ASCII
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is giorrú do American Standard Code for Information Interchange an Bhéarla é ASCII nó Cód Caighdeánach Meiriceánach um Idirmhalartú Faisnéise. Is ionchódú carachtar caighdeánach é, foilsithe ag an Institiúd um Chaighdeáin i SAM (United States of America Standards Institute nó USASI) i 1968. Is é an t-ionchódú seo an chéad leath den ISO-8859-1 (Latin1), ar a bhfuil an chéad leathanach de ISO 10646 (Unicode) bunaithe.
Baintear úsáid as dhá shiombail sa chód, na giotáin 0 agus 1. Úsáidtear sraith seacht ngiotán le haghaidh carachtair a ionchódú. Is féidir 128 carachtar a chur in iúl: litreacha (idir chás íochtair agus chás uachtair), uimhreacha agus siombailí. Oireann an uimhir ghiotáin seo don bheart bunúsach ocht ngiotán. Úsáidtear an giotán breise chun comhartha a iompar sa ríomhaire, mar shampla le haghaidh seiceáil paireachta.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.