Web - Amazon

We provide Linux to the World


We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Béal Feirste - Vicipéid

Béal Feirste

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cód ONS: 95Z
Daonra
Daonra:
- Iomlán (29 Aibreán 2001)
- Dlús
sa chéad áit
277,391
2,415 / km²
Pobal: Protastúnaigh: 48.6%
Catilicigh: 47.2
Polaitíocht
Comhairle Cathartha Bhéal Feirste
http://www.belfastcity.gov.uk
Teachtaí Parlaiminte: Gearóid Mac Ádhaimh
Nigel Dodds
Peter Robinson
Martin Smyth

Is é Béal Feirste (Belfast) príomhchathair Thuaisceart Éireann agus Chúige Uladh, agus an dara cathair is mó ar oileán na hÉireann, le daonra 277,391. Is ann atá suíochán rialtais Thuaisceart Éireann, agus san am seo a chuaigh thart bhíodh sé seo i gcaisleán Hillsborough Fort. Is é baile chontae chontae Aontroma é.

Clár ábhair

[athraigh] Eolas Ginearálta

Is as an bhFearsat (gin. Feirste), nó bruach gainimhe, ag béal abhainn an Lágáin, a thagann ainm Bhéal Feirste, mar gur ann a tógadh í. Sa lá atá inniu ann, sruthaíonn abhainn na Feirste i lintéir faoin tSráid Ard.

Tá Béal Feirste suite ar bhéal an Lágáin ar inbhear a shruthas go Muir Éireann, agus tá cnoic (an tSliabh Dubh, Sliabh Duibhis agus Beann Mhadagáin (nó Cnoc an Uaimh) - is freagairt bhasaltach é srón Napoleon, a dheineann deighilt idir an chathair agus Gleann Ghormlaí) thart faoi. Tá athnuachan déanta ar bhruacha an Lágáin, agus táthar i ndiaidh cuid mhaith den chathair a thabhairt suas do cosaithe.

Tá Halla na Cathrach, a tógadh i 1903, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste (1849), agus foirgnimh nach iad ó aois Victoria agus Eadhbhárd clúdaithe le léar mór dealbh. Tá Banc Uladh 1860 agus Banc an Tuaiscirt 1769 i measc na bhfoirgneamh is breátha.

Tá an duga tirim is mó ar domhan anseo, agus tá cráin mhillteacha longchéarta Harland and Wolff le feiceáil i bhfad i gcéin. Bhí tábhacht mhór fad ó shoin leis an tionscal línéadaigh agus le déantús rópa, ach is fada imithe anois iad. Tá campas ag Ollscoil Uladh sa chathair fosta, ina bhfuil an bhéim ar na h-ealaíona.

Tá cáil ar iarthar na cathrach ar a chuid léaráidí balla, a bheireas léirgeas ar cheangail pholaitiúla agus ar chreidimh an dá phobal. Tá léaráidí balla a bheireas le fios dílseacht do Choróin na Breataine, d'Fhórsa Óglaigh Uladh (UVF) agus do pharaimíleataigh dhílsitheoireacha eile ar Bhóthar na Sean Chille, ar Phrotastúnaigh a phobal ar fad. Ar an taobh eile den scéal, teispeánann na léaráidí balla ar Bhóthar na bhFál, atá Caitliceach ar fad, tagairtí láidre d'aontas na hÉireann, Arm Poblachtánach na hÉireann (IRA), maille leis an tseanchas Ghaelach agus an Ghaeilge.

Ta dhá aerfort ar an gcathair, Aerfort Chathair Bhéal Feirste in aice leis an inbhear, agus Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste, atá lámh le Loch nEathach.

[athraigh] Stair

Tá fianaise go raibh cónaí ar shuíomh Bhéal Feirste ó aimsir na Cré-Umhaoise, agus tá iarsmaí de dhún chnoca ó Aois an Iarainn le feiceáilt go fóill.

Ag tús an 17ú Aois, chuir plandálaithe as Sasana agus Albain faofa i mBéal Feirste, mar chuid de phlean chun coilíniú a dhéanamh ar an limistéar a chuir an Ridire Arthur Chichester le chéile. Chuir sé seo agóid ar bun leis na Gaeil a bhí ann cheana féin, agus d'éirigh siad sin amach i 1641. Chuir Huguenots ón Fhrainc faofa ann níos moille, agus chuir siad tionscal tábhachtach línéadaigh ar bun.

Le caitheamh ama, ba é Béal Feirste croílár an Phrotastúnachais in Éirinn, agus i 1922 ceapadh mar phríomhchathair Thuaisceart Éireann é i ndiaidh chríochdheighilt na hÉireann.

Le linn an Dara Chogaidh Dhomhanda, rinne fórsaí na Gearmáine buamáil trom ar Bhéal Feirste mar gheall ar a raibh ann de longchéartain do bhádaí móra agus de thionscal aerospás. Fágadh cuid mhór den chathair ina bhruscar.

Ar feadh mórán dá chuid staire, bhí míshocracht i mBéal Feirste de bharr coimhlint sheicteach idir Caitlicigh agus Protastúnaigh, agus bhuail Trioblóidí na 1960í-1990í go trom é.

