An tAerchaidéal
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
an tAerchaidéal |
|
---|---|
gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil |
|
Ainm Laidine | Antlia |
Ginideach Laidine | Antliae |
Nod | Ant |
Siombalaíocht | an tAerchaidéal |
Dronairde | 10 h |
Diallas | −90° |
Achar | 239 céim cearnach Rangú: 62ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) |
0 |
Réalta is gile | α Ant (méid 4.25) |
Dreigecheathanna |
Dada |
Réaltbhuíonta ar theorainn leis |
|
Infheicthe sna leithid idir +45° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Aibreán |
|
Is réaltbhuíon réasúnta nua í an tAerchaidéal (féach ar aerchaidéal) óir ní ceapadh go dtí an t-ochtú aois déag í, ós rud é go raibh sí ródhoiléir lena admháil ag na seanghréagaigh. Ghlac an IAU léi mar cheann den 88 réaltbhuíon nua-aimseartha. Ag tosú i dtuaisceart na réaltbhuíne, seo iad a leanas na réaltbhuíonta atá timpeall an Aerchaidéil: an Phéist Uisce, Compás an Mhairnéalaigh, na Seolta, agus faoi dheireadh an Ceinteár.
Clár ábhair |
[athraigh] Príomhghnéithe
Is réaltbhuíon dhoiléir í an tAerchaidéal gan aon réaltaí geala inti. Is í an réalta is lú doiléir ná:
- α Ant: agus cé gurb í príomhréalta de chuid an Aerchaidéil í, níl a gile dhealraitheach ach ar méid 4.25. Is K4 III a haicme speictreach is a cineál lonrachais.
[athraigh] Réada suntasacha domhainspéire
- NGC 2997: Réaltra bíseach den chineál Sc, atá claonta ar uillinn 45° dár líne radhairc.
- NGC 3132: Tugtar Réaltnéal na n-Ocht Phléascadh (Eight Burst Nebula as Béarla) nó Réaltnéal Fáinneach Theas (Southern Ring Nebula) mar ainmneacha eile ar an réaltnéal pláinéadach seo. Tá córas déréalta i lár an réada seo.
- PGC 29194: Tá an t-abhacréaltra sféaróideach seo, nach bhfuil ina ghile dhealraitheach ach an amharcmhéid 14.8, ina bhall dár nGrúpa Áitiúil de réaltraí.
[athraigh] Stair
B'é an réalteolaí Francach an tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh ceithre réaltbhuíon déag i ndeisceart na spéartha chun áiteanna éigin a líonadh nach raibh a lán réaltaí iontu, an tAerchaidéal ina measc. Antlia pneumatica (an t-ainm Laidine ar an aerchaidéal a chum an t-eolaí Éireannach Robert Boyle) an t-ainm a thug sé uirthi ar dtús; dá bhrí sin tugtar an tAerchaidéal ar an réaltbhuíon seo as Gaeilge.
Is suimiúil a thabhairt faoi deara nach ndearna La Caille aon iarracht de réir cosúlachta na litreacha Bayer a dháileadh ar na réaltaí de réir a ngile dealraithí.
Ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht leis an Aerchaidéal ós rud é gur scoir Lacaille den thraidisiún sin ar dá réir a d'ainmnítí na réaltbhuíonta as carachtair mhiotaseolaíocha; ina áit sin roghnaigh sé go formhór ainmneacha uirlisí a úsáidtear sna heolaíochtaí.
[athraigh] Réaltaí
- Réaltaí a bhfuil ainmneacha Bayer orthu:
- α Ant 4.28; δ Ant 5.57; ε Ant 4.51; ζ1 Ant 5.75; ζ2 Ant 5.91; η Ant 5.23; θ Ant 4.78; ι Ant 4.60
- Réaltaí suntasacha eile:
- HR 93083 8.33 – tá pláinéad eachtarghrianda aige
- U Antliae 5.50 – réalta carbóin
[athraigh] Féach fosta
- Sonraí réaltmhéadracha ag baint leis an Aerchaidéal
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Yale Bright Star Catalog
- an tAerchaidéal ar shuíomh Robin Gatter
- Ian Ridpaths's Star Tales
- an tAerchaidéal agus miotaseolaíocht an Domhain
- an tAerchaidéal ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an tAerchaidéal
[athraigh] Tagairtí
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0486236730.
Réaltbhuíonta a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille sna blianta 1751 agus 1752 |
an tAerchaidéal | an Clog | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | an Dealbhóir | an Fhoirnéis | an Liontán | an Micreascóp | an tOchtamhán | an Péintéir | an Riail | an Siséal | an Tábla | an Teileascóp |