Web - Amazon

We provide Linux to the World


We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Ailtireacht - Vicipéid

Ailtireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ealaíon agus eolaíocht ar dhearadh foirgnimh atá san Ailtireacht. Chlúdódh sainmhíniú níos leithne dearadh na timpeallachta, ó leibhéal macro pleanáil bailte, dearadh cathartha, agus ailtireacht tírphictiúra go leibhéal micro dearadh troscán nó dearadh táirgí.

An Parthenon ar an Acropolis, san Aithin, An Ghréig
Méadaigh
An Parthenon ar an Acropolis, san Aithin, An Ghréig

Clár ábhair

[athraigh] Scóp agus cuspóir

De réir an chéid saothair ar an ábhar atá fós idir lámha againn, De Architectura le Vitruvius, ba chóir go mbeadh Áilleacht (Venustas), Buaine (Firmitas) and Áisiúlacht (Utilitas) a bheith ag forgneamh maith; féadtar a rá gur chothramú agus comheagrú na príomh-thréithe a bhaineann le ailtireacht, gan aon cheann acu ag sárú na cinn eile. Leagan sainmhíniú nua-aoiseach an bhéim ar conas mar a fhreagraítear ceisteanna aestéiticúla, structúrtha agus feidhmiúla.

Gnó ilbhéasach is ea an ailtireacht, agus baineann sí feidhm as matamaitic, eolaíocht, ealaíon, teicneolaíocht, eolaíochtaí sóisialta, polaitíocht, stair, fealsúnacht, agus béasa eile nach hiad. I bhfocla Vitruvius', "Eolaíocht is ea í an ailtireacht, a shíolraíonn as go leor béasa eile, atá gléasta le saibhreas agus le raidhse foghlama: lena gcúnamh siúd déantar breithiúnas ar na saothair a thagann ó na healaíona eile". Molann sé gur chóir d´ailtire bheith cleachtaithe in ábhair ar nós ceol, réalteolaíocht, srl. Cuirtear béim ar leith ar an bhfealsúnacht; cluintear caint go minic ar fhealsúnacht ailtirí ar leith, nuair a bhíonn a bhealach oibre i gceist.

An Colosseum, sa Róimh, An Iodáil
Méadaigh
An Colosseum, sa Róimh, An Iodáil

[athraigh] Teoiric agus cleachtadh

Is deacar dul thar fóir le tábhacht an teoiric ar an gcleachta, cé nach mbacann a lán ailtirí le teoiric. De réir Vitruvius : "Is é an cleachta agus teoiric a thuistí. Is é an cleachta ná an meastúchán rialta agus leanúnach ar an modh a chuirtear saothar áirithe i gcleachta, nó fiú an obair lámha, chun an ábhar a thiontú sa bhealach is fearr agus is éasca. Tagann an teoiric ón réasúnú sin a thaispeánann agus a chuireann in iúl gur cuireadh an ábhar i gcaoi leis an gcuspóir a bhaint amach. Ní féidir leis an ailtire a chloíann leis an gcleachta amháin cúiseanna a thabhairt do na foirmeacha a ghlacann sé leo; agus teipeann ar an ailtire a chloíann leis an teoiric amháin, agus é ag iarraidh breith ar scáthanna seachas ar substaint. Eisean atá cleachtaithe agus teoiriciúil, tá armas dúbalta aige mar sin; is féidir leis ní hamháin bunús a dheartha a chruthú, ach é a chur i gcrích freisin".

