Corca Dhuibhne
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Corca Dhuibhne a thugtar ar an leithinis díreach laistiar de Thrá Lí i gContae Chiarraí. Is é An Daingean nó Daingean Uí Chúis príomhbhaile na leithinse agus ceantar oifigiúil Gaeltachta is ea an chuid den leithinis laistiar do Lios Póil agus den tSráidbhaile.
Tá Cnoc Bréanainn, ceann de na cnoic is airde in Éirinn in iarthuaisceart na leithinse ina dheighilt nádúrtha idir an dá chuid stairiúla de Chorca Dhuibhne, mar atá, Duibhneach, laistiar agus laisteas den chnoc agus Leitriúch lastoir de. Amach ó Dhún Chaoin sa chuid is siar siar atá na Blascaodaí, scata oileán arbh astu do Pheig Sayers, Thomás Ó Criomhthain a scríobh an leabhar cáiliúil An tOileánach, Mhuiris Ó Súilleabháin, údar Fiche Bliain ag Fás agus roinnt scríbhneoirí eile.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.