbéideachta Phlútóin in airde ansin. Inniu, glactar leis go bhfuil ailbéideacht Phlútóin beagnach chomh hard le hailbéideacht Véineas.
Tá Plútón chomh fada ar shiúl uainn is nach bhfuil mórán saintréithe nó sonraí inaitheanta ar a dhromchla.
[athraigh] Satailítí Phlútóin
[athraigh] Carón
[athraigh] Na Satailítí Beaga
[athraigh] Satailítí Eile?
[athraigh] Córas Phlútóin
[athraigh] Taighde agus taiscéalaíocht
[athraigh] An Diospóireacht faoi Phlútón
[athraigh] "An Pláinéad X"?
[athraigh] Mionphláinéad?
[athraigh] Fionnachtana Nua
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
athraigh Grianchóras |
---|
Pláinéid: Mearcair - Véineas - an Domhan - Mars - Iúpatar - Satarn - Úránas - Neiptiún |
Abhacphláinéid: Ceres - Plútón - Eris |
Eile: An Ghrian - An Ghealach - Crios astaróideach - Cóiméad - Crios Kuiper - Scamall Oort |