Contae na Mí
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Contae na Mí | |
Achar: | 2,342 km² |
Príomhbhaile: | An Uaimh |
Daonra: | 162,621 (2006) |
Cúige: | Laighin |
Tá An Mhí nó Contae na Mí, i gCúige Laighean. Achar 2342 km². 132,000 an daonra a bhí ann de réir Daonáireamh 2002. Fadó bhí cúige den ainm seo ann 'Míde' a chiallaíonn an lár, agus ba ann de réir traidisiún a bhí ceanncheathrú Ardrí na hÉireann, i dTeamhair na Rí. Tá cuid de na láithreacha seandálaíochta is tábhachtaí agus is cáiliúla in Éirinn ar bhruach Abhainn na Bóinne. Is ann atá Sí an Bhrú, ionad oidhreachta domhanda. Tá talamh an-mhaith sa chontae agus rath ar fheirmeoirí na háite dá réir, agus ar na bailte margaidh a fhreastalaíonn orthu. Níl ach 26 km de chósta ag Contae na Mí, ach tá cúpla trá ann ar nós Bettystown agus Laytown .
Is i gContae na Mí atá Gaeltacht Ráth Cairn, lonnaíocht a cuireadh ar bun timpeall seachtó bliain ó shin le saol daoine ar iarthar na hÉireann a fheabhsú. Tugadh isteach feirmeoirí beaga, as Conamara don chuid is mó, agus tugadh talamh dóibh in áit nach raibh Gaeltacht leis na céadta bliain.
[athraigh] Bailte i gContae na Mí
- Cluain Aodha, Dún Búinne
- Baile an Bhiataigh, Baile Átha Troim
- Ceanannas, Cill Dhéagláin
- Teamhair
- An Uaimh
- Ráth Cairn, Baile Átha Buí
- Baile Ghib
Contaetha na hÉireann | |
Connachta: | Gaillimh | Liatroim | Maigh Eo | Ros Comáin | Sligeach | |
Laighin: Baile Átha Cliath (An chathair/Fine Ghall/Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin/Áth Cliath Theas) | Ceatharlach | Cill Chainnigh | Cill Dara | Cill Mhantáin | An Iarmhí | Laois | Loch Garman | An Longfort | Lú | An Mhí | Uíbh Fhailí | |
An Mhumhain : Ciarraí | An Clár | Corcaigh | Luimneach | Port Láirge | Tiobraid Árann (Tiobraid Árann Thuaidh/Tiobraid Árann Theas) | |
Ulaidh: Aontroim | Ard Mhacha | An Cabhán | Doire | Dún na nGall | An Dún | Fear Manach | Muineacháin | Tír Eoghain | |
An deighilt polaitiúil: Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann |