Buenos Aires
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is í Buenos Aires príomhchathair fheidearálach na Airgintíne, agus tá sí lonnaithe ar bhruach thiar na h-abhann Rio de la Plata a dhéanann teorainn idir an Airgintín agus Uragua. Tá timpeall 12 milliún duine ina gcónaí ann. Is ceann de na cathracha is mó daonra í Buenos Aires i Meiriceá Theas. Tá an chuid is mó den daonra de bhunús Spáinneach nó Iodáileach. Is í an Caitleachas Rómhánach an reiligiún is coitianta i measc na ndaoine.
[athraigh] Stair
Bhunaigh Pedro de Mendoza an baile ar 4 Feabhra 1536 ag deilt na h-abhann Rio de la Plata agus é ag lorg óir. Thug sé an t-ainm Nuestra Señora Santa Maria del Buen Ayre nó Ár mbantiarna Naomh Muire an dea-aeir ar an mbaile. Bhí ar na Spáinnigh an baile a thréigint i 1541 de bharr na n-ionsaithe a rinne na daoine ón áit ar an mbaile. Bhunaigh Juan de Garay cóilíneacht nua buan ar an áit i 1580. Rinnneadh príomhchathair Ríocht de la Plata i 1776 den baile. Is suíomh an rialtais feidearálaí agus príomhchathair na tíre í ó 1880.