Web - Amazon

We provide Linux to the World


We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Gaeilge na hAlban - Vicipéid

Gaeilge na hAlban

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gaeilge na hAlban (Gàidhlig na h-Albann)
Á labhairt: in Albain, i gCeanada
Réigiún: Garbhchríocha na hAlban, Albain Nua
Cainteoirí san Iomlán: 61,000
Rang: (Ní sa chéad 100)
Líne ghinealaigh: Ind-Eorpais

 Ceilteach
  Oileánach    Gaelach
   Gaeilge na hAlban

Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: na hAlban
Rialaithe ag: Bòrd na Gàidhlig
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 gd
ISO 639-2 gla
ISO/DIS 639-3 gla
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Is ball de roinn na dteangacha Gaelacha de na teangacha Ceilteacha í Gaeilge na hAlban nó sa teanga féin, Gàidhlig; (IPA: /ˈga:lʲikʲ/). Sa roinn aduaidh nó Gaelach desna teangacha Ceilteacha, tá Gaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban, agus Gaeilge Mhanann, seachas an roinn Bhreatnach, ina bhfuil an Bhreatnais (na Breataine Bige), an Choirnis agus an Bhriotáinis. Síolraíonn na trí chineál Gaeilge ó Shean-Ghaeilge na hÉireann.

Is í Gaeilge na hAlban seanteanga na nGael in Albain, agus cé gur i nGarbhchríocha na hAlban atá a réimeas anois don chuid is mó, bhí sí i bhfad á labhairt sa chuid is mó den tír.

Tá áit ar leith aici i gcultúr na hAlban, agus aithníonn an chuid is mó de mhuintir na hAlban é seo, idir Ghaeilgeoirí agus Bhéarlóirí. Tá saibhreas beul aithris sa Ghaeilge, óir ba í teanga chultúr na mbard sna Garbhchríocha ar feadh na gcéadta bliain. Chuaigh an teanga i léig nuair a tosaíodh ar dhianleanúint a dhéanamh ar mhuintir na nGarbhchríoch agus ar a gcuid nósanna, go háirithe tar éis Catha Chulloden agus na Highland Clearances, ach cé go bhfuil roinnt dímheasa fós air, tá dul ar aghaidh anois san aitheantas oifigiúil agus cultúrtha a thugtar don teanga. Ba chirte Gaeilge na nGarbhchríoch a thabhairt ar Ghaeilge na hAlban an lae inniu, seachas Ghaeilge Ísiltír na hAlban nach leanann. Labhraítí Gaeilge Ísiltír na hAlban i ndeisceart na hAlban sul má tosaíodh ag labhairt an Scoitis nó 'Scots', teanga ghaolta leis an mBéarla. Níl aon fhianaise go raibh teorainn teangan mar atá teorainn chlocheolaíochta idir thuaisceart is deisceart na tíre. Ná níl an fhianaise sin le fáil, ach an oiread, idir logainmneacha Earra Ghàidheal agus Gàidheal Ghallaibh, mar shampla.

Clár ábhair

[athraigh] Foghraíocht

Tá 18 litir san aibítir mar atá i nGaeilge na hÉireann (ar nós 26 na dteangacha eile, ach j, k, q, v, w, x, y, agus z a fhágáil ar lár). Thugtaí ainmneacha crann ar na litreacha uair: ailm (elm), beith (birch), coll (hazel), dair (oak), agus mar sin de, ach níl sé seo anois á úsáid.

Ní bhaintí feidhm as 'h' san ortaghrafaíocht traidisiúnta, agus chuirtí séimhiú in iúl le ponc os cionn chonsain shéimhithe.

Bíonn fuaim na gconsan ag brath i bpáirt ar na gutaí mórthimpeall orthu. Is iad e agus i na gutaí caola agus a, o agus u na cinn leathana, go díreach mar atá i nGaeilge na hÉireann.

Mar an gcéanna, caol ri caol is leathann ri leathann (caol le caol is leathan le leathan).

