Johann Sebastian Bach
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba chumadóir Gearmánach é Johann Sebastian Bach. Rugadh ar an 21 Márta 1685 in Eisenach, i dteaghlach de cheoltóirí. Scríobh sé mórán ag a oibreacha ceolmhara ar dtús chun úsáid san eaglais: an Pháis de réir Eoin, an Pháis de réir Mhatha, oratóirí agus tuairim is 300 cantáid a bhfuil mórán acu caillte. Scríobh sé ceol freisin do na gléasanna ceoil veidhlín, dordveidhil, fliúit, orgán, cruitchorda agus clabhchorda. Do cheolfhoireann, chum sé mar shampla na sé gcoinséartó Bhrandenburg cáiliúla. Bhí sé pósta dhá uair, agus bhí 20 páiste aige, a raibh roinnt acu freisin ina gcumadóirí. Fuair sé bás ar an 28 Iúil 1750 i Leipzig.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.