Neil Young
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is ceoltóir as Ceanada é Neil Percival Kenneth Robert Ragland Young, nó Neil Young de ghnáth (rugadh 12 Samhain, 1945). Is cumadóir, amhránaí agus ceoltóir cáiliúil é Young, ó thús a shaoil sa cheol sna 1960í go dtí an lá atá inniu ann. I rith na mblianta, sheinn Young le cúpla banna agus mar cheoltóir aonair. Is ceoltóir tábhachtach é Young atá tar éis tionchar bheith aige ar a lán daoine eile.
Canann Young i nguth ard sainiúil, agus go bunúsach tá dhá phríomhsheánra le clositeáil ar a chuid albam: ceol tradisúnta suaimhneach ar thaobh amháin, agus rac-cheol ard agus salach ar an taobh eile. Chomh maith leis sin, bhain Young triail as go leor seánraí trí na blianta.
Ar dtús, bhí cáil ar Young mar bhall den bhanna Buffalo Springfield, sna 1960í. Ach shroich Young a bhuaic sna 1970í mar cheoltóir aonair, leis na halbaim After the Gold Rush agus Harvest. Sheinn sé freisin leis an “sárghrúpa” Crosby, Stills, Nash and Young. Bhí clú agus cáil ar Young, ach ní raibh sé ar a shuaimhneas ag seinm ceol tráchtála. Dá bharr sin, thosaigh sé ag seinm ceoil a bhí i bhfad níos trialaí, agus chaill sé a chonradh le Geffen sna 1980í tar éis cúpla albam ait.
Clár ábhair |
[athraigh] Tús a shaoil
Rugadh Young i dTorontó i 1945, mac le húrscéalaí agus iriseoir spóirt Scott Young, agus a bhean chéile Rassy. Bhí roinnt cáile ar an athair mar scríbhneoir, agus a mháthair freisin nuair a ghlac sí páirt i dtráth na gceist ar an teilifís i gCeanada. Bhí saol maith ag Young mar bhuachaill, ach bhí roinnt fadhbanna sláinte aige - fuair sé polaimiailíteas agus é sé bliana d'aois, agus ansin an tinneas beannaithe níos déanaí.
Thosaigh Young ag seinm ceoil le daoine éagsúla sa scoil, agus sheinn sé an giotár le bannaí rac-cheoil i Winnipeg, mar shampla The Squires. Bhí singil mór áitiúil acu i Winnipeg ag am amháin, ach ba mhaith Young seinm ina aonar sna clubanna tradisiúnta freisin. Bhuail sé le Stephen Stills ag an am seo, agus Joni Mitchell, ar Ceanadach í féin freisin.
[athraigh] Buffalo Springfield
I 1966, d'fhág Young a bhanna agus a gcairde, agus thiomáin sé go dtí Los Angeles, i eileatram a cheannaigh sé le h-ainm Mort. I gCalifornia, bhuail sé le Stephen Stills arís. Thosaigh siad banna le chéile, le Bruce Palmer agus amhránaí Richie Furay, leis an t-ainm Buffalo Springfield. Sheinn an banna nua saghas ceoil a bhí idir ceol tradisiúnta, ra-cheol agus ceol-tire. Bhí tacaíocht láidir ag an banna, agus bhí rath acu leis a gcéad albam Buffalo Springfield, leis an singil “For What It’s Worth”, amhrán a chum Stills. Ach nuair a thosaigh siad ag ullmhú an t-albam ina dhiaidh, bhí coimhlint ag fás idir Young agus Stills, na príomh cumadóirí san bhanna. Thosaigh siad ag déanamh an t-albam nua, ach thosaigh Young ag seinm níos mó ina aonar. Tháinig an t-albam nua, Buffalo Springfield Again amach i 1967 , agus chuir Young cúpla amhráin iontach air. Bhí rath ag an t-albam arís, ach shocraigh Young go raibh sé críochnaithe leis an bhanna. I 1968, bhris an banna suas go h-oifigiúla.
