An tSualainn
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is tír sa Chríoch Lochlann i dtuaisceart na hEorpa agus san Aontas Eorpach í Ríocht na Sualainne (Sualainnis: Konungariket Sverige). Is monarcacht bhunreachtúil í agus Carl XIV Gustaf is ainm dá rí láithreach. Tá sí ag críochantacht leis an Iorua taobhanna thiar thuaidh dí agus leis an bhFionlann taobh thoir dí. Tá líne an chósta an-fada aici freisin.
Is í Stócólm an phríomhchathair. Is cathracha tábhachtacha eile iad Göteborg, Malmö, Uppsala, Linköping, Västerås agus Örebro.
|
|||||
Mana: -- | |||||
Amhrán náisiúnta: Du gamla, Du fria | |||||
Príomhchathair | Stócólm 59°21′ Thuaidh 18°4′ Thiar |
||||
An chathair is mó | Stockholm | ||||
Teangacha oifigiúla | Sualainnis (de facto) | ||||
Rialtas
Rí
Príomh-Aire |
Monarcacht bhunreachtúil Carl XIV Gustaf Fredrik Reinfeldt |
||||
Aontas |
10ú haois - 13ú haois | ||||
Achar • In iomlán • Uisce (%) |
449,964 km² (54ú) 8.67% |
||||
Daonra • Meas. ó 2004 • Daonáireamh 2002 • Dlús |
9,006,405 (84ú) 8,940,788 20/km² (155ú) |
||||
OTI (PCC) • In iomlán • An duine |
Meas. ó 2005 $267 billiún (34ú) $29,544 (19ú) |
||||
Airgeadra | Krona (SEK ) |
||||
Crios ama • Samhradh (CSL) |
CET3 (UTC+1) CEST (UTC+2) |
||||
Fearann Idirlín | .se | ||||
Glaochód | +46 |
||||
[athraigh] Stair
Aontaíodh an tSualainn mar aon ríocht ámhain sa dara céad déag. Sa 14ú céad a mhéadaigh an chumhacht ríoga agus i 1397 aontaíodh tuaisceart na hEorpa go léir sa Aontas Kalmar faoi bhanríon na Danmhairge, Margareta. Ghabh Gustav Eriksson Vasa an smacht sa tSualainn 1523 tar éis cogaidh cathartha. Fuair an tSualainn cumhacht mhór tar éis buanna móra ar pháirceanna an áir sa 16ú céad ach ní raibh acmhainn go leor aici sa chéad dar gcionn chun a críocha a choinneáil agus chaill sí an Fhionlainn don Rúis i 1809. Tháinig an réabhlóid thionsclaíoch measartha mall chuig an Sualainn ach ba thábhachtach ar son na forbartha í foirgníocht na iarnródanna sa dara leathchéad. Ba thabháchtach ar an ardán idirnáisiúnta iad comhlachtaí leictreonaice agus ceimice mar L.M.Ericsson agus Nitroglycerin-Aktiebolaget (Comhlacht Nítriglicrín). Bhí an tSualainn neodrach sa Chéad Chogadh Domhanda. Fuair na Sualannaigh go léir ceart vótala i 1921 agus fuair an Páirtí Sóisialta Daonlathach an chumhacht faoi Hjalmar Branting. Bhí dóchas ag na tíortha i dtuairsceart na hEorpa a neodracht a choinneáil sa Dara Cogadh Domhanda ach chaill siad an dóchas seo nuair a d'ionsaigh Aontas na Sóivéadach an Fhionlainn agus nuair a d'ionsaigh an Ghearmáin Naitsíoch an Iorua agus an Danmhairg. D'éirigh leis an Sualainn gan bheith forghabhtha trí mhéan polaitíochta pragmataí. Tar éis dheireadh an chogaidh, fuair rialtas Sóisialta Daonlathach an chumhacht agus i rith na 1950í agus na 1960í athraíodh polaitíocht an mhargaidh saothair agus beartas sóisialach leasaithe. Thug an tsail bharra eacnamaíoch caighdéan maireachtála níb fhearr do chuid mhór den bhunadh i rith na mblianta sin. Tugadh an tSualainn isteach san Aontas Eorpach i 1995.
[athraigh] Déimeagrafaic
Tá ionchas saoil an ard aici. Teampeall is 12 Lúnasa 2004, chuaigh an daonra na tSualainne thar 9,000,000 den chéad uair dar le Stair na Sualainne. Tá 17,000 Sáimach dúchasach ina gconái sa Sualainn. Tár éis an Chéad Chogaidh Domhanda bhí imirce nórmálta ach tar éis an dara Chogaidh Domhanda go dtí inniu tá inimirce níos nórmálta. Faoi láthair, rugadh nach mór 12% de cónaitheoirí thar lear.
An tAontas Eorpach (AE) | ||
---|---|---|
an Bheilg • an Chipir • an Danmhairg • an Eastóin • Éire • an Fhionlainn • an Fhrainc • an Ghearmáin • an Ghréig • an Iodáil • an Ísiltír • an Laitvia • an Liotuáin • Lucsamburg • Málta • an Ostair • an Pholainn • an Phortaingéil • an Ríocht Aontaithe • an tSeic • an tSlóvaic • an tSlóivéin • an Spáinn • an tSualainn • an Ungáir | ||
Le teacht | ||
an Bhulgáir • an Chróit • Poblacht na Macadóine • an Rómáin • an Tuirc |