Tugann sé seo le fios gur ghá do ghrúpa consain gutaí den chineál céanna a bheith ina thimpeall leis an bhfuaimiú a thabhairt i bhfios gan bhotún, mar go n-athraíonn consain áirithe a bhfuaimiú le gutaí caola ina dtimpeall seachas gutaí leathana: m.sh., féach an t i slàinte (/sla:ntSe/) and bàta (/ba:ta/). Don chuid is mó, ní bhaineann an riail seo don fhuaimniú. Mar shampla, cuirtear focla san iolra go minic leis an iarmhír -an. m.sh., bròg agus brògan ; ach, leis an riail litrithe a chur i bhfeidhm, is é an uimhir iolra atá ar taigh (teach) ná taighean (tithe).

In athraithe a chuir Bord Oideachais na hAlban ar aghaidh ó 1976, onwards, deineadh athraithe áirithe ar an riail seo. Mar shampla, ceadaítear togte in áit togta.

Agus feidhm á bhaint as an riail litrithe, ní soiléir amanta ar tugadh guta isteach ar son a fhuaime féin nó mar gheall ar an dtionchar atá aige ar an gconsan. San áit ar chóir an guta a fhuaimiú, úsáidtear an síneadh fada in Éirinn le seo a léiriú, ach in Albain léiríonn sé fad an ghuta, le cupla eisceacht le comhréir a chur in iúl (ní fheadar an bhfuil sé seo fíor – is céad-aistriúchán é seo).

Athraítear consain freisin nuair a leanann h iad. Is féidir gutaí gan strus a fhágtar ar lár sa chaint a fhágáil ar lár freisin sa scríobh neamhfhoirmiúil, m.sh., Tha mi an dòchas) > Tha mi'n dòchas (Tá dóchas agam).

Nuair a chuirtear eolas ar rialacha foghraíochta na Gaeilge, feictear go bhfuil an teanga scríofa dílis go maith don fhuaimiú. Ní fheictear mar seo é go minic do Bhéarlóirí a dhéanann iarracht feidhm a bhaint as rialacha fuaimithe na teangan sin le fuaim a bhaint as téacs i nGaeilge. Mar sin, is minic ainmneacha Gaelacha á rá mícheart ar fad ag Béarlóirí, m.sh., le hainmneacha mar SeònaidCaitlìn.

[athraigh] Fuaimniú

Fuaimnítear an chuid is mó de na litreacha mar a dhéantar i dteangacha eile na hEorpa, ach go bhfuil fuaimniú déadach ar <t> agus ar <d> (seachas an fuaimniú apical ar gnách i dteangacha eile), bíonn <l> dorcha de ghnáth agus cuirtear trill ar <r>. Tá fuaimniú ar leith ag consain shéimhithe: tá mh mar /v/ nó gan fhuaimniú; tá ch mar /x/; dh mar / j\ / nó /G/; th mar /h/, /?/ nó gan fhuaimniú. Bíonn <fh> gan fhuaimniú beagnach i gcónaí, gan ach trí eisceacht: fhèin, fhathast, fhuair (agus foirmeacha arna n-athrú uathu siúd ag an ngramadach).

Consain Gnáth-fhoirm   Foirm séimhithe  
  Leathan Caol Leathan Caol
b b b v v
c k ky kh khy
d d j * y
f f f gan fh. gan fh.
g g gy * y
         
Tábla de chonsain le fuaimniú garbh ag úsáid litriú an Bhéarla
  • Is fiú cupla sonra ginearálta a bhreacadh síos.

Cuirtear béim ar an gcéad siolla de ghnáth: m.sh. drochaid (/"droxatS/).