[athraigh] Polaitíocht Áitiúil

I 2005, thogh vótálaithe Bhéal Feirste Comhairleoirí do Chomhairle na Cathrach mar seo a leanas: 15 Páirtí Daonlathach Uladh (DUP), 14 Sinn Féin, 7 Páirtí Aontachtóirí Uladh (UUP), 2 Páirtí Aontachtóirí Forásach (PUP), 4 Páirtí Chomhaontais Thuaisceart Éireann (Alliance), 8 Páirtí Shóisialach Daonlathach agus an Lucht Oibre (SDLP), agus neamhspléach amháin. Níl smacht ag aon dream i leith ar Chomhairle na Cathrach, agus gníonn sé a ghnó fríd choistí go príomhdha.

Tá ceithre thoghlach do pharlaimint na Breataine agus do Thionól Thuaisceart Éireann ag Béal Feirste - Béal Feirste Thuaidh, Béal Feirste Thiar, Béal Feirste Theas agus Béal Feirste Thoir. Leathann gach ceann acu seo roinnt thar theorainn na cathrach, ag tógáilt isteach codacha de cheantair an Chaisleáin Riabhaigh, Lios na gCearrbhach agus Baile Nua na Mainistreach. In ollthoghchán na Breataine i 2005, thogh na toghlaigh seo beirt teachta ón DUP, teachta amháin ón SDLP agus duine as Sinn Féin go parlaimint na Breataine. I 2003, thogh siad seisear ón DUP, cúigear ón UUP, duine ón PUP, duine ón Alliance, ceathrar ón SDLP agus seachtar ó Shinn Fein go Tionól Thuaisceart Éireann.


[athraigh] An Ghaeilge i mBéal Feirste

Sa lá atá inniu ann, tá méadú Gaeilge le chloisteáil i mBéal Feirste, is mó in Iarthar na Cathrach. Bunaíodh Bunscoil Phobal Feirste ar Bhóthar na bhFál sna 1970í agus í an chéad Gaelscoil riamh sa Tuaisceart. Rinne daoine i gceantar na scoile cinneadh a gcuid pháistí a thógáil trí Ghaeilge.

Ag an tús, ní raibh ach naoiniúr ag freastal ar Scoil Phobal Feirste. Dhiúltaigh Rialtas na Ríochte Aontaithe aitheantas don scoil chomh maith agus níor thug siad tacaíocht di ar chor ar bith. Cúpla bhliain ina dhiaidh bunaíodh Meánscoil Feirste an chéad Meánscoil Lán-Ghaeilge sna sé chontaethe.

Chuaigh an Ghaeilge i dtreise le caitheamh na mblianta agus inniu ceaptar go bhfuil timpeall 30,000 daoine ina gcónaí sa cheantar, agus tugann an pobal an teideal Gaeltacht SheoigeGaeltacht Bhéal Feirste uirthi. I measc an 30,000 duine sa cheantar ceaptar go labhraíonn 15,000 Gaeilge go minic. Dhiúltaigh Rialtas na Breataine agus na Dílsitheoirí aitheantas di, i rith na Trioblóidí. Chomh maith leis sin, deirtear gur thug Ian Paisley (ón bDUP) teanga na Leipreachán ar an Ghaeilge an tam sin.

Ach anois, tá plean ag Comhairle Cathartha Bhéal Feirste, Ceathrú Ghaeltachta a bhunú ann. Faoi láthair, níl stadas oifigiúil mar Ghaeltacht tugtha di ag Rialtas na Breataine ná ag Rialtas na hÉireann. Ní féidir le Rialtas na Breataine stadas Gaeltachta a thabhairt don cheantar, mar ní cuid den pholasaí gnáthiúil s'acusan é sin. (Ní dhéanann siad é sin faoi choinnne na Breataine Bige ná in Albain ach an oiread.) Deireann an Rialtas sa Deisceart nach bhfuil siad in ann stadas a thabhairt don cheantar mar nach bhfuil sé suite sna 26 chontae. Ach tá iarrachtaí á ndéanamh faoi láthair ag Rialtas an Deiscirt stadas Gaeltachta a thabhairt do cheantar Bhéal Feirste.

Tá go leor áiseanna sa cheanntar seo ina measc an nuachtán laethúil Lá, oifigí an scátheagrais Gaeilge Pobal, Ultach, Oifigí Foras na Gaeilge, Forbairt Feirste, Bunscoil Phobal Feirste, agus Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach (ina bhfuil An Cheathrú Póilí suite).

[athraigh] Naisc seachtracha

Our "Network":

Project Gutenberg
https://gutenberg.classicistranieri.com

Encyclopaedia Britannica 1911
https://encyclopaediabritannica.classicistranieri.com

Librivox Audiobooks
https://librivox.classicistranieri.com

Linux Distributions
https://old.classicistranieri.com

Magnatune (MP3 Music)
https://magnatune.classicistranieri.com

Static Wikipedia (June 2008)
https://wikipedia.classicistranieri.com

Static Wikipedia (March 2008)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com/mar2008/

Static Wikipedia (2007)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com

Static Wikipedia (2006)
https://wikipedia2006.classicistranieri.com

Liber Liber
https://liberliber.classicistranieri.com

ZIM Files for Kiwix
https://zim.classicistranieri.com


Other Websites:

Bach - Goldberg Variations
https://www.goldbergvariations.org

Lazarillo de Tormes
https://www.lazarillodetormes.org

Madame Bovary
https://www.madamebovary.org

Il Fu Mattia Pascal
https://www.mattiapascal.it

The Voice in the Desert
https://www.thevoiceinthedesert.org

Confessione d'un amore fascista
https://www.amorefascista.it

Malinverno
https://www.malinverno.org

Debito formativo
https://www.debitoformativo.it

Adina Spire
https://www.adinaspire.com