Niccolò Machiavelli
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Údar agus polaiteoir Iodáileach ab ea Niccolò Macchiavelli (3 Bealtaine 1469 - 21 Meitheamh 1527). Ba dhlíodóir é a athair i gcathairstát Fhlóiréins. Níl mórán eolais againn faoina shaol go dtí gur rinneadh rúnaí agus Dara Seansailéir Fhlóiréins de i 1498. Lean sé sa phost sin go dtí 1512. Seoladh ar mhisin go dtí an Fhrainc, an Ghearmáin agus na cathairstáit Iodáileacha eile é. I 1512 d'fhill na Medici ar Fhlóiréans agus briseadh as a phost é. Cuireadh faoi ghlas agus céasadh é, roimh dhul go dtí a fheirm i San Casciano lena bhean chéile agus a seisear clainne, áit a dhírigh sé é féin ar an scríbhneoireacht agus an staidéar. Scríobh sé an leabhar Il Principe (An Prionsa) mar saghas treoirleabhair do phrionsa Iodáileach ar chonas an stát a rialú. I 1520 bronnadh airgead air chun stair chathair Fhlóiréins a scríobh agus chríochnaigh sé é in 1525. D'fhill sé ar an saol poiblí ar feadh tamaill roimh a bhás i 1529.