  • (Dá mbeadh an méid eolais seo, fiú, ag daoine, ní bheidís ag déanamh mífhuaimiú ar go leor ainmneacha sna Garbhchríocha. m.sh. fuaimnítear Mallaig - /"malek/.
  • Cé gur féidir níos mó ná focal amháin a bheith i logainm sa Ghaeilge, is tarlaíonn go minic go gcuirtear an strus in áit eile sa Bhéarla: Tyndrum (/tVin"drVm/) < Taigh an Droma (/t2i an "droma/).
  • Gné ar leith i bhfuaimíocht na Gaeilge, a bhfuil tionchar aige ar fhuaimniú na hAlban i gcoitinne, ná — cf. girl /gVr@l/ agus film /fIl@m/) go sátar gutaí cúnta idir chonsain áirithe nuair a bhuaileann siad le chéile; is é sin le rá, idir sonorants (<l> or <r>) agus i ndiaidh consain áirithe:
tarbh — /tar@v/
Alba — /al@pa/.
  • Is spéisiúil go bhfeictear an ghné seo, atá ag na teangacha Ceilteacha i gcoitinne, i dteangacha Indiacha freisin, agus is uathusan a gheibheann sé ainm, svarabhakti. Mar nach bhfeictear anois é ach sna teangacha is faide siar agus is faide soir desna teangacha Ind-Eorpacha, tugann sé seo tuairim dúinn go raibh sé sa Phróta-Ind-Eorpais, ach gur cailleadh é i lár a réimse san áit ar mhó an t-athrú teangan.

Déantar fuaimniú ar , <d> agus <g> i dtús focla, ach ní dhéantar é i lár ná ag deireadh focla:

duine — /dunj@/
bradan — /bratan/
balach — /bal@x/
Alba — /al@pa/.
  • Le

    agus <t>, is é an riail ná go bhfuaimnítear iad sa ghnáthmhodh (neamhghlórach) ag tús focail, ach go bhfuilid réamhanálaithe i lár nó ag deireadh focail (braitheann méid na difríochta seo ar an gcanúint):

cat — /kaCt/ nó /kaxt/.
  • Ní fhuaimnítear gutaí gan bhéim ag deireadh focla nuair a leanann focal ag tosú le guta é:

duine — /"dunj@/ an duine agad — /@n "dunj@ ak@t/ Is binne í an Ghaeilge dá bharr seo.

[athraigh] Gramadach

  • Is teanga infhillte í an Ghaeilge. Tugann ainmneacha a ngaol le focla eile le fios trí dhíchlaonaithe (ainmneach, tabharthach, ginideach, agus gairmeach), agus déantar réimniú ar bhriathra chun an aimsir (is iad na haimsirí simplí ná caite, fáistineach, agus foshuiteach; is iad na haimsirí cumtha ná an láithreach leanúnach, an caite leanúnach agus an fáistineach leanúnach), an modh (indicative, infinitive, imperative), agus an fhaí ghramadaí (gníomhach, céasta) a chur in iúl.

Tá roinnt rudaí suntasacha i ngramadach Ghaeilge na hAlban:

  • Tá ord na bhfocal mar atá sa Ghaeilge in Éirinn: Briathar-Ainmní-Cuspóir; níl an t-ord sin i mórán de theangacha an domhain.
  • Forainmneacha Réamhfhoclacha: Cuireann an Ghaeilge forainmneacha agus an chuid is mó de réamhfhocla le chéile i bhfoirmeacha cumtha, mar agam, agad, ris (dó).
  • Níl briathar amháin sa Ghaeilge a chiallaíonn rud a bheidh agat (en = have, it = avere, fr = avoir, sp = tener). Ina áit sin, deirtear go bhfuil rud ag duine.
tha taigh agam
an cat aig Iain
  • Forainmneacha béime: déantar idirdhealú idir gnáthfhorainmneacha, mar mi agus thu, agus na cinn béime, mise and thusa, srl., a chuireann duine amháin i gcéill seachas duine eile.
Mar shampla:
tha i bòidheach — tá sí go hálainn
tha ise bòidheach — tá sise go hálainn (seachas aon duine eile)

