An tAonbheannach
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
an tAonbheannach |
|
---|---|
gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil |
|
Ainm Laidine | Monoceros |
Ginideach Laidine | Monocerotis |
Nod | Mon |
Siombalaíocht | an t-aonbheannach |
Dronairde | 7.15 h |
Diallas | −5.74° |
Achar | 482 céim cearnach Rangú: 35ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) |
0 |
Réalta is gile | α Monocerotis (méid 3.93) |
Dreigecheathanna |
|
Réaltbhuíonta ar theorainn leis |
|
Infheicthe sna leithid idir +75° agus −85° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Feabhra |
|
Is réaltbhuíon dhoiléir é ar spéir na hoíche geimhridh an tAonbheannach. Tá réaltbhuíon an Bhodaigh ar an taobh thiar de, an Cúpla ar an taobh ó thuaidh, an Madra Mór ar an taobh ó dheas, agus an Phéist Uisce ar an taobh thoir. Ina measc réaltbhuíonta eile ata teorainn ar theorainn leis faightear an Madra Beag, an Giorria agus Deireadh na Loinge. Is é Monoceros, a chiallaíonn aonbheannach, an t-ainm Laidine a thugtar ar an réaltbhuíon seo, cé go dtagann an focal seo ó bhunús ón nGréigis.
Clár ábhair |
[athraigh] Príomhghnéithe
Tá réaltbhuíon an Aonbheannaigh beagnach dofheicthe, gan ach cúpla réalta dá cuid ar an gceathrú méid. Tá α Mon ar amharcmhéid 3.93, beagáinín níos gile ná γ Mon, atá ar méid 3.98. Ach tá cúpla réad spéisiúil le feiceáil ar an réaltbhuíon seo le cuidiú teileascóip bhig.
- β Mon: is tríréalta shuntasach í β Mon; comhdhéanann an trí chomhbhall triantán, gan ach beagáinín athrú ar na deighiltí ó thomhais F. G. W. Struve sa bhliain 1831 iad. Tá na réaltaí ar amharcmhéid 4.7, 5.2 agus 6.1. Ba é William Herschel a d'aimsigh an ilréalta seo sa bhliain 1781 agus a chuir síos uirthi mar, "cheann de na radhairc is áille ar na spéartha."
- ε Mon: is déréalta sheasta í seo; tá an dá réalta aici ar amharcmhéid 4.5 agus 6.5.
- 15 Mon: is réalta athraitheach gormach-bhán í S Mon, nó 15 Mon, atá suite i lár báire na réaltbhraisle oscailte NGC 2264. Níl an aimplitiúid chomhathraithe ró-mhór, áfach (4.62 go 4.68). Is ilréalta í freisin nach lú ná 13 chomhbhall atá aici. Comhdhéanann an ceann is gile déréalta infheicthe le compánach ar méid 8.5.
- V838 Monocerotis: is nóva dothuigthe í V838 Mon; aimsíodh ar 6 Eanáir 2002 í agus bhí sí ar méid uasta (6.5) i Mí na Feabhra sa bhliain sin.
[athraigh] Réada suntasacha domhainspéire
- M50, réaltbhraisle oscailte
- Réaltnéal an Róiséid (NGC 2237, 2238, 2239 agus 2246), réaltnéal idirleata
- NGC 2244, réaltbhraisle oscailte
- NGC 2264, dá ngairtear an Crann Nollag
[athraigh] Stair
Is réaltbhuíon nua-aimseartha í réaltbhuíon an Aonbheannaigh. Síltear go coitianta gurbh é an réalteolaí agus an diagaire Freaslannach Petrus Plancius a ainmniú sa bhliain 1613 í agus gur chuir an réalteolaí Gearmánach Jakob Bartsch ar léarscáil neamhaí í mar "Unicornus" sa bhliain 1624; ach dar le Heinrich Wilhelm Olbers agus Ludwig Ideler tá an réaltbhuión seo i bhfad níos sine ná sin agus luaitear i saothair éagsúla í chomh luath agus an bhliain 1564; ta sé ina scéala fosta gur aimsigh Joseph Scaliger ar sheanchruinneog neamhaí Pheirseach í sa séu aois déag.
[athraigh] Miotaseolaíocht
Ós rud é gur réaltbhuíon nua-aimseartha í réaltbhuíon an Aonbheannaigh, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht chlasaiceach léi. De réir mhiotaseolaíocht na Meánaoise, áfach, b'ainmhí miotasach é an t-aonbheannach ab ionann leis an gcapall murach go raibh adharc bhíseach amháin ar a éadan. Bhí sé ina scéala go raibh adharc an aonbheannaigh ina nimhíoc ar gach nimh. D'fheictí an t-ainmhí go minic mar shiombail na geanmnaíochta is na híonachta.
[athraigh] Réaltaí
- Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
- Réalta Luyten 9.85 – i measc na réaltaí is gaire
- Réalta Plaskett (HD 47129) 6.06 – déréalta speictreascópach ollmhór
- Réaltaí a bhfuil ainmneacha Bayer orthu:
- α/26 Mon 3.94; β/11 Mon – tríréalta β¹ 4.70, β² 5.40, 5.60; γ/5 Mon 3.99; δ/22 Mon 4.15; ε/8 Mon – dúbailte 4.39, 6.72; ζ/29 Mon 4.36
- Réaltaí a bhfuil uimhreacha Flamsteed orthu:
- 1/V474 Mon 6.15; 2 Mon 5.04; 3 Mon 4.92; 5/γ Mon 3.99; 6 Mon 6.76; 7 Mon 5.27; 8/ε Mon – dúbailte 4.39, 6.72; 9 Mon 6.50; 10 Mon 5.06; 11/β Mon – tríréalta 4.70, 5.40, 5.60; 12 Mon 5.88; 13 Mon 4.47; 14 Mon 6.44; 15/S Mon 4.62; 16 Mon 5.92; 17 Mon 4.77; 18 Mon 4.48; 19/V637 Mon 4.99; 20 Mon 4.91; 21/V571 Mon 5.44; 22/δ Mon 4.15; 24 Mon 6.42; 25 Mon 5.14; 26/α Mon 6.15; 27 Mon 4.93; 28/V645 Mon 4.69; 29/ζ Mon 4.36
- Réaltaí suntasacha eile:
- R Monocerotis 10-12 – réalta athraitheach, ar NGC 2261
- HD 46375 7.84 – pláinéad eachtarghrianda
- HD 52265 6.30 – pláinéad eachtarghrianda
- Ross 614 – dúbailte 11.13, 14.60; i measc na réaltaí is gaire
- V838 Mon – réalta athraitheach, nóva
[athraigh] Féach fosta
- Sonraí réaltmhéadracha ag baint leis an Aonbheannach
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Yale Bright Star Catalog
- an tAonbheannach ar shuíomh Robin Gatter
- Ian Ridpaths's Star Tales
- an tAonbheannach agus miotaseolaíocht an Domhain
- an tAonbheannach ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an tAonbheannach
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an tAonbheannach
[athraigh] Tagairtí
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 048623567X.
Réaltbhuíonta a chruthaigh Petrus Plancius agus a thug isteach Jakob Bartsch sa téacs Usus Astronomicus Planisphaerii Stellati sa bhliain 1624 |
an Sioráf | an tAonbheannach |