Web - Amazon

We provide Linux to the World


We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Cúige Uladh - Vicipéid

Cúige Uladh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Image:Flag of ulster.png
Image:IrelandUlster.png

Is é UlaidhCúige Uladh an cúige atá suite i dtuaisceart na hÉireann, agus tá naoi gcontae ann. Tá sé chinn acu fós á riaradh mar chuid den Ríocht Aontaithe, ar a dtugtar Tuaisceart Éireann. Na trí cinn eile acu, is cuid de Phoblacht na hÉireann iad. Tá dhá milliún daoine ina gcónaí ann.

Tabhair faoi deara go n-úsáidtear seantuiseal tabharthach an ainm "Ulaidh" sa teanga chaighdeánach i gcónaí. Is gnách "i gCúige Uladh" a rá, ar ndóigh, ach feictear an leagan "in Ultaibh" freisin.

Tá an loch is mó in Éirinn nó Breatain, Loch nEathach, in oirthear Uladh. Eiríonn an abhainn is mó in Éirinn, an tSionainn, san Cabháin. Tá an lár geografach an chúige gar do Cabhán an Chaorthainn, i dTír Eoghain.

[athraigh] An Ghaeilge i gCúige Uladh

Labhraítear an Ghaeilge mar ghnáthurlabhra phobail inniu i nGaeltacht Thír Chonaill, i gContae Dún na nGall. Tá canúint ar leith á labhairt sa chúige, agus is minic a fhaigheann Gaeilgeoirí ó chodanna eile den tír Gaeilge Uladh sách deacair le tuiscint. Bíonn scríbhneoirí an chúige ag tarraingt ar thobar na canúna seo go minic, agus a cuma le haithint fiú ar a saothar siúd nach bhfuil an teanga ó dhúchas acu. Tá meon an neamhspleáchais ag baint le Gaeilgeoirí an tuaiscirt ar dhóigheanna eile, fosta. B'é an tAthair Lorcán Ó Muirí a chuir an chéad síol leis an meon sin, nuair a bhunaigh sé Comhaltas Uladh, an eagraíocht a dhéanann gnó Chonradh na Gaeilge sa Tuaisceart.

Tá gluaiseacht na Gaeilge láidir i dTuaisceart Éireann, agus is í cathair Bhéal Feirste an t-aon áit amháin lasmuigh den Ghaeltacht thraidisiúnta inar éirigh leis na Gaeilgeoirí leanúnachas na teanga a chinntiú ó ghlúin go glúin agus Gaeltacht nua a bhunú.

Níl a dhath fágtha de chanúintí traidisiúnta Oirthear Uladh, áfach, cé is moite d'fhoinsí scríofa, ar nós scríbhinní agus amhráin na bhfilí ón gcuid sin den chúige. Chuala an saol Gaeilge ar fad an t-amhrán Úirchill an Chreagáin, mar shampla. B'iad Ó Méith, Oileán Reachlainne agus Gleannta Aontroma na háiteanna deireanacha ansin ina labhraítí an Ghaeilge go nádúrtha. Bhí na canúintí seo cuíosach cosúil le Gaeilge na hAlban, go háirithe canúint Oileán Reachlainne.

Tá Cúige Uladh saibhir i mbéaloideas Gaeilge, agus scéalta á n-insint sa chúige nach gcloisfí ar aon nós in aon chuid eile d'Éirinn, leithéidí na gceann faoi Bhalor nó faoi na Fomhóraigh. Díol suntais é, freisin, nach bhfuil Naomh Pádraig leath chomh tábhachtach i dtraidisiún an chúige agus atá Colm Cille, éarlamh Uladh. Tá lorg an bhéaloidis seo le haithint go soiléir ar shaothar scríbhneoirí Gaeilge an chúige, ar nós Shéamuis Uí Ghrianna agus a dhearthára, Seosamh Mac Grianna.

Scríbhneoirí tábhachtacha Ultacha eile iad Seán Bán Mac Meanman agus Aindrias Ó Baoill, nó "Fiach Fánach". B'iadsan, thar aon duine eile, a chuir Gaeilge Lár Thír Chonaill i míotar le haghaidh na nglúnta a thiocfadh ina ndiaidh. Inniu féin, tá cainteoirí dúchais ó Chúige Uladh ag saothrú na teanga ina gcuid scríbhinní liteartha, mar shampla Cathal Ó Searcaigh agus Pádraig Ó Baoighill.

Our "Network":

Project Gutenberg
https://gutenberg.classicistranieri.com

Encyclopaedia Britannica 1911
https://encyclopaediabritannica.classicistranieri.com

Librivox Audiobooks
https://librivox.classicistranieri.com

Linux Distributions
https://old.classicistranieri.com

Magnatune (MP3 Music)
https://magnatune.classicistranieri.com

Static Wikipedia (June 2008)
https://wikipedia.classicistranieri.com

Static Wikipedia (March 2008)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com/mar2008/

Static Wikipedia (2007)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com

Static Wikipedia (2006)
https://wikipedia2006.classicistranieri.com

Liber Liber
https://liberliber.classicistranieri.com

ZIM Files for Kiwix
https://zim.classicistranieri.com


Other Websites:

Bach - Goldberg Variations
https://www.goldbergvariations.org

Lazarillo de Tormes
https://www.lazarillodetormes.org

Madame Bovary
https://www.madamebovary.org

Il Fu Mattia Pascal
https://www.mattiapascal.it

The Voice in the Desert
https://www.thevoiceinthedesert.org

Confessione d'un amore fascista
https://www.amorefascista.it

Malinverno
https://www.malinverno.org

Debito formativo
https://www.debitoformativo.it

Adina Spire
https://www.adinaspire.com