[athraigh] Ina aonar
Bhí Young i bhfad níos compórdach ag obair ina aonar. Bhí a stíl féin aige, agus bhí sé deacair dó obair le daoine eile. Bhí a lán muinín aige ina cheol féin. Rinne sé cúpla amhráin le leirtheoir Jack Nitzche, duine amhán a bhí ábalta Young a thuiscint. Shínigh sé conradh le bainisteoir Elliot Roberts, fear a bhí ag obair le Joni Mitchell freisin. Chuaigh Young agus Nitzche go díreach ag obair ar a chéad albam, Neil Young a sheoladh amach i 1969. Ceol cosúil leis na rudaí a rinne sé le Buffalo Springfield ab ea é, agus bhí rath beag ag an t-albam.
[athraigh] Crazy Horse
Bhí Young níos sásta seinm ina a aonar, ach ba mhaith leo freisin banna a úsáid chun amhráin níos rac-cheoile a sheinm. Ba mhaith leis difriúl a dhéanamh ar an t-albam ina dhiadh. Bhuail sé leis The Rockets i gCalifornia, banna beag a sheoladh a albam féin i 1968. Banna guthach ab ea iad The Rockets ar dtús, agus mar thoradh ní raibh ceoltóirí an-mhaith iad. Chun na fírinne a rá, aimeanta eígean bhí siad go dona. Ach bhí suim ag Young fós, mar cheap sé gurb banna íon iad, le a lán paisean. Chomh maith le sin, amhránaí maith ab ea é Danny Whitten, agus le Billy Talbot ar an dhord-ghiotár agus Ralph Molina ar na drumaí, bhí banna nua acu. Rognaigh Young an t-ainm Crazy Horse, ón té stairiúl leis an t-ainm céanna. Rinne said albam nua ar fad i dhá seachtaine, Everybody Knows This is Nowhere, leis na h-amhráin cáiliúla “Cowgirl in the Sand” agus “Down by the River”. Toradh an-mhaith ab ea é, agus bhí Young an-sásta leis.
[athraigh] Crosby, Stills, Nash agus Young
Ag an am sin, bhí banna nua ag a sheanchara Stephen Stills, le David Crosby ó The Byrds agus an cheoltóir Sasanach Graham Nash ó The Hollies. Crosby, Stills agus Nash ab ea iad, sárghrúpa, le triúr de na ceoltóirí is coitianta ag an am. D'aontaigh Young seinm leis an bhanna ar feadh tamaill. I rith an bhliain ina dhiaidh sin, sheinn Young leis an bhanna ag Woodstock, agus sheol siad amach na h-albaim rathúil Déjà Vu i 1970 agus Four Way Street i 1971.
[athraigh] Ina aonar arís
Chuaigh Young ar ais le chéile le Crazy Horse, and rinne sé cuid den a albaim is fearr, After the Gold Rush i 1970. Rath tráchtála ab ea é, mar bhí Young níos cáiliúla tar éis a obair le CSNY. Ba singil mór é “Only Love Can Break Your Heart”, agus fuair an t-amhrán “Southern Man” freagra ón bhanna Lynyrd Skynyrd leis a h-amhrán “Sweet Home Alabama”.
Fuair Crazy Horse a gconradh féin, agus fuair Young ceoltóirí nua chun a albam nua a dhénamh. Fuair sé ceoltóirí ceol-tíre, agus thug sé an t-ainm The Stray Gators dóibh. Rinne said an t-albam láidir Harvest, agus bhí sé an-rathúil arís. Chuaigh an t-amhrán “Heart of Gold” go dtí barr na chartái sna SAM. Ag an am céanna, bhí The Eagles ag seinm ceol-tíre freisin, agus bhí a lán suim i saghas ceoil seo. Ach tar éis na blianta a bhí aige gan a lán rath, ní raibh Young réidh chun a bheith duine cáiliúl. Mar thoradh, dhiúltaigh sé an aire a fuair sé. Mar a dúirt sé níos déanaí:
Chuir “Heart of Gold” mé i lár na bóithre. Ag taisteal anseo a bhí leadránach, mar sin chuaigh mé do dtí an claí. Turas níos gairbhe, ach chonaic mé daoine níos suimiúla anseo.
