An Colgán
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
an Colgán |
|
---|---|
gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil |
|
Ainm Laidine | Dorado |
Ginideach Laidine | Doradus |
Nod | Dor |
Siombalaíocht | an Colgán |
Dronairde | 5 h |
Diallas | −60° |
Achar | 179 céim cearnach Rangú: 72ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) |
0 |
Réalta is gile | α Doradus (méid 3.27) |
Dreigecheathanna | |
Réaltbhuíonta ar theorainn leis |
|
Infheicthe sna leithid idir +20° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Feabhra |
|
Réaltbhuíon dheisceartach is ea an Colgán, ceann den dá réaltbhuíon déag a chruth Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman idir na blianta 1595 agus 1597 ar son an réalteolaí Phléimeanaigh Petrus Plancius. Thug an réalteolaí Gearmánach Johann Bayer isteach ina léarscáil neamhaí Uranometria é sa bhliain 1603.
Is é Dorado an t-ainm Laidine a thugtar ar an réaltbhuíon seo, cé nach focal Laidine go fíor é ar chor ar bith: focal Spáinnise is ea dorado, a chiallaíonn "órga" nó "óraithe" agus a thugtar go coitianta ar an dorád (Coryphaena hippurus), iasc a fhaightear i mara trópaiceacha is fothrópaiceacha ar fud an Domhain. Mahi-mahi a thugtar ar an dorád i measc lucht Haváí, agus dolphin-fish, dolphin nó dorado as Béarla. Is é Doradus an fhoirm ghineadach atá ar Dorado, cé nach bhfuil an fhoirm seo ar an ngnáthfhoirm ghineadach as Laidin.
As Béarla tugtar Dorado, The Swordfish nó The Goldfish ar an réaltbhuíon seo. Thug an t-eolaí Gearmánach Johannes Kepler Xiphias ("Claíomh") air ina Tabulae Rudolphinae sa bhliain 1627; sa bhliain 1758 bhain an tacsanomaí Sualainneach Carl von Linné úsáid as an focal Xiphias chun an colgán a chur in iúl. Is dócha gurb é sin an chúis a dtugtar an t-ainm seo ar an réaltbhuíon.
Is é saintréith is suntasaí na réaltbhuíne seo ná go bhfuil an chuid is mó de Scamall Mór Magellan le feiceáil air. (Tá an chuid eile ar réaltbhuíon an Tábla.) Tá Pol Theas an Éicliptigh ar an réaltbhuíon seo chomh maith.
Clár ábhair |
[athraigh] Príomhghnéithe
[athraigh] Réada suntasacha domhainspéire
[athraigh] Stair
[athraigh] Miotaseolaíocht
[athraigh] Réaltaí
[athraigh] Féach fosta
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Yale Bright Star Catalog
- an Colgán ar shuíomh Robin Gatter
- Ian Ridpaths's Star Tales
- an Colgán agus miotaseolaíocht an Domhain
- an Colgán ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Colgán
[athraigh] Tagairtí
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0486236730.
An 12 réaltbhuíon a chruthaigh Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman idir 1595 agus 1597 agus a thug isteach Johann Bayer ina léarscáil neamhaí Uranometria sa bhliain 1603 |
Éan Parthais | an Caimileon | an Colgán | an Chorr | an Phéist Bheag | an tIndiach | an Chuileog | an Phéacóg | an Féinics | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tIasc Eitilte |