Antartaice
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ilchríoch nó mór-roinn timpeall ar an Mol Theas is í Antartaice. Tháinig feachtais taiscéalaíochta de chuid na Breataine agus na Rúise ar an limistéir mór talún seo ag tús an naoú haois déag. Ba é Roald Amundsen as an Iorua an chead duine a shroich an Mol Theas. Ní raibh cónaí ar dhaoine riamh ann cé go bhfuil fianaise ann go raibh aeráid mheasartha ann i bhfad ó shin. Rinne seacht dtír éagsúil éileamh ar thailte san Antartaice. Níor réitíodh na héilimh sin riamh, ach tá Conradh i bhfeidhm ó 1961 i leith chun bun dleathach a chur faoi ghníomhaíochtaí na dtíortha a bhfuil bunáiteanna acu ar an ilchríoch. 14 milliún km² é an t-achar.
Clár ábhair |
[athraigh] Aeráid
Teocht an-íseal, an t-oirthear níos fuaire ná an tIarthar. Tá 98% clúdaithe le oighearchlúid an-tiubh. Bíonn stoirmeacha gaoithe agus sneachta ann de shíor.
[athraigh] Daonra
Níl aon daonra dúchasach ann, ach bíonn eolaithe agus criúnna loinge as tíortha éagsúla ag cur fúthu ann ar feadh tréimhsí. Tá daoine ann as an Airgintín, An Astráil, An Bheilg, An Bhrasaíl, an Bhulgáir, An tSile, an tSín, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an India, an Iodáil, an tSeapáin, An Chóiré Theas, an Ísiltír, an Nua-Shéalainn, an Pholainn, an Rúis, an Afraic Theas, an Ríocht Aontaithe, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus tíortha eile.
[athraigh] Eanamaíocht
Iascaireacht ar na cóstaí agus turasóireacht. Níl aon fhorbairt déanta ar chalafoirt ná ar acmhainní nádúrtha na hilchríche. Tá taighde eolaíoch á dhéanamh ann ar athrú aeráide.
[athraigh] Naisc sheachtracha
- L.L. Ivanov et al, Topographic map of Livingston Island and Greenwich Island
- Antarctic Place-names Commission of Bulgaria
Mór-ranna an Domhain | ||||||
---|---|---|---|---|---|---|
|
||||||
An Afraic |
An Aigéine |
An Áise |
Antartaice |
An Eoraip |
Meiriceá Theas |
Meiriceá Thuaidh |
|