[athraigh] 1970í
Ar 8 Meán Fómhair 1972, rugadh mac Zeke ag Young agus bhean-chéile, banaisteoir Carrie Snodgress. Rugadh Zeke le pairilis cheirbreach, agus scaradh Young agus Snodgress i 1975. Lean Young ar aghaidh ag obair ar albam nua le Crazy Horse, Time Fades Away. I gceann tamall, chuir sé Danny Whitten amach as an bhanna, mar bhí andúil héarón aige, agus ní raibh sé ábalta seinm. Go díreach tar éis seo, thóg Whitten ró-dhaileóg, agus fuair sé bás ar 18 Samhain, 1972. Tubaiste an-mhór ab ea é do Young.
Thosaigh Young banna nua The Santa Monica Flyers, go bunúsach ceoltóirí as Crazy Horse agus Nils Lofgren ag seinm an ghiotár. Tréimshe deacair ab ea é do Young, agus bhí an t-albam a rinne siad, Tonight’s the Night, an-salach agus callánach. Ní raibh an chomhlacht ceol sásta leis in aon chor, agus níor sheol siad é amach ar feadh dhá bhliaina. Ní raibh an t-albam an-rathúil, ach ceirnín suimiúl ab ea é agus beagnach cosúil le punk-rac, a bhéadh coitianta níos déanaí. Sheoladh an t-albam On the Beach i 1974.
Chun a albam nua a dhéanamh, chuir Young Crazy Horse ar ais le chéile agus rinne siad an t-albam Zuma, ceirnín rac-cheoile. Thóg Frank Sampedro áit Danny Whitten ar an ghiotár. Chuaigh Young ar ais le chéile leis a sheanchara, nó namhaid b’fhéidir, Stephen Stills. Rinne siad an t-albam Long May You Run le chéile, ach d’fhág Young i lár an turas. I 1976, sheinn Young leis The Band, Joni Mitchell agus daoine eile ag an cheolchoirm mór The Last Waltze. Rinne Martin Scorcese scannán as an cheolchoirm, agus bhí air obair deacair a dhéanamh chun píosa cócaon mór a bhí le feiceáil i srón Young.
Lean Young ar aghaidh i 1977 le American Stars’n’Bars, ceoltíre arís agus cosúil le Harvest, agus Comes a Time i 1978. Ach chuaigh Young i slí nua tar éis seo leis an turas Rust Never Sleeps. Sheinn sé leath den cheolchoirm le Crazy Horse, agus an leath eile ina aonar le giotár fúaimiúl. Bhí rac-punc ag briseadh amach ag an am céanna, ach bhí Young ábalta é a thuiscint, agus a stíl a athrú. "Hey Hey, My My (Into the Black)” ab ea amhrán mór ag an am. Luaigh Young na ceoltóirí Johnny Rotten agus Elvis Presley san amhrán, agus sheinn Rotten amhrán Young ar stáisíín raidio i Londain. Chuir Young amach na h-albam Rust Never Sleeps agus Live Rust, agus léirigh sé an scannán Rust Never Sleeps, leis an t-ainm cleite Bernard Shakey (is é Shakey ainm cleite a úsáideann Young go minic).
[athraigh] 1980í
Bhí Young gnóthach fós sna 1980í, ach ní raibh a lán rath aige. Sheol sé na h-albaim Hawks & Doves agus Re-ac-tor. Tar éis sin, thosaigh sé ag seinm ceol a bhí an-trialach agus ait. An t-albam is trialacha ab ea é Trans, a sheoladh i 1982. Ceol eleictronic ab ea é, le éiféactaí agus teicneolaíocht nua. Bhí a lán suim ag Young i gcúrsaí teicneolaóichta, mar ní raibh a mhac nua Ben ábalta caint mar bhí paralsis ceiribeach aige freisin. Bhunaigh Young agus a bhean an Bridge School i 1986 chun Ben agus páistí eile a chabhair.
