Federico García Lorca
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
File agus drámadóir de chuid na Spáinne ba ea Federico Garcia Lorca. Rugadh é i Fuente Vaqueros, ar bhruach an Genil, cúpla míle ó Granada. Feirmeoir láidir ba ea a athair, agus bhíodh a mháthair ina múinteoir scoile sular phós sí.
Rinne Lorca staidéar ar an dlí in Ollscoil Ghranada, ach d'imigh sé leis go Maidrid ina dhiaidh sin. Ceoltóir den scoth a bhí ann chomh maith, agus bhí sé an-chairdiúil le healaíontóirí cáiliúla i Maidrid, Juan Ramón Jimenez, Pablo Neruda, Salvador Dalí agus Luis Buñuel ina measc. Meastar go raibh sé i ngrá le Dalí.
Foilsíodh céad leabhar Lorca i 1918, leabhar taisteal dár teideal Impresiones Y Paisajes, agus i 1921, foilsíodh Libro de Poemas, dánta i bhfoirm fabhalscéalta. Ghnóthaigh Lorca a chéim sa dlí i 1923 agus chuir sin deireadh lena thréimhse ollscoile.
Fuair sé an-spreagadh as féile ceol traidisiúnta Fiesta de Cante Jondo i 1922, agus bhunaigh sé go leor dá shaothar ar cheol na ngiofóg as sin i leith. Ba é an file ba cháiliúla in Andalucia é mar gheall ar shaothair ar nós Poema del Cante Jondo (1931), agus Primer Romancero Gitano (1927). Bhí an-cháil ar a dhráma Marina Pineda, dráma rómánsúil stairiúil.
[athraigh] An File i Nua Eabhrac
Thug Lorca cuairt ar Nua Eabhrac i 1929 agus chónaigh sé ar champas Ollscoil Columbia. Ní raibh Béarla ar bith aige agus bhí lionndubh air go minic sa chathair aduain, ach bhí an-mheas aige ar dhrámaíocht nua na Meiriceánach. Thug sé cuairt ghear ar Chúba agus tháinig abhaile chun na Spáinne i 1931. Cháin sé cathair a shíl sé a bheith scanrúil agus truaillithe go fisiciúil agus go sprioradálta i gcnuasach dánta nár foilsíodh go dtí 1940, Poete en Nueva York, tar éis a bháis.
[athraigh] La Barraca
Chuir sé cumann drámaíochta taistil, La Barraca, ar bun nuair a bhí sé ar ais sa bhaile, agus léiríodh a chuid drámaí ar fud chúigí na Spáinne.
I measc na ndrámaí ba cháiliúla dá chuid tá Boda de Sangre (Bainis Fola), a léiríodh den chéad uair i 1933, dráma atá cosúil le tragóid Ghréagach. Léiríodh Yerma i 1934, dráma faoi phósadh gan chlann, agus díreach sular maraíodh Lorca, cuireadh La Casa de Bernarda Alba ar an ardán den chéad uair, dráma faoi mháthair thiarnúil agus a clann iníonacha ina gcuireann an bhean is óige lámh ina bás féin mar gheall ar a leannán a bheith geallta leis an iníon is sine.
Bhí grá, éad, paisean agus bás tobann ina dtéarmaí lárnacha i ndrámaí Lorca, agus b'amhlaidh a bhí a shaol féin. Mar gheall ar a shaol pearsanta mar dhrámadóir homaighnéasach, agus a dhearcadh polaitiúil, bhí an eite dheis an-naimhdeach dó. Chuaigh sé ar a choimeád nuair a thosaigh Cogadh Cathartha na Spáinne ach tháinig saighdiúirí an Falange air i mí Lúnasa 1936 agus daoradh chun báis é gan triail. Cuireadh é in uaigh a thochail sé féin.