Feictear béim ghramadaí i gcásanna eile freisin:

an taigh aicese — a tigh siúd
chuirinnse — chuirfinnse
na mo bheachd-sa — i mo thuairimse
  • "Tá agus is": Tá dhá bhriathar sa Ghaeilge ar an mbriathar "to be": Tugann tha le fios gné éigin atá ag ainm nó ag forainm, ach is gnách is le hainm nó forainm a chur in iúl (to identify a noun or pronoun as a complement). (Is féidir 'is' a úsáid le cur síos nó gné a chur i gcéill ar ainm nó ar fhorainm, ach go ginearálta ní húsáidtear é mar seo ach i bhfoirmeacha ársa, m.sh., 'Is beag an t-iongnadh'
tha mise sgìth — tá mé tuirseach
is mise Eòghan
  • Is féidir, ámh, feidhm a bhaint as tha le rá gur rud áirithe atá i rud eile trí thréith a dhéanamh de:
tha mi nam Albannach — Tá mé im Albanach.
Is e Albannach a th'annam — Is Albanach atá ionam.


[athraigh] An tAlt

Tá níos mó ná alt deimhnitheach amháin sa Ghaeilge, ach níl aon alt neamh-dheimhnitheach ann:

an taigh — an teach
taigh — teach (a house)

Braitheann foirm an ailt (deimhnithigh) ar uimhir, inscne, chás agus chéadlitir an ainm.

(i). Le hainmneacha firinscneacha, ainmneacha, san uimhir uathu, úsáid an, am, agus an t-

an cat (agus le hainmneacha nach séimhítear)
am balach (le hainmneacha a thosaíonn le consain labial)
an t-òran (ainmneacha a thosaíonn le gutaí)

(ii). Nuair ar féidir túschonsan an ainm a shéimhiú, baintear feidhm as (a') in dhá chás:

a' chaileag (baininscneach san ainmneach agus sa tabharthach)
leis a' bhalach (firinscneach sa tabharthach agus sa ghinideach)

(iii). Sa bhaininscneach, ginideach, uimhir uatha, na agus na h- a úsáidtear:

na mara
na h-Albann

(iv). Leis an iolra (ainmneach agus tabharthach), tá rudaí níos éasca. Is gnách na mar alt, ach na h- a bhíonn againn má thosaíonn an t-ainm le guta:

na cait;
na h-àireamhan — na huimhreacha

(v). Braitheann foirm an ghinidigh iolra (nan nó nam) de réir mar a thosaíonn an t-ainm le labial nó a mhalairt:

nan cat — na gcat;
nam balach — na mbuachall.

[athraigh] Difríochtaí idir Gaeilge na hÉireann agus na hAlban

Tá Gaeilge na hAlban cosúil le Gaeilge na hÉireann, ach ní thuigfeadh formhór na gcainteoirí i dtír amháin mórán de chanúintí na tíre eile. Níl cuid de chanúintí Dhún na nGall chomh fada sin ó Ghaeilge na hAlban, mar a fheictear san abairt seo:

Gaeilge na hAlban — Ciamar a tha thu?
Gaeilge Uladh — Caidé mar a tá tú?
Gaeilge Chonnacht — Cén chaoi a bhfuil tú?
Gaeilge Dheiscirt na hÉireann — Conas atá tú?

Tá roinnt difríochtaí tábhachtacha, ámh. An rud a fheictear láithreach, ná go scríobhtar an síneadh fada mar ghraif (`) in Albain, seachas agúid (´) in Éirinn. Scríobhtar an focalfáilte mar fàilte i nGaeilge na hAlban. In Albain, is é cha(n) eil an (neg participle) san áit atá níl (giorrúchán de chan eil) in Éirinn an lae inniu, m.sh. (ceadaítear cha in Éirinn fós, ach níl sé in úsáid ach in áiteanna i dTír Chonaill):

Gaeilge na hAlban— Chan eil airgead agam.
Gaeilge na hÉireann — Níl aon airgead agam.

