Leonardo da Vinci
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ailtire, ceoltóir, cumadóir, innealtóir, dealbhóir, agus péintéir ab ea Leonardo di ser Piero da Vinci (15 Aibreán, 1452 – 2 Bealtaine, 1519).
Mac dlíodóra, rugadh é i gceantar Vinci i bhFlórans i 1452. Rinne sé staidéar ar an ealaín don chead uair faoi Verrochio, agus thosaigh é mar ealaíontóir neamh-spleách i 1477. Bíodh nach raibh a shaothar ealaíonta chomh líonmhar san bhain sé clú domhanda amach mar sin féin. Ar a shaothair is mó clú tá ‘An Suipéar Déanach’ agus ‘An Mona Lisa’.
Chuir da Vinci i gcuntas a shaothar taighde — i leabhair nóta, a bhí lán de nótaí inspéise agus de léaráidí gléineacha, a bhí scríofa ón dtaobh dheas go dtí an taobh chlé i scríbhinn léargais. Bhí anatamaíocht an choirp, fás an linbh sa bhroinn, dlíthe tonn agus sruth, dlíthe eitilte, geolaíocht, fisic agus réalteolaíocht ar ábhair léinn an fhir iontach seo. Cheap sé paraisiút, inneall eitilte, agus fomhuireán chomh maith.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.