J. R. R. Tolkien
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Scoláire agus scríbhneoir ab ea é John Ronald Reuel Tolkien (3 Eanáir 1892 - 2 Meán Fómhair 1973). Scriobh sé na húrscéalta An Hobad, nó, Go Ceann Scríbe agus Ar Ais Arís agus Tiarna na bhFáinní. Rugadh i mBloemfontein san Afraic Theas é agus d'fhás sé i Sasana. D'fhreastal sé ar King Edward's School Birmingham agus Ollscoil Oxford. Throid sé sa Chéad Chogadh Domhanda agus i gcath na Somme i 1916. Ba léachtóir le Béarla é i Leeds ó 1920 go 1925. Ba ollamh le hAngla-Shacsainis é in Oxford ón mbliain 1925 go dtí an bhliain 1945, agus le teanga agus litríocht an Bhéarla ón mbliain 1945 go dtí an bhliain 1959. Caitliceach docht ab ea é. Ba chara le scríbhneoir clúiteach eile é, C. S. Lewis.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.