Tá "a" i roinnt focla i nGaeilge na hÉireann, acu "u" i nGaeilge na hAlban, m.sh, an focal Béarla agus Beurla faoi sheach. Tarlaíonn seo mar gheall ar an gcaighdeánú agus ar an athrú litrithe a chuir rialtas na hÉireann ar bun sa 20ú Aois.


GAEILGE GAIDHLIG
Gael Gaidheal
latha
oíche oidhche
isteach a-steach
scoil sgoil
páiste pàisde
údarás ùghdarras
oifig oifis
oscailte fosgailte
bliain bliadhain
raidió radio
rialtas riaghaltas
parlaimint pàrlamaid
oileán eilean
caint bruidhinn
slaghdán cnatan
bóthar rathad
aire ministear
i ann


* Ar nós Gaeltacht na hÉireann
** I nGaeilge na hAlban, ciallíonn sé seo an Bhriotáin.

[athraigh] Aitheantas oifigiúil

Tar éis neamhshuim agus dímheas ar feadh na gcéadta bliain ó rialtais éagsúla, tá Gaeilge na hAlban ag fáil roinnt aitheantais ar deireadh. Tá sí á múineadh sna scoileanna, ina measc scoileanna mar ar mheán teagaisc í. Tá feidhm á baint aisti freisin i rialtas áitiúil, Comhairle nan Eilean. Tá stáisiún raidió sa teanga ag an BBC, Raidio nan Gàidheal (agus bíonn comhchraoltacháin go rialta aige le Raidió na Gaeltachta, seirbhís raidió Gaeilge na hÉireann) Bíonn cláracha teilifíse sa teanga ar an BBC agus ar stáisiún ITV, go minic le fotheidil as Béarla. Tá stiúidió i Steornabhadh ag Grampian Television, a chuireann seirbhís ITV ar fáil i dtuaisceart na hAlban.

Mar sin féin, tá caint ar sheirbhís ar leith teilifíse i nGaeilge na hAlban, ar nós S4C sa Bhreatain Bheag agus TG4 in Éirinn. Mar a ceapadh sa Bhreatain Bheag, measadh nárbh fhearr na cláracha a shá isteach mar athraithe réigiúnda ar na príomhstáisiúin, mar nár leor é don 60,027 atá á labhairt, agus gur mhí-ádh é don 5,900,004 duine nach labhraíonn ach Béarla nó ´Scots´. Ach de réir dealraimh, níl sé soiléir gur 'mí-ádh' dóibh siúd é: taispeánann figiúirí féachana chlárach Gaeilge BBC amháin ar a laghad go mbreathnaíonn níos mó air ná Gaeilgeoirí na hAlban. Ná níl aon ghearáin á gcur ag an BBC mar gheall ar chláracha Gaeilge ar stáisiúin teilifíse an BBC, b'fhéidir mar go mbaineann daoine gan Ghaeilge ar bith taitneamh astu le fotheidil as Béarla.

Tá comharthaí bóthair Ghaeilge á gcrochadh ar fud na Gaeltachta de réir a chéile. Go minic níor ghá ach glacadh leis an litriú ceart desna logainmneacha, ach fiú leis seo, b'éigin dul i gcoimhlint le frith-Ghaelachas, atá láidir go maith fós in áiteanna. Déanann iriseoirí nuachtáin magadh go minic de chultúr agus de theanga na nGael, i mbealach nach gceadófaí maidir le haon ghrúpa eile, agus iarrann siad deireadh a chur le gach aon chúnamh ón rialtas.

Rinne an tSuirbhéireacht Ordanáis iarrachtaí le blianta beaga anuas botúin ar mhapaí a cheartú. D´fhógair siad i 2004 go ndéanfaidís iarrachtaí ceart a chur leis an aineolas a bhí ar an nGaeilge, agus cheapadar coiste le logainmneacha cearta a chur ar na mapaí.

