Prág
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Príomhchathair agus cathair is mó na Seice is ea Prág (Seicis: Praha). Tá sé suite ar abhainn Vltava sa Bhóihéim láir. Tá thart ar 1.2 milliún duine ina gcónaí sa chathair.
[athraigh] Stair
Bunaíodh Prág sa 9ú haois. Rinne suíomh Ríthe na Bóihéime de go luath. Bhí rath air i rith ré an Rí Charles IV. Thóg sé an Baile Nua, Droichead Charles, Ardeaglais Naoimh Vitus agus Ollscoil Charles (ollscoil is sine na hEorpa láir).
Bhí a lán grúpaí eitneacha ina gcónaí i bPrág go dtí an Dara Cogadh Domhanda — Seicigh, Gearmánaigh agus Giúdaigh. D'imigh nó maraíodh an pobal Giúdach i rith ré na Naitsithe agus cuireadh an pobal Gearmánach as an gcathair tar éis an chogaidh.
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Suíomh oifigiúil na cathrach (sa tSeicis)
- Prague Life Travel Guide
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
athraigh Príomhchathracha an Aontais Eorpaigh | |
---|---|
An Aithin | Amstardam | Baile Átha Cliath | Beirlín | An Bhratasláiv | An Bhruiséil | Búdaipeist | Cóbanhávan | Heilsincí | Liospóin | Liúibleána Londain | Lucsamburg | Maidrid | An Leafcóis | Páras | Prág | Ríge | An Róimh | Stócólm | Tallinn | Vaileite | Vársá | Vilnius | Vín |