Raidió na Gaeltachta
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seirbhís lán-Ghaeilge raidió is ea Raidió na Gaeltachta (nó go neamhfhoirmeáilte RnaG), a thosaigh ag craoladh ó Chasla, Conamara ar Dhomhnach Cásca, 1972. Cé gur ar phobail Ghaeltachta is mó a dhéanann sé freastal, tá an-líon éisteoirí aige go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá fáil ar an stáisiún ar fud na 26 Chontae ar an ard-mhinicíocht (FM), ar an meántonn sa Ghaeltacht fhéin, ar chóras saitilíte ar fud na hEorpa, agus ar an idirlíon.
Is cuid den tseirbhís chraoltóireachta phoiblí RTÉ é Raidió na Gaeltachta.
Tá trí phríomhstiúideó ag RnaG: Casla, Conamara; Bóthar na Léinsí, Corca Dhuibhne; Gaoth Dobhair, Tír Chonaill, maille le slám stiúdeónna beaga i nGaeltachtaí eile timpeall na hÉireann.
Ón bhliain 2000 amach tá an stáisiún ag craoladh 24 uair sa lá.
Mar spraoi, tugtar "Garraí Pheter William" ar ceanncheathrú Raidió na Gaeltachta go fóill i gcuimhne ar ainm na háite sular tógadh foirgneamh an stáisiúin.
[athraigh] Naisc
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.