Gaeltacht
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Focal a chiallaíonn Gaelachas is ea Gaeltacht, ach úsáidtear go forleathan é (i mBéarla go háirithe) mar ainm ar na ceantair ina mbíonn an Ghaeilge mar phríomhtheanga an phobail. Ceantair Ghaeltachta is mó a ghlaonn Gaeilgeoirí iad féin ar na ceantair seo anois.
Is léir, áfach, go bhfuil go leor áiteanna sa Ghaeltacht ofigiúil, nach bhfuil mórán Gaeilge á labhairt iontu agus is fhada an lá ó a bhí sí mar phríomhtheanga an phobail iontu . Mar shampla, Cloch an Rón, An Achréidh agus Maigh Cuilinn (an uile i gContae na Gaillimhe), Ailt an Chorainn agus Gleann Bharr (i gContae Dhún na nGall), Oileán Acla, Iorras, Béal an Mhuirthead, agus An tSraith (i gContae Mhaigh Eo), Uíbh Ráthach (i gContae Chiarraí Dheas), agus Béal Átha an Ghaorthaidh (i gContae Corcaí).
Clár ábhair |
[athraigh] An Fhíor-Ghaeltacht
- Conamara, Gaillimh
- Corca Dhuibhne, Contae Chiarraí go háirithe in An Daingean/Dingle/Daingean Uí Chúis
- Tír Chonaill, Contae Dhún na nGall, go háirithe i nGaoth Dobhair, Cloích Chealeanna, agus ar an taobh thuaidh de na Rosann; Anagaire, Croithlí agus Rann na Feirste.
- Cúil Aodha, Contae Chorcaí
- Ráth Cairn (nó Ráth Chairn) agus Baile Ghib, Contae na Mí
- An Rinn, Contae Phort Láirge
- Ceathrú Thaidhg, Eachléim agus An Fód Dubh, Gaeltacht Mhaigh Eo
Úsáidtear leaganacha éagsúla den Ghaeilge ó Ghaeltacht go Gaeltacht.
Tugtar Gaidhealtachd nó Gaeltacht na hAlban ar na ceantair in Albain ina labhraítear Gaeilge na hAlban (nó Gàidhlig).
[athraigh] Gaeltachtaí Neamhoifigiúla
Tugtar teideal Gaeltachtaí Neamhoifigiúla ar cheantair nach bhfuil fós sa Ghaeltacht (Fíor/Breac Ghaeltacht) ach ina labhraítear Gaeilge fós. Níl go leor ceantair le fáil. Tá siad ag cur brú ar an Rialtas stádás oifigiúil a fháil.
- Uladh, Contae Aontroma in Iarthar Bhéal Feirste Gaeltacht Sheoige nó Gaeltacht Bhéal Feirste
- Laighean, Contae na Mí timpeall Ráth Cairn ach go háirithe i mBaile Átha Buí
Níl fhois acusan cathain a bheidh siad glactha mar Ghaeltachtaí oifigiúla Fós.
[athraigh] Nua-Ghaeltacht
Is í Nua-Ghaeltacht an t-ainm a cuirtear ar an smaoineamh Gaeltachtaí nua a thógáil i mBÁC agus cathracha eile sa tír an Ghaeilge a athbheochnú.
[athraigh] Foinsí
- Ó Tuathathaigh G, Ó Laoire L L, Ua Súilleabháin (eag) 2000 Pobal na Gaeltachta a Scéal agus a Dhán,Indreabhán Conamara: Cló Iar-Chonnachta.