[athraigh] Ailtireacht agus foirgnimh

Thug a lán a gcuid suime don difríocht idir thógáil agus an ailtireacht. De réir Nikolaus Pevsner, stairí Eorpach a mhair ag tús na 20ú Aois, "Is foirgneamh é cró rothar, is saothar ailtireachta Ardeaglais Lincoln". Ach níl an deighilt chomh soiléir de réir saineolaithe an lae inniu. Thug an leabhar cáiliúil Architecture Without Architects le Bernard Rudofsky raidhse mór structúr a dhear gnáthdhaoine le chéile isteach i ríocht na hailtireachta. Má fhéachann tú i bhfad siar sa stair, tá aontas ar céard is ailtireacht ann, a thréigeann de réir a chéile, b´fhéidir mar go soléirítear an scéal le himeacht ama. Má mheasaimid gur é rud atá san ailtireacht ná tógáil maith, ar nós Vitruvius, an gá mar sin nach bhfuil a leithéid ann le droch-ailtireacht? Leis an scéal seo a shocrú, go háirithe leis an méid ollmhór d´fhoirgnimh nua ar domhain, d´fhéadfaí an ailtireacht a shainmhíniú mar cheird an ailtire. Chuirfeadh sé seo an bhéim ar fhorás na hailtireachta agus an ailtire.

[athraigh] Stair na hailtireachta

D'eascair an ailtireacht ón gcaidreamh idir gá na ndaoine agus ná hábhair a bhí ar fáil agus na cumais a bhí ag an lucht tógála.


De réir mar a aithníodh riachtanasaí éagsúla eile, facthas nach raibh san ailtire ach duine imeasc daoine ar ghá iad le freastal orthu. Amanta, is é an fear stiúrtha, agus amanta ní hé. ==Mar chríoch==

Is iad na foirgnimh an fhianise is mó de ghnó na bhfear. Ach deartar an chuid is mó acu fós ag daoine iad féin nó ag saoir cloiche ´sna tíortha ar lú dul ar aghaidh iad, nó tré tháirgeadh caighdeánaithe ´sna tíortha forbairthe. Fanann an ailtire ar imeall an tógála féin. Ní iarrtar ar scileanna an ailtire ach i bhfoirgnimh casta nó iontu siúd ar shiombail cultúrtha nó polaitiúla iad. Ach is mar seo a fheictear an ailtireacht don bpobal. Níl áit láirneach ag an ailtire agus ní bhíonn sé neamhspleách. Bíonn eadarghabháil i gcónaí idir an ailtire agus an pobal. Agus an rud a thagann as seo, féadtar ailtireacht a thabhairt air - már tháirgeadh nó mar bhéas eolais.

Ceithre shampla de stíleanna ailtireachteacha i Londain, Sasana. Tá an Túr Swiss Re ann i measc na shampla seo, atá cruth uibhe aici agus a bhain an Duais Stirling do a ailtireacha—Foster and Partners—i 2004.
Méadaigh
Ceithre shampla de stíleanna ailtireachteacha i Londain, Sasana. Tá an Túr Swiss Re ann i measc na shampla seo, atá cruth uibhe aici agus a bhain an Duais Stirling do a ailtireacha—Foster and Partners—i 2004.

[athraigh] Naisc sheachtracha


{lch fós faoi aistriúchán}

Our "Network":

Project Gutenberg
https://gutenberg.classicistranieri.com

Encyclopaedia Britannica 1911
https://encyclopaediabritannica.classicistranieri.com

Librivox Audiobooks
https://librivox.classicistranieri.com

Linux Distributions
https://old.classicistranieri.com

Magnatune (MP3 Music)
https://magnatune.classicistranieri.com

Static Wikipedia (June 2008)
https://wikipedia.classicistranieri.com

Static Wikipedia (March 2008)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com/mar2008/

Static Wikipedia (2007)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com

Static Wikipedia (2006)
https://wikipedia2006.classicistranieri.com

Liber Liber
https://liberliber.classicistranieri.com

ZIM Files for Kiwix
https://zim.classicistranieri.com


Other Websites:

Bach - Goldberg Variations
https://www.goldbergvariations.org

Lazarillo de Tormes
https://www.lazarillodetormes.org

Madame Bovary
https://www.madamebovary.org

Il Fu Mattia Pascal
https://www.mattiapascal.it

The Voice in the Desert
https://www.thevoiceinthedesert.org

Confessione d'un amore fascista
https://www.amorefascista.it

Malinverno
https://www.malinverno.org

Debito formativo
https://www.debitoformativo.it

Adina Spire
https://www.adinaspire.com