[athraigh] 1990í
Tháinig Young ar ais i bhfaisean go tobann sna 1990í. Chuair sé amach albam nua Ragged Glory le Crazy Horse, agus sheinn sé le cúpla bannaí a bhí ag éirí rathúila ag an am, mar shampla Sonic Youth agus Soundgarden. Dúirt cuid de na "grunge" bannaí go raibh tionchar mór ag Young ar a gceoil, agus tugtar an t-ainm "athair baistí grunge" dó. Nuair a chuir ceannaire Nirvana Kurt Cobain a lámh ina bhás féin i 1994, chuir sé líne ó amhrán Young ina nóta féin-mharúa "It's better to burn out than to fade away". Thosaigh Young cairdeas freisin le Pearl Jam, agus sheinn siad le chéile ar MTV. Mar thoradh, thosaigh a lán daoine ón nglúin níos óige ag cloisteáil le ceol Young freisin. D'úsáid Young an banna Pearl Jam arís nuair a rinne sé an t-albam Merkinball. Chomh maith sna 1990í, sheoladh amach albam nua a bhí an-choitianta, Harvest Moon, agus sheinn sé ar MTV Unplugged. Rinne an stiúrthóir scannáin Jim Jarmusch scannán faisnéise dar teideal The Year Of The Horse le Neil Young. Bhí an scannán faisnéise bunaithe ar thuras 1996 le Neil Young agus Crazy Horse.
[athraigh] Saothair
[athraigh] Albaim
[athraigh] Le Buffalo Springfield
- 1967 Buffalo Springfield
- 1967 Buffalo Springfield Again
- 1968 Last Time Around
- 1973 Buffalo Springfield
- 2001 Box Set
[athraigh] Le Crosby, Stills, Nash agus Young
- 1970 Déjà Vu
- 1971 Four Way Street
- 1974 So Far
- 1988 American Dream
- 1999 Looking Forward
[athraigh] Ina aonar
- 1969 Neil Young
- 1969 Everybody Knows This Is Nowhere (le Crazy Horse)
- 1970 After the Gold Rush
- 1972 Harvest (le The Stray Gators)
- 1972 Journey Through the Past
- 1973 Time Fades Away (le The Stray Gators)
- 1973 Tonight's the Night (le The Santa Monica Flyers, sheoladh amach i 1975)
- 1974 On the Beach
- 1975 Zuma (le Crazy Horse)
- 1976 Long May You Run (le Stephen Stills, "Stills-Young Band")
- 1977 American Stars'n'Bars
- 1977 Decade
- 1978 Comes a Time
- 1979 Rust Never Sleeps (le Crazy Horse)
- 1979 Live Rust (le Crazy Horse)
- 1980 Where the Buffalo Roam
- 1980 Hawks & Doves
- 1981 Re-ac-tor (le Crazy Horse)
- 1982 Trans
- 1983 Everybody's Rockin' (le Shocking Pinks)
- 1985 Old Ways
- 1986 Landing on Water
- 1987 Life (le Crazy Horse)
- 1988 This Note's for You (le The Bluenotes)
- 1989 Eldorado (EP) (le The Restless)
- 1989 Freedom
- 1990 Ragged Glory (le Crazy Horse)
- 1991 Weld (le Crazy Horse)
- 1991 Arc (le Crazy Horse)
- 1992 Harvest Moon
- 1993 Lucky Thirteen
- 1993 Unplugged
- 1994 Sleeps With Angels (le Crazy Horse)
- 1995 Mirror Ball (le Pearl Jam)
- 1996 Dead Man (fuaimrian)
- 1996 Broken Arrow (le Crazy Horse)
- 1997 Year of the Horse (le Crazy Horse)
- 2000 Silver & Gold
- 2000 Road Rock Vol. 1
- 2002 Are You Passionate? (leBooker T. & the M.G.'s agus Crazy Horse)
- 2003 Greendale (le Crazy Horse)
- 2004 Greatest Hits
- 2005 Prairie Wind
- 2006 Archives volume 1
- 2006 Living With War
[athraigh] Scannáin
Mar léiritheoir Bernard Shakey, Shakey Pictures:
- 1974 Journey Through the Past
- 1982 Human Highway
- 2003 Greendale
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Suíomh oifigiúl - déanta ag Young féin