Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eaglais de chuid na Críostaíochta atá san Eaglais Chaitliceach Rómhánach. An Eaglais Chaitliceach an t-ainm a thugann sí uirthi féin, ach tá eaglaisí eile a úsáideann an téarma, cé go bhfuil garghaol cleachta agus cumarsáide acu leis an eaglais Rómhánach, don chuid is mó. Ceann de na rudaí is léir láithreach sa Chaitleachas Rómhánach ná go bhfuil cumhacht lárnach ann, a thosaíonn leis an bPápa, agus a dháiltear go cúramach trí cheapadh easpaig ón Róimh féin. Is é Pápa Beinidict XVI ceannaire na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí anois.
Ón nGréigis a thagann an focal, a chiallíonn domhanda. Is í an eaglais Chríostaíoch is mó ar domhan,agus cé go bhfuil Caitlicigh i mbeagnach gach tír ar domhan, is é an príomhchreideamh i gcuid mhór den Eoraip, de Mheiriceá Thuaidh agus go háirithe Meiriceá Theas agus Láir, agus áiteanna san Áise, mar na Filipínigh. De réir mar atá an daonra ag fás i dtíortha mar na Filipínigh, tíortha éagsúla san Afraic agus i Meiriceá Láir agus Theas, tá cumhacht á leathadh de réir a chéile do na háiteanna sin. Ar an taobh eile den scéal, tá titim mhór i bpáirtíocht agus i gcleachtadh an chreidimh seo sna tíortha a bhí i lár staire an chreidimh, m.sh. sa Spáinn, san Iodáil, sa Fhrainc agus in Éirinn féin.