An Ghearmáin
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
|
|||||
Mana: Einigkeit und Recht und Freiheit | |||||
Amhrán náisiúnta: Das Lied der Deutschen2 | |||||
Príomhchathair | Beirlín 51°31′ Thuaidh 13°24′ Thoir |
||||
An chathair is mó | Beirlín | ||||
Teangacha oifigiúla | Gearmáinis | ||||
Rialtas
Uachtarán
Seansailéar Leas-Seansailéar |
Horst Köhler Angela Merkel Franz Müntefering |
||||
Foirmíocht Deighilt Athaontú |
18 Eanáir 1871 23 Meitheamh 1945 3 Deireadh Fómhair 1990 |
||||
Achar • In iomlán • Uisce (%) |
357,026 km² (61ú) 2.416% |
||||
Daonra • Meas. ó 2005 • Daonáireamh 2004 • Dlús |
82,443,000 (14ú) - 230/km² (34ú) |
||||
OTI (PCC) • In iomlán • An duine |
Meas. ó 2005 $2.498 trilliún (5ú) $30,150 (17ú) |
||||
Airgeadra | Euro1 (€) (EUR ) |
||||
Crios ama • Samhradh (CSL) |
CET (UTC+1) CEST (UTC+2) |
||||
Fearann Idirlín | .de | ||||
Glaochód | +49 |
||||
1 Roimh 1999: Deutsche Mark. 2 Ní chantar ach an tríú véarsa [1] |
Tír mór i lár na hEorpa í Poblacht Chónasctha na Gearmáine, agus thart ar 82 milliún duine ina gcónaí ansin. Is ball den Aontas Eorpach í. Tá teorainn aici leis an Ísiltír, leis an mBeilg, le Lucsamburg, leis an bhFrainc, leis an Ostair, leis an bPoblacht Seiceach, leis an bPolainn, leis an Danmhairg agus leis an Eilvéis. Is í Beirlín an príomhchathair. Tá 3.4 milliún duine ina gcónaí sa phríomhchathair.
[athraigh] Stair
Tar éis ré na Naitsithe agus an Dara Cogadh Domhanda, roinneadh an tír ina ceithre limistéar, agus fuair gach cumhacht forghabhála a limistéar féin le rialú. Chuaigh an trí limistéar iartharacha, an ceann Francach, an ceann Meiriceánach, agus an ceann Sasanach, le chéile ina "Trizone", nó limistéar aontaithe, agus sa bhliain 1949, d'iompaigh an "Trizone" ina poblacht neamhspleách, Poblacht Chónasctha na Gearmáine. An chuid den tír a bhí faoi smacht na Sóivéadach, bhain sí amach cineál neamhspleáchas freisin mar stát satailíteach ar cuireadh an Cumannachas i réim ann, is é sin, Daonphoblacht na Gearmáine. Fágadh an chuid iartharach de Bheirlín timpeallaithe ag críocha na "Daonphoblachta", agus bhí caidreamh an dá Ghearmáin ina ábhar mór conspóide agus teannais idirnáisiúnta go dtí gur thit an tóin as an gcóras Cumannach i ndeireadh na n-ochtóidí. Daingníodh teorainn thiar na Daonphoblachta leis an muintir a choinneáil istigh, agus sa bhliain 1961, tógadh balla idir an dá leath de Bheirlín leis an mbealach éalaithe deireanach a dhúnadh. Bhí rialtas na Daonphoblachta ag obair sa leath thoir den chathair, ach b'í Bonn, cathair réasúnta beag cois na Réine in iarthar na Gearmáine, a bhí ina príomhchathair ag an bPoblacht Chónasctha go dtí an t-athaontú sa bhliain 1990. Nuair a hathaontaíodh an tír, haistríodh an phríomhchathair ar ais go dtí go dtí sean-phríomhchathair na Gearmáine, Beirlín. Nuair a cuireadh an 17 milliún a bhí ina gcónaí i nDaonphoblacht na Gearmáine, le 63 milliún na Poblachta Cónasctha, bhí an Ghearmáin ar an tír ba mhó is ba chumhachtaí i Lár na hEorpa arís, rud a chuir scanradh ar chuid mhaith de na comharsana, le taobhshúil ar an taithí a bhí acu ar an an nGearmáin i ndiaidh dhá chogadh domhanda.
Bhí an tsean-Phoblacht Chónasctha ina ballstát den Aontas Eorpach cheana féin, ó chuaigh sí sa Chómhargadh sna seascaidí. Mar sin féin, bhí difríochtaí móra le sárú leis an dá Ghearmáin a chomhdhlúthú. Tháinig méadú mór ar chostais an stáit agus é ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar an oirthear. Bhí dífhostaíocht an-ard san oirthear, rud nár tháinig mórán feabhais air idir an dá linn, agus b'éigean do lucht rialtais na Gearmáine laghduithe móra a dhéanamh ar an mbuiséad leasa shóisialta, fiú nuair a bhí na Daonlathaigh Shóisialta (SPD) ag rialú na tíre. Sa bhliain 2005, ghnóthaigh na coimeádaigh - na Daonlathaigh Chríostaí, nó CDU - an t-olltoghchán, agus chuaigh siad i gcomhrialtas leis an SPD agus an CSU.
[athraigh] Eacnamaíocht
B'é marg na Gearmáine a bhí in úsáid ó leasú an airgeadra (Die Währungsreform) sa bhliain 1948 go dtí gur tugadh an t-eoró isteach sa bhliain 2002.
Tá an tríú geilleagar is mó ar an domhan ag an nGearmáin, agus is í an earnáil seirbhíse an earnáil eacnamaíochta is mó.
[athraigh] Stáit
Tá 16 stát nó Bundesländer (uatha: Bundesland) sa Ghearmáin.
- Baden-Württemberg
- An Bhaváir (Bayern)
- Beirlín (cathairstát)
- Brandenburg
- Bremen (cathairstát)
- Hamburg (cathairstát)
- Hessen
- Mecklenburg-Vorpommern
- An tSacsóin Íochtarach (Niedersachsen)
- Tuaisceart na Réine agus Westfalen (Nordrhein-Westfalen)
- Tír na Réine agus Pfalz (Rheinland-Pfalz)
- An tSárlainn (Saarland)
- An tSacsóin (Sachsen)
- An tSacsóin-Anhalt (Sachsen-Anhalt)
- Schleswig-Holstein
- Thüringen
An tAontas Eorpach (AE) | ||
---|---|---|
an Bheilg • an Chipir • an Danmhairg • an Eastóin • Éire • an Fhionlainn • an Fhrainc • an Ghearmáin • an Ghréig • an Iodáil • an Ísiltír • an Laitvia • an Liotuáin • Lucsamburg • Málta • an Ostair • an Pholainn • an Phortaingéil • an Ríocht Aontaithe • an tSeic • an tSlóvaic • an tSlóivéin • an Spáinn • an tSualainn • an Ungáir | ||
Le teacht | ||
an Bhulgáir • an Chróit • Poblacht na Macadóine • an Rómáin • an Tuirc |