Fásach
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
I dtíreolaíocht, is éard atá i bhfásach ná sórt tíre nó réigiún a fhaigheann an-bheagán titim uisce. Mar gheall ar seo, bíonn an cháil ar fhásaigh nach féidir leo mórán beatha a choinneáil. I gcomparáid le réigiúin níos fliche féadann seo a bheith fíor, ach nuair a scrúdaítear níos doimhne iad, is minic a chosnaíonn na fásaigh saibhreas beatha a fhanann i bhfolach (go háirithe i rith an lae) chun taiseacht a choinneáil. Is fásach tuairim agus 1/3 de dhromchla an domhain.
I bhfásach, bíonn a lán plandaí ar féidir leo uisce a choinneáil ar feadh blianta le héabhlóid. Bíonn craiceann céireach trom orthusan, agus stór mór uisce ina nduilliúr trom. Feictear é seo le caictí, aigéiv agus aló véra, mar shamplaí, ar nós plandaí áirithe cois mara in Éirinn, a chaitheann uisce a choinneáil nuair a imíonn an uisce tríd an ghainimh go mear.