An Madra Mór
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
an Madra Mór |
|
---|---|
gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil |
|
Ainm Laidine | Canis Major |
Ginideach Laidine | Canis Majoris |
Nod | CMa |
Siombalaíocht | an Madra Mór |
Dronairde | 7 h |
Diallas | −20° |
Achar | 380 céim cearnach Rangú: 43ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) |
5 |
Réalta is gile | Sirius (α CMa) (méid −1.46) |
Dreigecheathanna |
Dada |
Réaltbhuíonta ar theorainn leis |
|
Infheicthe sna leithid idir +60° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Feabhra |
|
Tá an Madra Mór ar cheann de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha a nglacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo; tá sé ar cheann chomh maith de na 48 réaltbhuíon a d'aithin Tolamaes sa dara aois. Canis Major an t-ainm Laidine a thugtar air, a chiallaíonn an madra is mó. Deirtear gurbh é ceann den dá mhadra a bhí sna sála ag an sealgaire Oiríon (féach fosta réaltbhuíonta an Bhodaigh, an Mhadra Bhig, agus na Madraí Fiaigh) a bhí i gceist. Tá Sirius, an réalt is gile ar spéir na hoíche, sa réaltbhuíon an Mhadra Mhóir, agus tá an réalta sin ar cheann de thrí rinn Thriantán an Gheimhridh chomh maith.
Clár ábhair |
[athraigh] Príomhghnéithe
Cés moite den Ghrian, tá alfa-réalt an Mhadra Mhóir, Sirius, ar an réalt is gile faoi mar a fheictear ón Domhan í. Tá sí ar cheann chomh maith de na réaltaí is gaire dúinn (8.7 solasbhliain). Tugtar Réalt an Mhadra uirthi uaireanta; "loiscneach" a chiallaíonn an t-ainm Sirius.
Seo réaltaí eile i réaltbhuíon an Mhadra Mhóir a bhfuil ainmneacha éigin orthu (gach ainm ón Araibis):
- Murzim (β Canis Majoris)
- Muliphen (γ Canis Majoris)
- Wezen (δ Canis Majoris)
- Adara (ε Canis Majoris)
- Furud (ζ Canis Majoris)
- Aludra (η Canis Majoris)
[athraigh] Réada suntasacha domhainspéire
Níl a lán réad geal domhainspéire ar an gceantar seo na spéire. Is é an t-aon réad Messier amháin atá ar an Madra Mór ná M41 (NGC 2287), réaltbhraisle oscailte ar amharcmhéid 4.6. Tá sé lonnaithe thart ar 4 chéim díreach ó dheas de Sirius.
Sa réaltbhuíon seo faightear freisin Abhacréaltra an Mhadra Mhóir, abhacréaltra nuafhionnta atá ag fithisiú Bhealach na Bó Finne.
[athraigh] Miotaseolaíocht
D'aithnítí an réaltbhuíon seo ag muintir an tseansaoil leis na cianta. San Eoraip i rith na ré clasaicí, léiríodh sé Laelaps, cú Acteon; nó uaireanta cú Procris, nimfeach Dhiána; nó an ceann a thug An Aróir do Chafalas, a bhí chomh cáiliúil sin ar son a luais gur ardaigh Séas aníos ar neamh é. Go coitianta, is é madra fiaigh Oiríon é Canis Major (nó b'fhéidir an réalt Sirius amháin), ar lorg an Ghiorria nó ag cabhrú le hOiríon agus é ag troid leis an Tarbh; agus is mar seo a luaití é i saothair Arátais, Hóiméir agus Héisiad. Dhéanadh na Sean-Ghréagaigh tagairt d'aon mhadra amháin, ach faoi ré na Rómhánach, tháinig an Madra Beag ar an láthair mar mhadra eile Oiríon.
De réir mhiotaseolaíocht na Róimhe, déantar tagairt don Mhadra Mór mar Custos Europae, sin le rá an madra a bhí ag faire Eorópa (ach theip air, mar d'fhuadaigh Iúpatar faoi ghné tairbh í); agus faoi dheireadh mar Ianitor Lethaeus nó Ceirbearas, is é sin le rá gadhar faire Ifrinn.
Ag brath ar an méid doiléire a chuirtear san áireamh, tá dealramh ag an Madra Mór le gadhar agus é ag tabhairt a aghaidh ar an taobh thuaidh nó ar an taobh theas den éiclipteach. De réir mhiotaseolaíocht na Sean-Gréige, agus an madra seo ag tabhairt a aghaidh ó dheas, cheaptaí uaireanta gur mhadra décheannach a bhíodh ann, ós rud é go bhféachtaí ar Sirius mar mhadra ina cheart féin. Maidir leis sin, b'fhéidir go bhfuil baint éigin ag an réaltbhuíon seo, i dteannta cheantar sin na spéire nach bhfuil aon réaltaí gile ann (a áirítear anois mar réaltbhuíonta nua an-dhoiléire an tSioráif agus na Lincse) agus i dteannta rann eile de chomhartha stoidiacach an Chúpla (.i. Bealach na Bó Finne, an Cúpla, an Bodach, an tAra agus an Madra Beag), le bunús mhiotas bhólacht Ghéaróin, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail.
[athraigh] Réaltaí
[athraigh] Féach fosta
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Yale Bright Star Catalog
- an Madra Mór ar shuíomh Robin Gatter
- Ian Ridpaths's Star Tales
- an Madra Mór agus miotaseolaíocht an Domhain
- an Madra Mór ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Madra Mór
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an Madra Mór
[athraigh] Tagairtí
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0486236730.
Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes |
an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir |