Web - Amazon

We provide Linux to the World


We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Vladímír Pútín - Vicipéid

Vladímír Pútín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Vladímír Pútín
Méadaigh
Vladímír Pútín

Is é Vladímír Vladímíreavaidts Pútín (Влади́мир Влади́мирович Пу́тин; 7 Deireadh Fómhair 1952 a rugadh é) Uachtarán na Rúise ón mbliain 2000 i leith.

Rugadh Pútín i Leningrad (Cathair Pheadair anois), agus bhain sé amach céim dlí in Ollscoil Stáit Leningrad sa bhliain 1975. Mar oifigeach i gCoiste na Státslándála KGB ó 1975 go dtí 1991 chaith sé na blianta sa DDR (An Oir-Ghearmáin). Bhí sé ina cheannaire ar Sheirbhís Uile-Rúiseach na Slándála FSB (a lean an KGB) ó Iúil 1998 go dtí Lúnasa 1999. Ba Phríomh-Aire ar an Rúis i rialtas Boris Eiltsin é ó mhí Lúnasa 1999. Mar phríomh-aire, bhí meas mór ag na Rúisigh air mar gheall ar an gcaoi a ndearna sé bainistíocht ar an ionsaí a rinne an Rúis ar an tSeisnia, nuair a d'fhógair muintir na tíre sin neamhspleáchas, agus iad ag iarraidh dealú a fháil ón Rúis. D'éirigh Eiltsin as a phost an 31 Nollaig, 1999, agus ceapadh Pútín mar Leas-Uachtarán (le feidhmiú mar Uachtarán) ar Stát Comhnasctha na Rúise. Bhuaigh Pútín toghcháin ina dhiaidh sin.

Ar go leor bealaí, ceannaire as an ngnáth é Pútín. Tá sé cuíosach óg, go háirithe i comparáid leis na seanfhundúirí a bhíodh ag rialú an stáit Shóivéadaigh. Staonann sé ón mbiotáille, agus tá an-suim aige i gcúrsaí spóirt — tá sé ag cleachtadh júdó óna chéad óige. Is ball den Eaglais Cheartchreidmheach Rúiseach é, agus deir formhór na dtráchtairí nach ag magadh a bhí sé nuair a thiontaigh sé ina Chríostaí. Chomh maith leis an RúisisBéarla agus Gearmáinis aige, agus é beagnach chomh líofa le cainteoir dúchais sa dá theanga. Tá bean agus beirt chlainne ag Pútín.

Má d'fhéach Ialtsin le bua a bhreith ar oidhreacht spioradálta an Aontas Sóivéadach, tá a mhalairt dearcadh ag Pútín ar an tréimhse sin i stair na tíre. Fiú na hainghníomhartha a rinne an rialtas Cumannach, is cuid thábhachtach iad den stair as ar fáscadh Rúis an lae inniu, dar leis, agus níl mórán fonn air ach an oiread locht a fháil ar an deachtóir brúidiúil úd Stalin. Cuid de na siombailí náisiúnta Sóivéadacha a caitheadh i dtraipisí i mblianta uachtaránachta Eiltsin, tugadh isteach arís iad le caoinchead Phutin, m.sh. an bhratach mhíleata dhearg, armas na "Réalta Sóivéadaí" agus an t-amhrán náisiúnta Sóivéadach (cé gur athraíodh na focail).

Chuir Pútín in aghaidh an chogaidh san Iaráic sa bhliain 2003. Tar éis an chogaidh, d'iarr Uachtarán na Stát Aontaithe Mheiriceá, George W. Bush, ar na Náisiúin Aontaithe na smachtbhannaí eacnamaíocha i gcoinne na hIaráice a chur ar ceal, rud ar thaobhaigh Pútín leis, mar gur ghá go ligfí do choimisiún na Náisiún Aontaithe a chuid oibre ag cuardach arm ollscriosta san Íaráic a chur i gcrích.

Bhain páirtí Pútín, Páirtí na Rúise Aontaithe mórbhua amach sna toghcháin pairliminte sa bhliain 2003. Dúirt tuairisceoirí eachtrannacha go raibh an toghchán é féin féarálta, ach go ndearna lucht na meán cumarsáide, a bhíonn faoi thionchar an rialtais den chuid is mó, go háirithe an teilifís náisiúnta, bolscaireacht mhillteach ar mhaithe le páirtí an rialtais, gan cead cainte a fhágáil ag na páirtithe eila ach ar éigean.

