An Deilf
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
an Deilf |
|
---|---|
gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil |
|
Ainm Laidine | Delphinus |
Ginideach Laidine | Delphini |
Nod | Del |
Siombalaíocht | Deilf |
Dronairde | 20.7 h |
Diallas | +13.8° |
Achar | 189 céim cearnach Rangú: 69ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) |
0 |
Réalta is gile | Rotanev (β Del) (méid 3.63) |
Dreigecheathanna |
Dada |
Réaltbhuíonta ar theorainn leis |
|
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −70° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Meán Fómhair |
|
Is réaltbhuíon bheag thuaisceartach í an Deilf atá i ngar don mheánchiorcal neamhaí. Bhí sí ar chlár na 48 réaltbhuíon a leag amach Tolamaes sa dara aois, agus is ceann í freisin de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha a nglacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo. Is é Delphinus, a chiallaíonn deilf, an t-ainm Laidine a thugtar uirthi.
Tá an-chosúlacht le deilf aici agus í ag léimneach de bharr na dtonnta; mar sin de is an-fhurasta í a aithint ar an spéir. Tá an Deilf teorainn ar theorainn leis na réaltbhuíonta seo a leanas (deiseal, ag tosach ar an taobh thuaidh): an Sionnach, an tSaighead, an tIolar, an tUisceadóir, an Capall Beag and faoi dheireadh an capall sciathánach Peigeasas.
Clár ábhair |
[athraigh] Príomhghnéithe
Seo iad a leanas na réaltaí is suntasaí ar an réaltbhuíon seo:
- Sualocin (α Delphini): B9 IV a haicme speictreach, ar méid 3.77 (is ilréalta í seo agus 6 chomhbhall aici)
- Rotanev (β Del): F5 IV, 3.63
- γ Delphini: ar cheann de na réaltaí dhúbailte is áille atá ar an spéir.
- γ1 Delphini: F7 V, 5.14
- γ2 Delphini: K1 IV, 4.27
- δ Delphini: A7 IIIp, 4.43
- Comhdhéanann na réaltaí thuas-luaite astaireacht darb ainm Cónra Iób.
- Deneb Dulfim (ruball na Deilfe), nó ε Delphini: B6 III, 4.0
- R Delphini: is réalta athraitheach fhadtréimhseach í seo cosúil le Mira Ceti; 285.5 lá an tréimhse; comhathraíonn an amharcmhéid ó 7.6 go 13.8
[athraigh] Réada suntasacha domhainspéire
- NGC 6891: Réaltnéal pláinéadach ar méid 10.5
- NGC 6934: Réaltbhraisle chruinneogach ar méid 9.75
- NGC 7006: 185,000 solasbhliain i bhfad i gcéin; is an-imigéiniúil an réaltbhraisle chruinneogach seo atá ar méid 11.5
[athraigh] Stair
Ní théann siar go dtí an seansaol, mar a cheapfaí, ainmneacha an dá réalt is gile atá ar an réaltbhuíon seo, Sualocin (Alfa Delphini) agus Rotanev (Beta Delphini). A mhalairt ar fad: tá an dá chuid le chéile nua go maith. Chonacthas i gcló don chéad uair iad ar réaltchatalóg a d'fhoilsigh Réadlann Palermo san Iodáil sa bhliain 1814. Má léitear droim ar ais iad, litríonn siad an t-ainm Nicolaus Venator, leagan Laidine ar ainm stiúrthóra chúnta na réadlainne sin ag an am sin: Niccolò Cacciatore. Is éard is brí le Cacciatore agus Venator araon ná "sealgaire".
[athraigh] Miotaseolaíocht
Baineann an réaltbhuíon seo le dhá scéal thábhachtacha as miotaseolaíocht na Gréige.
De réir an chéad chinn acu, ba mhaith leis an dia Gréagach Poisíodón an néiriad Aimfitrití a phósadh. Ar mbeith di, áfach, ag iarraidh a maighdeanas a choimeád, theith sí go Sliabh Atlas. Chuir a suiríoch amach an iomad cuardaitheoirí, duine áirithe darbh ainm Delphinus ina measc. Tháinig Delphinus uirthi de thaisme, agus d'éirigh leis a chur ina luí gur cheart di Poisíodón a phósadh. As buíochas, chuir an dia íomhá deilfe i measc na réaltaí.
Cuireann an dara scéal síos ar fhile Gréagach darbh ainm Arion as Lesbos, a mhair sa 7ú aois RC. Ceoltóir cúirte a bhí ann i bpálás Periander, rí Corinth. Bhí Arion tar éis an-stór a chruinniú i rith a chamcuairteanna sa tSicil agus san Iodáil. Ach ar a bhealach abhaile dó ó Tarentum, chuir foireann a loinge comhcheilg ar bun ina aghaidh mar gheall ar a shaibhris. I nguais bháis, Rinne Arion iarratas deireannach: ba mhaith leis tuireamh a chanadh. Ghéill an fhoireann dá iarratas, ach nuair a bhí sé ag canadh an tuirimh seo, thum sé isteach san fharraige; ach tharrtháil deilf é ar chuir a cheol faoi dhraíocht í. D'iompaigh an deilf go dtí an Ghréigh é agus tháinig sé i dtír slán sabháilte.
[athraigh] Féach fosta
- Sonraí réaltmhéadracha ag baint leis an Deilf
- Poisíodón
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Yale Bright Star Catalog
- an Deilf ar shuíomh Robin Gatter
- Ian Ridpaths's Star Tales
- an Deilf agus Miotaseolaíocht an Domhain
- an Deilf ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Deilf
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an Deilf
- Messier45: Brabhsálaí Domhainspéire
- Nuachatalóg Ghinearálta Réaltnéalta is Réaltbhraislí
[athraigh] Tagairtí
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 048623567X.
Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes |
an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir |