An tUisceadóir
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
an tUisceadóir |
|
---|---|
gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil |
|
Ainm Laidine | Aquarius |
Ginideach Laidine | Aquarii |
Nod | Aqr |
Siombalaíocht | an tUisceadóir, Iompróir an Uisce |
Dronairde | 23 h |
Diallas | −15° |
Achar | 980 céim cearnach Rangú: 10ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) |
2 |
Réalta is gile | Sadalsuud (β Aqr) (méid 2.9) |
Dreigecheathanna |
|
Réaltbhuíonta ar theorainn leis |
|
Infheicthe sna leithid idir +65° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Deireadh Fómhair |
|
Tá an tUisceadóir ar cheann de na réaltbhuíonta is sine a aithnítear ar feadh an stoidiaca, cúrsa dealraitheach na gréine trí na spéartha. Aquarius (♒) an t-ainm Laidine a thugtar air, rud a chiallaíonn "ón uisce". Tá an réaltbhuíon seo suite i réigiún dá ngairtear go minic an Mhuir toisc go bhfuil a lán réaltbhuíonta uisciúla ann, mar shampla an Míol Mór, na hÉisc, an Abhainn, srl. Uaireanta, léirítear an Abhainn Eridanus agus í ag rith amach ó phota uisce an Uisceadóra.
Is é an tUisceadóir an t-ainm is minicí a úsáidtear, ach mar sin féin, molann Foclóir Réalteolaíochta an leagan Iompróir an Uisce mar théarma Gaeilge. Is dócha go bhfuil sé bunaithe ar an ainm Béarla Water-bearer, agus an téarma eile aistrithe díreach ón Laidin.
Clár ábhair |
[athraigh] Príomhghnéithe
I measc príomhréaltaí an Uisceadóra ná:
- α Aquarii, Sadalmelik ("duine ámharach an rí"), lonnaithe beagnach ar an meánchiorcal neamhaí;
- β Aquarii, Sadalsud ("an duine is ámharaí i measc an lucht áidh");
- γ Aquarii, Sadachbia ("réalt ámharach de rudaí folaithe");
- δ Aquarii, Skat nó Scheat ("lorga").
Comhdhéanann na réaltaí γ, ζ, η, agus π Aquarii astaireacht darb ainm an Próca, a léiríonn pota uisce an Uisceadóra.
Baineann dhá dhreigechith thábhachtacha leis an Uisceadóir: na Eta Acuairidí (4 Bealtaine nó i dtrátha an ama sin) agus na Delta Acuairidí (timpeall 28 Meitheamh), an dá chuid le chéile ag soláthar thart ar 20 dreige san uair.
[athraigh] Réada suntasacha domhainspéire
Tá trí cinn de na réada domhainspéire atá sa réaltbhuíon seo ar chatalóg Messier; sin iad an dá réaltbhraisle chruinneogach M2 agus M72, agus an réaltbhraisle oscailte M73.
Tá dhá réaltnéal pláinéadeach suite san Uisceadóir: NGC 7009, a dtugtar Réaltnéal Satairn air de bharr a chosúlacht don phláinéad, ar an taobh thoir theas de η Aquarii; agus NGC 7293, Réaltnéal cáiliúil an héilics, ar an taobh thiar theas de δ Aquarii.
[athraigh] Stair
Buanaíodh an réaltbhuíon sna seascaidí, dá ngairtear Aois an Uisceadóra. Níl aon sainmhiniú caighdeánach, áfach, ar aoiseanna astralaíocha; mar sin de d'fhéadfadh go dtosódh aois an Uisceadóra sa bhliain [2150]] nó fiú amháin 2660, de réir an tsainmhinithe a roghnaítear.
[athraigh] Miotaseolaíocht
Ionannaíodh an tUisceadóir ar shlite éagsúla i rith na n-aoiseanna. De réir an mhiotais is iomráití, ionannaítear an tUisceadóir le Gainiméide, ógánach álainn ar thit Séas i ngrá leis, agus ar fhuadaigh sé go hOilimpeas é le bheith ina dháileamh do na déithe. Ionannaítear an Cupán lena chorn uaireanta.
Tríd is tríd, tá dealramh ag an Uisceadóir le cruth fir; má chuirtear réaltóga san áireamh atá níos doiléire ach infheicthe fós ag an tsúil fhornocht, téann an réaltbhuíon i gcosúlacht le deilbh fir, buicéad ina lámh aige agus sruth ag sní amach as. Ionannaíodh an tUisceadóir freisin leis an té a dhoirt amach uiscí na Díleann, a bháigh an domhan de réir leagan Gréagach an mhiotais sin. Sa chás sin, ionannaíodh réaltbhuíon na hAbhann, Eridanus, le habhainn atá an tUisceadóir a dhoirteadh amach.
Is féidir go mbaineann an tUisceadóir, i dteannta réaltbhuíon Pheigeasais, le bunús mhiotas Láracha Dhíoméide, atá páirteach le Dhá Shaothar Déag Earcail. Agus is cosúil go bhfuil gaol éigin idir an doirteadh amach aibhneacha, réaltbhuíon cóngarach an Ghabhair agus bunús scéal Stáblaí Áigéis, ceann eile den dá shaothar déag.
[athraigh] Astralaíocht
De réir astralaíocht an Domhain Thiar, tá baint ag comhartha an Uisceadóra (Eanáir 20 - Feabhra 18) leis an réaltbhuíon den ainm céanna.
De réir cúpla cosmeolaíocht, baineann an tUisceadóir le dúil chlasaiceach an Aeir, agus mar sin de aithnítear mar chomhartha an aeir é (i dteannta na Meá agus an Chúpla). Tá sé freisin ar cheann de na ceithre Chomhartha Dhaingeana (i dteannta an Leoin, na Scairpe, agus an Tairbh). Is é an Leon is frithchomhartha polach an Uisceadóra, agus is é Uránas is pláinéad ceannasach leis (sular aimsíodh Uránas, ba é Satarn a mheastaí mar phláinéad ceannasach an Uisceadóra).
Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn sin mar ionad a chumhachta. Rialaíonn an tUisceadóir an córas imshruthaithe chomh maith leis na murnáin. Is é an tsiombail atá ar an Uisceadóir ná iompóir an uisce. I measc tréithe an Uisceadóra áirítear: cumas an scéal ar fad a thuiscint, nádúr cairdiúil neamhfhoirmiúil, géire mheabhrach (go fiú ardintleacht), agus intlíocht.
[athraigh] Réaltaí
[athraigh] Féach fosta
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Yale Bright Star Catalog
- an tUisceadóir ar shuíomh Robin Gatter
- Ian Ridpaths's Star Tales
- an tUisceadóir agus miotaseolaíocht an Domhain
- an tUisceadóir ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an tUisceadóir
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an tUisceadóir
[athraigh] Tagairtí
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0486236730.
Réalteolaíocht | Réaltbhuíonta an Stoidiaca | Astralaíocht |
an Reithe | an Tarbh | an Cúpla | an Portán | an Leon | an Mhaighdean | an Mheá | an Scairp | (Fear na bPéisteanna) | an Saighdeoir | an Gabhar | an tUisceadóir | na hÉisc |
Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes |
an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir |