Meice
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is cathair mhór í Meice (Araibis: Makkah al-Mukarramah, مكة المكرمة) san Araib Shádach, príomhchathair Chúige Mhakka. De réir dhaonáireamh 2004 is é líon a lucht cónaithe 1,294,168. Is í Meice an chathair is naofa san Ioslam, agus tá oilithreacht bhliaintiúil an hajj ar an chathair, uair amháin i saol an duine, ar na cúig dhualgais reiligiúnach atá ar gach Moslamach. Tarlaíonn an hajj i mí Du al-Hijja, an mí deireanach san fheisire luanach Ioslamach, agus glacann na milliúin Moslamach páirt ann gach bliain. Tá al-Masjid al-Haram ("An Mosc Naofa") suite sa chathair, agus is é an áit is naofa sa dhomhain, de réir na Moslamach.
[athraigh] Meice
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.