Deirtear go bhfuil dhá dhream ag obair ar an gCreimlín anois. Ceann amháin is ea iad na sílovicí, nó lucht na láimhe láidre, agus baint acu leis an eite is náisiúnaí den arm agus de na seirbhísí míleata. Is éard atá sa cheann eile, ar a dtugtar 'an Chlann', ná daoine atá ceangailte leis an iar-Uachtarán Boris Eiltsin agus na fir chumhachtacha ar éirigh chomh geal leo lena ré. Is minic a bhíonn easaontas idir an dá dhream seo, mar shampla nuair a cuireadh an dlí ar Michail Chodorkovskí, an mórghróintín artola. Cuireann Pútín strus air féin gan a bheith róchóngarach do cheachtar den dá dhream, cé go bhfuil baint ag a thánaiste Alacsandar Volaisin leis an gClann. Meastar gur bhagair Volaisin go n-éireodh sé as a phost nuair a gabhadh Chodorkovskí. Ghlac Pútín leis an seasamh anuas, agus chuir sé Dimítrí Meidvedev, cathaoirleach Gazprom, an comhlacht stáit gáis, ina áit.

Duine eile atá ceangailte leis an gClann is ea é an t-iar-phríomh-aire Michail Kasianov. Chuaigh Kasianov i gcoinne rabhadh Pútín gan baint leis an scéal, agus chuir sé in iúl go raibh an-imní air faoin dlí a bheith á chur ar Chodorkovskí.

An 24 Feabhra 2004, níos lú ná mí roimh na toghcháin, ruaig Pútín a phríomh-aire, Michail Kasianov, agus an chomh-aireacht Rúiseach ar fad as a bpoist, agus chuir sé Victor Christséincó ina áit mar phríomh-aire feidhmitheach. Ar 1 Márta, d'ainmnigh sé Michail Fradcov chun an phoist.

An 14 Márta 2004, reachtáladh toghcháin Uachtaránachta, agus bhain Pútín amach an dara bua, nó ghnóthaigh sé 71% de na vótaí. Arís, bhí feachtas ollmhór ar an teilifís náisiúnta Rúiseach, ach deirtear go raibh an toghchán é féin cothrom. Ní cheadaítear do Phútín faoi Bhunreacht an Chomhnaisc Rúisigh dul don phobal den tríú huair (i ndiaidh thoghcháin pharlaiminte 2003 ghnóthaigh sé móramh sách mór leis an mBunreacht a athrú, ach níor thug sé le fios go dtí seo go bhfuil rún aige é sin a dhéanamh.)

Iad sin atá claonta le Vladimir Pútín, is maith leo a áitiú gur chum déantóirí na scannán Harry Potter Dobby in íomhá an uachtaráin Rúisigh d'aon turas.

[athraigh] Naisc seachtracha


Roimhe bhí:
Sergei Stepashin
Príomh-aire na Rúise
8 Lúnasa, 1999—7 Bealtaine, 2000
Á Leanúint bhí:
Mikhail Kasyanov
Roimhe bhí:
Boris Yeltsin
Uachtarán na Rúise
31 Mí na Nollag 1999—anois
Á Leanúint bhí:
'(in oifig fós)'


Our "Network":

Project Gutenberg
https://gutenberg.classicistranieri.com

Encyclopaedia Britannica 1911
https://encyclopaediabritannica.classicistranieri.com

Librivox Audiobooks
https://librivox.classicistranieri.com

Linux Distributions
https://old.classicistranieri.com

Magnatune (MP3 Music)
https://magnatune.classicistranieri.com

Static Wikipedia (June 2008)
https://wikipedia.classicistranieri.com

Static Wikipedia (March 2008)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com/mar2008/

Static Wikipedia (2007)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com

Static Wikipedia (2006)
https://wikipedia2006.classicistranieri.com

Liber Liber
https://liberliber.classicistranieri.com

ZIM Files for Kiwix
https://zim.classicistranieri.com


Other Websites:

Bach - Goldberg Variations
https://www.goldbergvariations.org

Lazarillo de Tormes
https://www.lazarillodetormes.org

Madame Bovary
https://www.madamebovary.org

Il Fu Mattia Pascal
https://www.mattiapascal.it

The Voice in the Desert
https://www.thevoiceinthedesert.org

Confessione d'un amore fascista
https://www.amorefascista.it

Malinverno
https://www.malinverno.org

Debito formativo
https://www.debitoformativo.it

Adina Spire
https://www.adinaspire.com