Compás an Mhairnéalaigh
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Compás an Mhairnéalaigh |
|
---|---|
gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil |
|
Ainm Laidine | Pyxis |
Ginideach Laidine | Pyxidis |
Nod | Pyx |
Siombalaíocht | an Compás mairnéalaigh |
Dronairde | 9 h |
Diallas | −30° |
Achar | 221 céim cearnach Rangú: 65ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) |
0 |
Réalta is gile | α Pyx (méid 3.68) |
Dreigecheathanna | |
Réaltbhuíonta ar theorainn leis |
|
Infheicthe sna leithid idir +50° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Márta |
|
Réaltbhuíon bheag dheisceartach is ea Compás an Mhairnéalaigh a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille. Pyxis Nautica a thug sé air – focail Laidine a chiallaíonn "boiscín mairnéalachta". Is dócha gurbh é compás mairnéalaigh na Loinge Argo a bhí i gceist aige, cé nach mbaintí úsáid as an gcompás mairnéalaigh i ré na Sean-Ghréagach. Pyxis an t-ainm Laidine a thugtar air faoi láthair.
Sular chruthaigh Lacaille an réaltbhuíon seo bhí a chuid réaltaí páirteach i seanréaltbhuíon na Loinge, dá ngaireadh tráth Argo Navis. Bhí seanréaltbhuíon eile (nó astaireacht, b'fhéidir) sa cheantar seo na spéire darbh ainm Laidine Malus, .i. crann seoil.
Bí cúramach gan an réaltbhuíon seo a thógáil in abhraíocht réaltbhuíon an Chompáis, dá ngairtear Circinus as Laidin. Léiríonn an réaltbhuíon úd compás línitheora, uirlis a mbaintear úsáid as chun ciorcail, srl., a tharraingt.
Clár ábhair |
[athraigh] Príomhghnéithe
[athraigh] Réada suntasacha domhainspéire
[athraigh] Stair
[athraigh] Miotaseolaíocht
[athraigh] Réaltaí
[athraigh] Féach fosta
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Yale Bright Star Catalog
- Compás an Mhairnéalaigh ar shuíomh Robin Gatter
- Ian Ridpaths's Star Tales
- Compás an Mhairnéalaigh agus miotaseolaíocht an Domhain
- Compás an Mhairnéalaigh ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: Compás an Mhairnéalaigh
[athraigh] Tagairtí
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0486236730.
Réaltbhuíonta a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille sna blianta 1751 agus 1752 |
an tAerchaidéal | an Clog | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | an Dealbhóir | an Fhoirnéis | an Liontán | an Micreascóp | an tOchtamhán | an Péintéir | an Riail | an Siséal | an Tábla | an Teileascóp |