Iúpatar (pláinéad)
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Roghnaigh an íomhá chun a thuilleadh eolais a fháil |
|||||||
Tréithe fithise (Aga J2000) | |||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
Ais leathmhór | 778,412,027 km 5.203 363 01 AR |
||||||
Imlíne fithise | 4.888 Tm (32.675 AR) |
||||||
Éalárnacht | 0.048 392 66 | ||||||
Peirihéilean | 740,742,598 km 4.951 558 43 AR |
||||||
Apaihéilean | 816,081,455 km 5.455 167 59 AR |
||||||
Tréimhse fithiseach | 4335.3545 lá (11.87 a) |
||||||
Tréimhse shionadach | 398.86 lá | ||||||
Meánthreoluas fithiseach | 13.050 km/s | ||||||
Treoluas fithiseach uas. | 13.705 km/s | ||||||
Treoluas fithiseach íos. | 12.440 km/s | ||||||
Claonadh | 1.305 30° (6.09° ó mheánchiorcal na Gréine) |
||||||
Fad an nóid éiritheaigh |
100.556 15° | ||||||
Argóint an pheirihéilin |
274.197 70° | ||||||
Méid satailítí | 63 | ||||||
Tréithe fisiceacha | |||||||
Trastomhas meánchriosach |
142,984 km [1] (11.209 sin den Domhan) |
||||||
Trastomhas polach | 133,709 km (10.517 Earths) |
||||||
Oblátacht | 0.064 87 | ||||||
Achar dromchla | [[1 E16 m²|6.14×1010]] km2 (120.5 sin den Domhan) |
||||||
Toirt | 1.338×1015 km3 (1235.6 sin den Domhan) |
||||||
Mais | 1.899×1027 kg (317.8 sin den Domhan) |
||||||
Meándhlús | 1.326 g/cm3 | ||||||
Domhantarraingt mheánchríosach |
23.12 m/s2 (2.358 g) |
||||||
Treoluas éalaithe | 59.54 km/s | ||||||
Tréimhse rothlaithe | 0.413 51 lá (9 uair 55.5 nóim) | ||||||
Treoluas rothlaithe | 12.6 km/s = 45,262.6 km/h (ag an mheánchiorcal) |
||||||
Claonadh aiseach | 3.13° | ||||||
Dronairde den pol thuaidh |
268.05° (17 u 52 nóim 12 s) | ||||||
Diallas | 64.49° | ||||||
Ailbéideacht | 0.52 | ||||||
Meántheocht dromchla |
|
||||||
Tréithe atmaisféaracha | |||||||
Brú atmaisféarach | 70 kPa | ||||||
Hidrigin | ~86% | ||||||
Héiliam | ~14% | ||||||
Meatán | 0.1% | ||||||
Galuisce | 0.1% | ||||||
Amóinia | 0.02% | ||||||
Eatán | 0.0002% | ||||||
Foisfín | 0.0001% | ||||||
Suilfíd hidrigine | <0.0001% |
Is é Iúpatar an cúigiú pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras, agus an ceann is mó de na pláinéid ar fad. Ba é Iúpatar (Jupiter) Rí na nDéithe ag na Rómhánaigh. Is é Iúpatar an ceathrú réad is gile sa spéir agus bhí daoine ábalta é a fheiceáil ó thús ama. D'fhéach Galileo Galilei air trí theileascóp sa bhliain 1610 agus chonaic sé go raibh ceithre ghealach aige. Tugtar gealacha Galileo orthu sin i gcónaí (Io, Europa, Ganymede agus Callisto). Ba é seo an chéad uair a chonacthas go raibh rudaí ag dul timpeall ar phlainéad eile seachas an domhan agus ba athrú réabhlóideach é ar an léargas a bhí ag daoine ar an ollchruinne go dtí sin, mar gur creideadh go raibh an domhan i lár agus gach rud eile, an ghrian san áireamh, ag dul timpeall air.
Is plainéad gáis é Iúpatar, gan aon dromchla soladach, cé go bhfuil croílár cloiche istigh ann. Uaireanta, tugtar gásfhathaigh ar phláinéid den chineál seo sa ghrianchóras, agus tá ceithre cinn acu ann: Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún. Is iad na scamaill san atmaisféar atá le feiceáil ón domhan. Hidrigin (90%) agus héiliam (10%) ar fad atá sa phlainéad seachas blúirí bídeacha de gháis eile, uisce, agus amóinia. Tá Iúpatar 142,984 chiliméadar ar trastomhas, agus is ionann a mhais agus 317.8 domhan. Bíonn sé 778 milliún ciliméadar ón nGrian, ar meán. Tá an lá an-ghearr – 9 n-uair agus 55 nóiméad, agus tá bliain Iúpatair cothrom le 11.86 bliana de chuid an domhain. -108°C an mheánteocht atá ann.
Tagann níos mó fuinnimh as Iúpatar i bhfoirm gathaíochta ná mar a fhaigheann sé ón ghrian. Tá fáinní beaga dorcha timpeall ar Iúpatar ach níl siad le feiceáil ón domhan mar atá cuid Satarn.
Tá 63 shatailít ag Iúpatar, nuair a seiceáladh an uair dheireanach é, ach bíonn cinn nua á n-aithint go minic. Is gnách folúsghlantóir an spáis a thabhairt ar Iúpatar, nó baineann sé den spás an chuid is mó de na scuabréaltaí agus de na hastaróidigh a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh don Domhan. Chonacthas sampla maith den obair seo i Mí Iúil 1994, nuair a bhuail an scuabréalta Shoemaker-Levy 9 faoi Iúpatar.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
athraigh Grianchóras |
---|
Pláinéid: Mearcair - Véineas - an Domhan - Mars - Iúpatar - Satarn - Úránas - Neiptiún |
Abhacphláinéid: Ceres - Plútón - Eris |
Eile: An Ghrian - An Ghealach - Crios astaróideach - Cóiméad - Crios Kuiper - Scamall Oort |