Freddie Mercury
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ceoltóir Sasanach-Indiach ab ea é Freddie Mercury (5 Meán Fómhair, 1946 - 24 Samhain, 1991), a rugadh leis an ainm Farrokh Bulsara. Bhí Mercury ina amhránaí leis an mbanna an-rathúil Sasanach Queen ó 1970 go dtí a bhás i 1991. Bhí guth an-láidir ag Mercury, agus ba é cuid de na siamsóirí is fearr sa rac-cheol riamh. Cumadóir tréitheach a bhí ann chomh maith, a sheinn an giotár, an pianó agus an sintéiseoir. B'eisean a scríobh na hamhráin mhóra Bohemian Rhapsody, We Are The Champions agus Crazy Little Thing Called Love.
Fuair Mercury amach go raibh SEIF aige i 1987, agus cailleadh é i 1991.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.