Litiam
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Siombail | Li |
---|---|
Uimhir adamhach | 3 |
Dlús | 535 kg/m-3 |
Is dúil mhiotalach é an litiam. Is é "Li" an tsiombail cheimiceach, agus is é an tríú dúil sa tábla peiriadach é. Mar sin, tá trí phrótón ina núicléas, agus trí leictreon ina néal. Ceann de na miotail alcaileacha atá ann, agus cosúil leis na miotail alcaileacha eile, tá sé araiciseach go maith chun imoibriúcháin. Tá sé riachtanach litiam a choinneáil dealaithe ón atmaisféar, istigh san ola mar shampla, nó má oibríonn an ocsaigin air, tiocfaidh brat dubh ocsaíde air go sciobtha. Gan an brat sin, is miotal é a bhfuil loinnir an airgid ann. Oibríonn an t-uisce air ar an dóigh chéanna, cé nach bhfuil an t-imoibriú leis an uisce chomh tobann agus a bhíonn sé ag na miotail alcaileacha eile.
Baintear úsáid as an litiam i gcadhnraí (batairí) leictreacha, i ngléasra aistrithe teasa (tóstaeir, micreathonntáin), agus i gcóimhiotail éadroma, as a ndéantar eitleáin. Thairis sin, tá carbónáit an litiam tábhachtach mar shíceachógas, le maolú ar na mothúcháin.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.