Thar na blianta, ní bhfuair Gaeilge na hAlban an t-aitheantas céanna agus a fuair an Bhreatnais ó rialtas na Ríochta Aontaithe. Ach ó tháinig féin-riail chun saoil, tá níos mó suime á chur i gcúrsaí Albanacha, agus tá ré-bhille Gaeilge foilsithe ag Parlaimint na hAlban.

Is iad príomhthréithe an Bhille ná:

  • Aitheantas dlithiúil a thabhairt don Ghaeilge mar cheann de theangacha na hAlban
  • Bòrd na Gàidhlig, a chuirfeadh an Ghaeilge ar aghaidh, a fhoirfiú de réir dlí, chun feidhm agus tuiscint ar an dteangan a chur ar aghaidh
  • Iallach a chur ar Bhòrd na Gàidhlig Plean Náisiúnta Gaeilge a cheapadh chun go nglacfaí leis ag airí na hAlban
  • Iallach a chur ar eagraisí poiblí in Albain plean teangan Gaeilge a phlé maidir leis na seirbhísí a chuireann siad ar fáil.

Tar éis tréimhse comhairleacháin, nuair a cuireadh mórán iarratasaí chun an rialtais, an chuid is mó acu ag iarraidh an bhille a chur i dtreise, foilsíodh bille leasaithe, agus b'é an príomhleasú a deineadh ná go mbeadh treoir an Bhòird riachtanach anois de réir dlí (in ionad gan é a bheidh ach comhairleach).

Feictear inniu go ndearna Acht Oideachais 1872, a rinne neamhshuim iomlán den Ghaeilge, agus a d'fhág nár ligeadh do na glúnta Gaeil focal Gaeilge a labhairt sa seomra ranga, dochar mór don teanga.

Osclóidh an chéad mheánscoil a fheidhmíonn go hiomlán trí mheán na Gaeilge i nGlaschú i 2005. (Tá roinnt bunscoileanna lán-Ghaeilge agus meánscoileanna a dhéanann roinnt teagaisc as Gaeilge sa tír cheana féin.

Tá corradh is 500 go 1,000 cainteoirí dúchais in Alba Nua, ach tá a bhformhór aosta anois. I mí na Bealtaine 2004, d'fhógair an rialtas réigiúnda tionscnamh cistiúcháin le tacú leis an dteangan agus lena chultúr sa chúige. Shínigh rialtas na Ríochta Aontaithe an Carta Eorpach um Theangacha Réigiúnda agus Mionlach i dtaobh Ghaeilge na hAlban. Is eagras Iomairt Choilm Chille a dhéanann iarracht naisc a chothú idir Ghaeilgeoirí Éireann agus na hAlban.

[athraigh] Logainmneacha

  • Aberdeen — Obar Dheathain
  • Dundee — Dùn Dèagh
  • Edinburgh — Dùn Èideann
  • Fort William — An Gearasdan
  • Glasgow — Glaschù
  • Inverness — Inbhir Nis
  • Perth — Peairt
  • Stirling — Sruighlea
  • Stornoway — Steòrnabhagh

[athraigh] Ainmneacha pearsanta

Tá ainmneacha pearsanta Gaelacha ar leith ar nós Donnchadh, Dòmhnall. Tógadh ainmneacha ar iasacht ón Sean-Lochlannais, m.sh. Somhairle, Tormod. Tá foirmeacha ar leith d’ainmneacha ag a bhfuil ainmneacha gaolmhara i dteangacha eile na hEorpa, mar: Eòghan, Iain, Catrìona, Anna. Tugann an fhoirm ghairmeach de ainmneacha Gaelacha áirithe foirmeacha Béarla ar nós:

Seumas -> Sheumais -> Hamish
Màiri -> Mhàiri -> Vairi

Is iad na sloinnte Gaelacha is coitianta in Albain ná iad siúd a thosaíonn le Mac, ar nós Mac Gille Eathainn (MacLean). Tosaíonn an fhoirm bhaininscineach le Nic, dá bhrí sin, is ceart , Catrìona Nic a' Phì a bheith ar Catriona MacPhi as Gaeilge.

