Éirí Amach 1798 in Éirinn
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Iarracht réabhlóide ab ea é an tÉirí Amach sa bhliain 1798 in Éirinn, agus na hÉireannaigh ag iarraidh na Sasanaigh a ruaigeadh as Éirinn. Is gnách Bliain na bhFrancach a thabhairt ar an mbliain ar fad, le taobhshúil ar na hiarrachtaí a bhí ar siúl ag an bhFrainc Réabhlóideach lámh chúnta a shíneadh chuig na ceannairceoirí Éireannacha. Mhair na himeachtaí réabhlóideacha in Éirinn ar feadh leathbhliana, a bheag nó a mhór.
Is gnách Aois na Réabhlóide a thabhairt ar an ochtú haois déag, de bharr Chogadh Réabhlóideach Mheiriceá agus Réabhlóid na Fraince ach go háirithe, agus chuaigh imeachtaí agus smaointeachas na réabhlóidí seo go mór mór i bhfeidhm ar na hÉireannaigh, ar nós Wolfe Tone agus na hÉireannaigh Aontaithe. Eagraíocht réabhlóideach ab ea iad na hÉireannaigh Aontaithe, agus b'iadsan a d'eagraigh an tÉirí Amach sa bhliain 1798.
Cé go raibh na Caitlicigh ina dtromlach in Éirinn riamh, bhí a gcuid cearta bainte díobh ar fad leis na Péindlithe. B'iad baill na hEaglaise Oifigiúla - Eaglais na hÉireann - an dream ba mhó cumhachta sa tír. Ní raibh na heaglaisí Protastúnacha eile chomh cumhachtach céanna, nó bhí srianta áirithe curtha leo agus le saol a mballra ag na dlíthe freisin. Mar sin, thosaigh siad ag comhoibriú leis na Caitlicigh leis an nasc le Sasana a bhriseadh agus saoirse a bhaint amach d'Éirinn.
Bhí an tacaíocht leis na hÉireannaigh Aontaithe ag fás i measc na nÉireannach, agus sa deireadh, thosaigh siad ag ullmhú réabhlóide, agus iad ag dul i dteagmháil leis na Francaigh freisin le cabhair a iarraidh orthu. Sa bhliain 1796, tháinig 15,000 saighdiúir faoi cheannas an Ghinearáil Hoche go Bá Bheanntraí, agus Wolfe Tone leo. Níor lig an doineann agus an ghaoth mhór do na Francaigh teacht i dtír, áfach.
Tháinig eagla ar na Sasanaigh, agus chuaigh siad i dtuilleamaí comhéigin agus géarleanúna, go háirithe i dtuaisceart na tíre. Rinne siad iarracht freisin an aontacht idir na Caitlicigh agus na Protastúnaigh a bhriseadh. D'éirigh na hÉireannaigh amach i gCathair Thiobraid Árann, ach briseadh an cath orthu go tapaidh. Ansin, thuig na hÉireannaigh Aontaithe go raibh orthu plean ceart a dhéanamh agus an cheannairc a thosú go gasta.
Is é an plean a bhí acu ná go n-éireodh na ceannairceoirí i mBaile Átha Cliath amach ar an 24ú lá de Mhí Bealtaine, agus go gcuirfeadh na ceannairceoirí sna contaethe timpeall bac leis na saighdiúirí a bheadh ag iarraidh teacht isteach sa chathair.
Áfach chuala na Sasnaigh faoin bpleann agus bhí siad réidh níor stopadh ach coiste nó dhó sa chaithir, ach i gCill Mhantáin, Contae na Mí agus Contae Chill Dara bhí Éirí amach. Scaip sé go dtí contaethe mar Aontroime, Contae an Dúin, ach go háirithe i Loch Garman. Tar eis cúpla mí bhí siad scrosithe, tháing 1,000 saighdiúirí Francach i dtír i mí Méan Fómhar ró dhéanach ach fós bhí alán tacíocht go dtí gur ghéill siad tar eis Cath Baile na Muc. Tháinig siad go Dún na nGall freisin i mí Deireadh Fómhar ach gabhadh iad roimh teacht i dtír (gabh siad Wolfe Tone ar cheann desna báíd).