Nirvana
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Nirvana | |
---|---|
![]() |
|
Bunús | {{{bunús}}} |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Gníomhach | 1990 – an lá inniu |
Seánra(í) | Rac-cheol, rac malartach |
Lipéad/lipéid | Sub Pop, DGC Records |
Baill | Kurt Cobain Krist Novoselic Dave Grohl |
Iar-bhaill | Pat Smear Chad Channing Danny Peters Jason Everman Dale Crover Aaron Burckhard |
Suíomh Gréasáin/ suímh Ghréasáin |
Nirvana ar suíomh Interscope |
Banna rac-cheoil, nó rac malartach as Seattle, SAM é Nirvana. Bhí fuaim nua ag Nirvana, a bhí áit éigean idir punc-rac agus rac malartach. Tugtar "grunge" ar an saghas ceoil seo, agus ba é Nirvana an banna is mó a tháinig as Seattle ag an am. Bhí tionchar mór ag an mbanna nuair a chuaigh a halbam Nevermind go barr na gcartaí i 1992, leis na hamhráin cáiliúla Smells Like Teen Spirit, Come As You Are, Lithium agus cúpla eile. Fuair Nirvana clú agus cáil go tobann, agus meastar gurb banna an-tábhachtach é i gcúrsaí ceoile agus san chultúr go ginearálta. Cuireadh deireadh leis an mbanna i 1994, tar éis bás amhránaí agus cumadóir Kurt Cobain.
[athraigh] Stair
Thosaigh Kurt Cobain agus Krist Novoselic ag seimn le chéile sa bhaile beag Aberdeen, Washington, nuair a bhí siad sna déagaí. Chum Kurt a amhráin féin, agus bhunaigh siad banna le drumadóir Chad Channing. Rinne Nirvana a gcéad albam Bleach i 1989, i Reciprocal Studios le Jack Endino. Ceol grunge a ba é an albam, comhcheangal idir miotal trom agus punc-rac. Sa bhlian seo, thosaigh siad ag seimn i ngach áit is chomh féidir, i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i mBreatain.
I 1990, fuair Nirvana drumadóir nua, leaid óg le hainm Dave Grohl, as an bhanna Scream. Bhí Grohl gasta agus láidir, agus bhí sé i bhfad níos oiriúnach don bhanna. Lean siad ar aghaidh ag seinm ar fud an domhain. I 1991, shínigh Nirvana conradh le DGC Records, comhlacht ceoil móra. Sa samhradh, chuaigh siad go Los Angeles chun a h-albam nua a dhéanamh. An am seo, d'oibrigh siad le Butch Vig. Toradh an obair ab ea an t-albam Nevermind.
Bhí an banna ar thuras san Eoraip, nuair a bhí an phléascadh grunge ar siúl sa bhaile. Bhlian seo caite, ba banna beag suimiúl iad, ach anois bhí a h-albam ag barr na chartaí, a h-amhrán Smells Like Teen Spirit ar an telifís agus an raidio an lá ar fad, bhí gach saghas daoine ag caint faoi mar banna stariúil, agus Kurt mar "urlabhrái na glúine". Bhí iontas ar an banna, agus ní raibh siad ró-chompórdach leis a gcáil mór nua, Kurt go háirithe.
I 1992, ba é Nirvana an banna is mó sa dhomhain, agus is fíor a rá go raibh siad ag baint sult as. Fuair siad cúpla duaisenna ó MTV, agus bhí siad an banna ceannlíne sa Féile Reading, i mí Lúnasa. Chuir siad amach albam nua le h-ainm Incesticide an bhliain seo freisin.
Seoladh Nirvana a h-albam deireanach In Utero i 1993. Bhí an-rath acu le Nevermind, ach ba mhaith leo albam difriúl a dhéanamh. Mar sin, rinne siad an albam le Steve Albini, agus bhí an toradh níos callánach agus níos salach. Bhí Kurt agus an banna sásta leis, ach cheap a lán daoine go raibh sé ró-aisteach. Chuaigh siad amach ar an bhóthair arís, agus thóg siad Pat Smear leo freisin chun giotár a sheinm. I mí Deireadh Fómhair, sheinn Nirvana ar MTV Unplugged.
I mí Aibreán 1994, mharaigh Kurt Cobain é féin ina theach i Seattle. Bhí sé fiche seacht bhliana d'aois.
Tar éis Nirvana, thosaigh Krist Novoselic cúpla bannaí nua, mar shampla Sweet 75 agus Eyes Adrift. I 1995, thosaigh Dave Grohl an banna Foo Fighters, atá ag seinm fós.