Napoléon Bonaparte
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bhí Napoléon Bonaparte, nó Napóilean uaireanta as Gaeilge (15 Lúnasa 1769 – 5 Bealtaine 1821), ar cheann de na ginearáil i Réabhlóid na Fraince, ceannaire na Fraince ó dheireadh 1799 ar aghaidh, agus Impire na bhFrancach (Empereur des Français) agus Rí na hIodáile ó 1804 go 1814, agus arís i 1815, faoin ainm Napoléon I.
Rialaigh sé an Fhrainc mar Phríomh-Chonsal (Premier Consul) Phoblacht na Fraince ón 11 Samhain 1799 go dtí an 18 Bealtaine 1804, agus ansin mar impire na Fraince (Empereur des Francais) agus rí na hIodáile (faoin dteideal Napoleon 1) idir an 18 Bealtaine 1804 agus an 6 Aibreán 1814 agus arís ar feadh tréimhse gearr on 20 Márta go dtí an 22 Meitheamh 1815.
Féachtar ar Napoleon mar ghinias míleata agus tá cáil air mar stiúrthóir ar an-chuid feachtas rathúil, chomh maith le teipeanna uafásacha. I dtréimhse beagán níos faide ná deich mbliana, smachtaigh Napoleon an chuid is mó d’iarthar agus de lár na Mór-roinne Eorpaí trí ghabháil agus trí chomhaontas go dtí ionradh tubaisteach na Rúise i ngeimhreadh na bliana 1812, ionradh ar lean teip eile é, is é sin cath na náisiún, gar do Leipzig i nDeireadh Fómhair 1813, a spreag é an choróin a thabhairt suas cúpla mí níos déanaí. Stáitsigh sé teacht ar ais ar a nglaotar ‘na céad lá’ (les cent jours), ach fuarthas an bua air i gcath Waterloo sa Bheilg ar an 18 Meitheamh 1815. Ina dhiaidh sin, ghéill sé do na Sasanaigh agus cuireadh ar deoraíocht é go hoileán Saint Helena, an áit ina bhfuair sé bás.
Taobh amuigh de na héachtaí míleata a bhain sé amach, cuimhnítear ar Napoleon mar bhunaitheoir an chóid Napoleonach, agus féachtar air mar ‘mhonarc tuisceanach’. Tá daoine eile a cheapann gur deachtóir mídhaonlathach a bhí ann, a bhí ciontach as bás na mílte agus cailliúint chlú na Fraince, lena chogaí agus lena rialú.
D’ainmnigh Napoleon cúpla ball de chlann Bonaparte mar mhonarcaí. In ainneoin nár fhan siad i gcumhacht ar feadh tréimhsí fada, rialaigh nia le Napoleon, Napoleon III, an Fhrainc níos déanaí sa naoú haois déag.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.