Túrcú
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is í Túrcú (Turku i bhFionlannais agus Åbo i Sualannais, an dara theanga sa tír) in iardheisceart na Fionlainne an cúigiú chathair is mó agus an chathair is sine agus is stairiúla sa tír sin. Bhí sí ina príomhchathair ar an bhFionlainn go dtí an bhliain 1812, nuair a bronnadh an chéimíocht sin ar Heilsincí. Chuaigh an Fhionlainn ó lámh na Sualannach go lámh na Rúise i ndiaidh Chogadh na Fionlainne sna blianta 1808-9, agus glactar leis go coitianta go raibh sé de rún ag Impire na Rúise an Fhionlainn a scaradh ón tSualainn tríd an bpríomhchathair a athrú go háit ba chóngaraí don mháthairthír. Na hoifigí Rialtais a fágadh i dTúrcú, haistríodh iad féin go Heilsincí i ndiaidh an dóiteáin mhóir a rinne an-damáiste ar an gcathair sa bhliain 1827.
Tá Túrcú ar an mbeagán cathracha san Fhionlainn a tháinig ar an bhfód go nádúrtha, gan aon ordú oifigiúil faoi bhunú na cathrach. Is é is cúis leis sin ná an gheograife, nó tá inbhear breá isteach go lár na cathrach, rud a fhágann gur dual di bheith ina háit mhór trádála.
Níl ach caolas farraige idir Túrcú agus Stócólm, agus na longa paisinéirí ag dul eatarthu go tiubh.
Bunaíodh an chéad scoil i dTúrcú, mar atá, Scoil na hArdeaglaise (Katedralskolan i Åbo), i ndeireadh na tríú haoise déag. Bunaíodh an chéad Ollscoil ("Acadamh Åbo") sa bhliain 1640, ach sa naoú haois déag, haistríodh go Heilsincí í chomh maith leis na hoifigí Rialtais. Tháinig dhá ollscoil nua ar an bhfód san fhichiú haois, mar atá, Åbo Akademi, an ollscoil Sualainnise, agus Turun Yliopisto, an ollscoil Fionlainnise.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.