Nico Rosberg
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tiománaí Gearmánach Foirmle a hAon is ea Nico Rosberg. Rugadh i Wiesbaden, Gearmáin é ar an 27 Iúil, 1985. Mac don buaiteoir craobh damhanda Keke Rosberg ón Fhionlann is ea é, ach is Gearmánach é féin. Bhuaigh sé an Sraith GP2 2005 leis an bhfoireann ART, taréis dó bheith ag tiomáint i SraithEorpach Foirmle a Thrí le foireann a athair.
Ag aois a haon déag, thosnaigh sé ag tiomáint cartanna, sa bhliain 1996. Ansin i 2002 bhog sé go Foirmle BMW Gearmánach. Taréis dó é sin a bhuachaint, d'imigh sé go Foirmle a Thrí chun tiomáint do Keke. D'fhan sé ann go dtí 2004, le roinnt éigin rath.
Sa bhliain 2005 chuaigh sé go dtí an straith nua GP2. D'éirigh thar barr leis agus rinne sé é a bhuachaint le 15 phointe chun cinn ar Heikki Kovalainen sa dara háit.
I gcóir 2006 tá sé ag tiomáint don bhfoireann Williams i bhFoirmle a hAon. In a chéad rás sa spórt críochnaigh sé sna pointí taréis dó 45 soicind a chailliúint ag tús toisc timpist. Sa Mhaléis, níor éirigh chomh maith leis, toisc gur phléasc a inneall ag cur stop lena rás.
Déantóirí agus tiománaithe atá ag glacadh páirt i gCraobh Foirmle a hAon 2006 | |||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Renault | McLaren | Ferrari | Toyota | Williams | Honda | Red Bull | BMW | MF1 | Toro Rosso | Super Aguri | |
1 Alonso 2 Fisichella |
3 Räikkönen 4 Montoya |
5 M Schumacher 6 Massa |
7 R Schumacher 8 Trulli |
9 Webber 10 Rosberg |
11 Barrichello 12 Button |
14 Coulthard 15 Klien |
16 Heidfeld 17 Villeneuve |
18 Monteiro 19 Albers |
20 Liuzzi 21 Speed |
22 Sato 23 Ide |