Cathair Pheadair
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is cathair sa Rúis í Cathair Pheadair (Rúisis: Санкт-Петербу́рг), agus í ar an dara cathair is mó sa tíre. B'é an Sár Peadar Mór a bhunaigh an chathair sa bhliain 1703, agus í ina príomhchathair ar an tír go dtí an bhliain 1918. Ansin, rinneadh príomhchathair de Mhoscó. hAthraíodh ainm na cathrach cupla uair i rith na mblianta. Rinneadh Petrograd (Петрогра́д) (1914–1924) di nuair a chuaigh na Rúisigh chun cogaidh in aghaidh na nGearmánach, agus blas na Gearmáinise ar an ainm a bhí ar an áit go dtí sin. Ina dhiaidh sin, tugadh Leningrad (Ленингра́д) (1924–1991) uirthi i ndilchuimhne ar Vlaidímír Léinín, ceannaire na mBoilséiveach. Nuair a tháinig deireadh leis an gCumannachas mar idé-eolaíocht oifigiúil, fuair an chathair a seanainm ar ais, siúd is go bhfuil an cúige (oblast) ina timpeall ainmnithe as Leningrad i gcónaí. Is é Piter (Питер) an t-ainm a thugann muintir na háite féin uirthi sa ghnáthchaint, áfach. Cé nach bhfuil sí ina príomhchathair a thuilleadh, is gnách le muintir na Rúise "an Phríomhchathair Thuaidh" nó b'fhéidir "Príomhchathair an Tuaiscirt" a thabhairt uirthi (северная столица an leagan Rúisise).
[athraigh] Stair
B'é an Sár Peadar Mór a bhunaigh an chathair sa bhliain 1703 ar thailte a shealbhaigh sé ó na Sualannaigh. Iascairí Fionlannacha ba mhó a bhí ina gcónaí sna bólaí seo roimhe sin, agus bhí daingean Sualannach, Nyenskans, ann go dtí gur scrios na díormaí Rúiseacha é. An chathair Shualannach, Nyen, a bhí bunaithe i lár na seachtú haoise déag in aice leis an daingean, bhí sí tréigthe agus dóite ag na Sualannaigh roimh ionsaí na Rúiseach féin.
Chaith Peadar blianta a óige ag staidéar san Ollainn, agus é an-tugtha do theanga na tíre sin. Mar sin, bhaist sé ainm ar an áit a raibh blas na hOllainnise air - Sankt-Peterburg, nó fiú Sint-Pieterburch. Ar dtús, ní raibh ann ach daingean - an daingean céanna ar a dtugtar Daingean Pheadar agus Phóil, nó Petropavlovskaya Krepost, air inniu. Ansin, draenáladh na portaigh ina thimpeall, agus thosaigh tógáil na cathrach féin. Bhí innealtóirí ón nGearmáin ag coinneáil súile ar na hoibreacha draenála, agus seirfigh Rúiseacha ag déanamh an chuid ba troime den obair. Thairis sin, chuir Peadar d'fhiacha ar shaoir chloiche na tíre go léir teacht go dtí Cathair Pheadair, agus choisc sé aon teach cloiche a thógáil in aon chuid eile den Rúis.
Bhí Cathair Pheadair ceaptha mar "fhuinneoig na Rúise go dtí an tIarthar", mar a scríobh Aileacsandar Púiscín, file náisiúnta na Rúise. Bhí sí ina cuan tábhachtach trádála, go háirithe nuair a thosaigh trádáil na Rúise agus na Breataine Móire ag fás, agus ina bunáit do loingeas Baltach na Rúise. Go gairid i ndiaidh bhunú na cathrach féin, tógadh daingean Kronstadt in Oileán Kotlin in aice leis an gcathair, daingean atá ina chuan cogaidh inniu féin.
San ochtú agus san naoú haois déag, thóg na maithe is na móruaisle pálás i ndiaidh páláis i gCathair Pheadair, agus is cuid súl iad inniu féin ag na cuairteoirí. Ón taobh eile de, rinne na tuilte uisce an-dochar don áit ó am go ham.
Sa bhliain 1861, chuir an Sár Alastair a Dó an seirfeachas ar ceal, agus saoradh seirfigh na Rúise ó bhráca. Chuaigh na mílte scológa go dtí Cathair Pheadair ar lorg oibre ansin, agus thosaigh na tionóntáin ag fás aníos timpeall na cathrach. Ó bhí idir lucht oibre agus chaipiteal ann, ní díol iontais é gur tháinig borradh ar an tionsclaíocht. Sna sálaí ag an bhforbairt seo, tháinig an radacachas agus an Sóisialachas.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.