Sochtheangeolaíocht
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Brainse den teangeolaíocht is ea í an tsochtheangeolaíocht a dhéanann staidéar ar an dóigh a mbíonn an tsochaí, caighdeáin agus normanna na sochaí, an cultúr, an coimhthéacs agus an cineál iompraíochta a mbítear ag súil leis uait ag imirt a dtionchair ar an teanga agus ar an úsáid a bhaintear as an teanga.
Cúis spéise don tsochtheangeolaí is ea freisin na difríochtaí atá inaitheanta ar na canúintí a labhraíonn dreamanna éagsúla nach ionann iad ó thaobh saintréithe sóisialta de, cosúil leis an dúchas, an reiligiún, an stádas sóisialta, an gnéas, an t-oideachas agus araile, agus conas a aithnítear ionad an duine sa tsochaí ar na difríochtaí cainte agus canúna. Cosúil leis an dóigh a mbíonn an chaint difriúil in áiteanna difriúla (na canúintí i gciall cheart an fhocail sin "canúint", is é sin, na canúintí áitiúla nó réigiúnda), bíonn canúintí éagsúla ag dreamanna éagsúla sa tsochaí, agus is iad na canúintí seo - na canúintí sóisialta - is ábhar taighde don tsochtheangeolaíocht.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.