An Altóir
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
an Altóir |
|
---|---|
gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil |
|
Ainm Laidine | Ara |
Ginideach Laidine | Arae |
Nod | Ara |
Siombalaíocht | an Altóir |
Dronairde | 17.39 h |
Diallas | −53.58° |
Achar | 237 céim cearnach Rangú: 63ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) |
1 |
Réalta is gile | β Ara (méid 2.9) |
Dreigecheathanna |
Dada |
Réaltbhuíonta ar theorainn leis |
|
Infheicthe sna leithid idir +25° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Iúil |
|
Is réaltbhuíon dhoiléir ó dheas í an Altóir idir réaltbhuíon an Cheinteáir agus ceann an Fhaolchú. As Laidin tugtar Ara uirthi, sin le rá altóir.
Clár ábhair |
[athraigh] Príomhghnéithe
- β Ara: tá an réalta seo – an réalt is gile de chuid na hAltóra – ar méid dhealraitheach 2.9.
- γ Ara: is réalta dhúbailte í seo, atá díreach ó dheas de β.
- μ Ara: ceaptar go bhfuil trí phláinéad ar a laghad ag fithisiú an réalta seo, agus ceann acu de nádúr carraigeach de réir cosúlachta.
[athraigh] Réada suntasacha domhainspéire
Téann Bealach na Bó Finne thar taobh thiar thuaidh na hAltóra, áit a bhfuil go leor réaltbhraislí oscailte is réaltnéalta idirleata inti. Tá NGC 6397 ar an gceann is gile i measc na réaltbhraislí cruinneogacha san Altóir; tá an bhraisle seo 8,200 solasbhliain i bhfad ón ngrianchóras s'againne agus b'fhéidir go bhfuil sí ar an gceann is giorra i measc braislí de shaghas sin.
[athraigh] Stair
Dealaíodh an réaltbhuíon seo ón gCeinteár agus ón bhFaolchú trí idirchur réaltbhuíon na Rialach, a chum an tAb Nicolas Louis de Lacaille sa bhliain 1790.
[athraigh] Miotaseolaíocht
Ionannaíodh an Altóir, léirithe bunoscionn de ghnáth ach uaireanta ina seasamh agus an deatach ag éalú isteach i mBealach na Bó Finne, le haltóir an cheinteáir Chiron; Ara Centauri an seanainm Laidine a bhí uirthi san am fadó. Ó am go chéile thugtaí altóir Dhiníosais uirthi. Ós rud é, áfach, nár aithníodh agus nár tionscnaíodh an réaltbhuíon go dtí an t-ochtú aois déag, is dócha nach raibh aon ghaol idir réigiún seo na spéartha agus creidimh na Sean-Ghréagaigh, ach amháin an gaol a d'fhionn cumadóir na réaltbhuíne.
[athraigh] Réaltaí
- Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
- α Ara 2.95: Choo nó Tchou
- < 杵 (Mandairínis chǔ) = an Tuairgnín
- α Ara 2.95: Choo nó Tchou
-
- δ Ara 3.62: Tseen Yin
- < 天陰 (Mandairínis tiānyīn) = an Spéir Dhorcha (ar réaltbhuíon an Reithe?)
- δ Ara 3.62: Tseen Yin
-
- ε¹ Ara 4.06: Tso Kang
- < 左更 (Mandairínis zuŏgēng) = an Fhaire ar an Taobh Clé (ar réaltbhuíon an Reithe?)
- ε¹ Ara 4.06: Tso Kang
-
- ζ Ara 3.12: Tseen Yin
- < 天陰 (Mandairínis tiānyīn) = an Spéir Dhorcha (ar réaltbhuíon an Reithe?)
- Nod leat go dtugtar an t-ainm chéanna ar δ Arae
- ζ Ara 3.12: Tseen Yin
- Réaltaí a bhfuil ainmneacha Bayer orthu:
- α Ara 2.95; β Ara 2.85; γ Ara 3.34; δ Ara 3.62; ε¹ Ara 4.06; ε² Ara 5.29; ζ Ara 3.13; η Ara 3.76; θ Ara 3.66; ι Ara 5.25; κ Ara 5.23; λ Ara 4.77; μ Ara 5.15; ν¹ Ara 5.66; ν² Ara 6.09; π Ara 5.25; 1/σ Ara 4.59
- Réaltaí a bhfuil uimhreacha Flamsteed orthu:
- 1/σ Ara 4.59
- Réaltaí suntasacha eile:
- R Arae 6.00-7.00 – déréalta uraitheach agus déréalta infheicthe
[athraigh] Féach fosta
- Sonraí réaltmhéadracha ag baint leis an Altóir
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Yale Bright Star Catalog
- an Altóir ar shuíomh Robin Gatter
- Ian Ridpaths's Star Tales
- an Altóir agus miotaseolaíocht an Domhain
- an Altóir ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Altóir
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an Altóir
[athraigh] Tagairtí
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0486236730.
Réaltbhuíonta a d'athraigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille san 18ú aois |
an Long | roinnte mar seo: | an Chíle | Deireadh na Loinge | Compás an Mhairnéalaigh | na Seolta |
an Teileascóp | curtha i gceann a chéile ó chodanna díobh seo: | an Saighdeoir | an Scairp | Fear na bPéisteanna | Coróin an Deiscirt |
Fear na bPéisteanna | roinnte mar seo: | Fear na bPéisteanna | an Phéist |
an Abhainn | roinnte mar seo: | an Abhainn | an Fhoirnéis |
an Altóir | curtha i geann a chéile ó chodanna díobh seo: | an Ceinteár | an Faolchú |