Tagann sloinnte eile as Albain as dathanna, mar shampla, : Bain (bàn/bán), Roy (ruadh/rua), Dow (dubh/dubh), Dunn (donn/donn).

[athraigh] Focail iasachta

Is de bhunadh Cheilteach formhór na foclaíochta i nGaeilge na hAlban. Tá roinnt iasachtaí ón Laidin, go háirithe i gcúrsaí eaglasta (eaglais, Bìoball), ón Lochlainnis (eilean, sgeir), ón Scoitis (sgealp, briogais) agus, i gcoitinne le teangacha eile na hEorpa, is gnách nuafhoclaíocht a chumadh de fhréamhacha Gréigise agus Laidine (telebhisean), fiú más tríd an mBéarla a tháinig siad. Cuireann fás in úsáid focla Béarla le gramadach Ghaelach orthu imní ar go leor. Mar shampla, is minic "watchigeadh" (faire) and "catcheadh" (breith) á úsáid ar Leòdhas, díreach mar a deireann cuid de mhuintir Ghaeltachtaí na hÉireann "matchannaí" ar chipíní nó lasáin, agus "ar mo bhicycle" in áit "ar mo rothar".

Ar an taobh eile den scéal, bhí tionchar ag an nGaeilge ar an Scoitis agus ar an mBéarla, go háirithe ar Bhéarla Caighdeánach na hAlban.

I measc na bhfocla a shíolraíonn ó Ghaeilge, tá whisky, slogan, brogue, jilt, clan, strontium, maraon le rudaí suntasacha i dtíreolaíocht na hAlban, mar shampla ben (beinn), glen (gleann) agus loch. Foinse: An Etymological Dictionary of the Gaelic Language, Alexander MacBain.

[athraigh] Féach freisin

  • Teangacha Gaelacha
  • Gaidhealtachd
  • Ní hionann Gaeilge na hAlban agus Scots, teanga Ísiltír na hAlban.
  • an Mòd, an fhéile chultúrtha Ghaelach a bhíonn in Albain 'chuile bhliain.

[athraigh] Naisc seachtracha

Vicipéid
Vicipéid le fáil as Gaeilge na hAlban freisin
athraigh Teangacha Ceilteacha
canol
Teangacha Gaelacha
(Q-Cheilteach)
Teangacha Breatnacha
(P-Cheilteach)
canol canol canol canol canol canol
Gaeilge · Manainnis · Gaeilge na hAlban | Briotáinis · Coirnis · Breatnais
canol
Féach: Teangeolaíocht · Na Ceiltigh
Our "Network":

Project Gutenberg
https://gutenberg.classicistranieri.com

Encyclopaedia Britannica 1911
https://encyclopaediabritannica.classicistranieri.com

Librivox Audiobooks
https://librivox.classicistranieri.com

Linux Distributions
https://old.classicistranieri.com

Magnatune (MP3 Music)
https://magnatune.classicistranieri.com

Static Wikipedia (June 2008)
https://wikipedia.classicistranieri.com

Static Wikipedia (March 2008)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com/mar2008/

Static Wikipedia (2007)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com

Static Wikipedia (2006)
https://wikipedia2006.classicistranieri.com

Liber Liber
https://liberliber.classicistranieri.com

ZIM Files for Kiwix
https://zim.classicistranieri.com


Other Websites:

Bach - Goldberg Variations
https://www.goldbergvariations.org

Lazarillo de Tormes
https://www.lazarillodetormes.org

Madame Bovary
https://www.madamebovary.org

Il Fu Mattia Pascal
https://www.mattiapascal.it

The Voice in the Desert
https://www.thevoiceinthedesert.org

Confessione d'un amore fascista
https://www.amorefascista.it

Malinverno
https://www.malinverno.org

Debito formativo
https://www.debitoformativo.it

Adina Spire
https://www.adinaspire.com