Giúdachas
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é an Giúdachas, nó an Iúdachas, reiligiún na nGiúdach. Ceann de na reiligiúin aondiacha is sine ar domhan atá ann, agus ceann de na reiligiúin is sine atá á gcleachtadh fós. Tá airteagail creidimh agus stair an Ghiúdachais ina gcroílár de bhunús na gcreideamh Ábrahamach eile, an Chríostaíocht agus an Ioslam san áireamh.
Ní bhíonn aon údarás lárnach nó dogma comhaontach ag an nGiúdachas, ach ceanglaítear an reiligiún ilghnéitheach seo le roinnt prionsabal creidimh i ngach áit. An ceann is tábhachtaí ná creideamh i nDia amháin uilefhiosach uilechumhachtach uiledhea-mhéiniúil tarchéimnitheach, a chruthaigh an chruinne agus gach rud atá inti, agus a bhfuil baint aige fós le riaradh na chruinne seo. Dar leis an gcreideamh, ba é an Dia céanna a chruthaigh an chruinne a shocraigh cúnant le muintir na nGiúdach agus a thaispeáin a chuid dlíthe agus aitheanta i bhfoirm an Thóra. Tá dúthracht an chleachtadh Ghiúdaigh caite le stáidéar agus le comhlíonadh na ndlíthe agus na n-aitheanta seo, os rud é go mínítear iad de réir údarás éagsúla seanda agus nua-aimseartha.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.