An Iorua
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is tír i dtuaisceart na hEorpa í Ríocht na hIorua. Is cuid de leathinis Chríoch Lochlann í agus tá sí ar aghaidh na Mara Thuaidh. Is é Osló príomhchathair na hIorua. Tá teorainn aici leis an Fhionlainn, an tSualainn agus an Rúis.
Is ríocht í an Iorua, agus tá Rí Harald V ina rí anois. Tá lá náisiúnta ar an 17ú Bealtaine, agus ar an lá seo céiliúirtear bunreacht na hIorua den bhliain 1814. Storting (as Ioruais: Stortinget) atá ar an bparlaimint, a dtoghann an pobal a teachtaí gach ceithre mbliana.
Tá 4.6 milliún duine ina gcónaí san Iorua, agus labhraíonn an cuid is mó díobh Ioruais. Labhraíonn mionlach freisin Sáimis.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.