Kurt Cobain
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
B'é Kurt Donald Cobain (20 Feabhra, 1967 - ca. 5 Aibreán, 1994) an príomhamhránaí agus giotáraí den banna rac-cheol Meiriceánach, Nirvana. Bhí tionchar mór ag an banna, agus ba é Cobain a bhí i spotsolas mar chumadóir agus amhránaí an bhanna. Sna 1990í, laoch ab ea é Cobain do glúin nua óg, daoine a bhí tuirseach leis an rac-cheol éadomhain a bhí coitianta ag an am seo. Leis an albam Nevermind, bhriseadh grunge amach as Seattle, agus d’athraíodh an domhain rac-cheoil go tobann. Labhraíonn daoine fós faoin tionscal ceoil réamh-Nirvana agus iar-Nirvana.
Ag an am seo, ba é Nirvana an banna is móra sa dhomhain agus ba cheart do Chobain a bheith sásta. Os a choinne sin, chaitheadh Cobain isteach sa chuilithe leis a cháil nua, agus ní raibh sé ábalta a bheith compordach le seo. Fear umhal agus ciúin ab ea é, ach go tobann cuireadh a lán brú air. Dhiúltaigh Cobain an post mar "urlabhraí na glúine", agus bhí imní air go raibh sé agus a bhanna ag braith a idéalaí punc-rac. Chomh maith le sin, d’fhulaing sé le gruaim agus drugaí mi-úsáid freisin.
Clár ábhair |
[athraigh] Saol
Rugadh Kurt Cobain i Aberdeen, baile beag i stát Washington, SAM. Clann beag shona ab ea iad - a thuismitheoirí Don agus Wendy, agus a dheirfiúr Kimberly. Nuair a bhí Kurt seacht bliana d'aois, fuair a thuismitheoirí colscaradh, agus bhí tionchar dona ag an eachtra seo ar Khurt óg. Tháinig brón dian air go tobann, agus d'éirigh Kurt níos ciúine agus níos feargach. D'fhan Kurt in a chónaí leis a mháthair Wendy ar feadh bliain tar éis an cholscaradh, ach ansin thosaigh Kurt ag cónaigh leis a athair nuair a bhí a mháthair dubhthuirseach leis a iompar uafásach. Tar éis tamall, bhí an scéal céanna ag a athair, agus tríd na blianta chuaigh Kurt chun chónaí le gach saghas cairde agus clann.
Éalú ab ea é ceol don fear óg. Fuair Kurt cúpla teachtaireachta giotáir, agus cheannaigh sé a uirlis féin. Dúirt Kurt níos déanaí gur dhíol sé gunnaí a athair chun an giotár a cheannach, ach is dócha nach raibh sin fír. Thosaigh Kurt ag éist le bannaí rac-cheoil, mar shampla The Beatles, Led Zeppelin, AC/DC, Aerosmith agus na bannaí móra eile. Ach i gceann tamall, bhuail Kurt le punc-rac, tríd an pháipéar Maximumrocknroll. Léigh sé faoin eachtraí The Sex Pistols, The Ramones, The Clash agus na bannaí seo. Aimsíodh an-tábhachtach ab ea é punc-rac do Khurt, agus d’athraíodh a shaol. Nuair a bhí sé níos sinne, thosaigh Kurt ag freastal ceolchoirme punc-rac i Seattle. Ar ais i Aberdeen, bhuail sé le banna eile punc-rac, The Melvins. Bhain Kurt trial as seinm leis an mbanna, ach theip sé go dona.
[athraigh] Nirvana
Thosaigh Kurt ag scríobh a amhráin féin ina dhéagóirí, agus chuir sé iad ar théipeanna. I 1986, rinne sé téip beag le hainm Fecal Matter i dteach a aintín. Fuair sé cabhair ó Dale Crover, drumadóir as The Melvins. Thug sé an théip do Krist Novoselic, buachaill a bhuail Kurt le sa scoile. Tar éis tamall, thosaigh Krist ag seinm an dord-ghiotár agus fuair siad drumadóirí éagsúla. Rinne siad a gcéad albam Bleach le drumadóir Chad Channing, ach fuair siad drumadóir níos fearr, Dave Grohl an bhliain ina dhiaidh. Le Grohl, rinne Nirvana na h-albaim Nevermind agus In Utero.
[athraigh] Pósadh agus páiste
Bhuail Cobain le Courtney Love ag cheolchoirm i 1989. Ag an am sin, bhí a banna Hole ag dul go maith, ach bhí Nirvana beag fós. Thosaigh siad ag dul le chéile, agus pósadh iad i Habháí ar 24 Feabhra, 1992. Rugadh iníon leo ar 18 Lúnasa, 1992, Frances Bean Cobain. Ní raibh Love coitianta in aon chor, agus chuireadh í i gcomparáid le Yoko Ono agus Nancy Spungen. D’úsáid Cobain agus Love drugaí le chéile, agus ceapadh go raibh tionchar dona ag Love ar Chobain.
[athraigh] Fadhbanna sláinte
Ba é saol Cobain lán le fadhbanna fisiceach, agus intinne. Ní raibh lá amháin ina shaol nach raibh sé ar saghas éigean leigheas. Ar dtús, bhí Kurt ró-gnóthach mar pháiste, agus mar sin thóg a thuismitheoirí an druga Ritalin dó. As an lá seo go dtí nóiméad a bhás, bhí andúil ag Kurt i dhruga amháin nó éigean. Agus nuair a bhí sé níos sinne, saineolaí ab ea é Kurt le modhanna faigheadh agus mi-úsáideadh drugaí. Ag an am céanna, is cinnte go raibh fadhbanna macánta aige freisin - gruaim, ionsaithe scaoll, broincíteas, agus dian-pian ina bholg. Tugtar na dochtúirí an ainm scoliosis ar an fhadhb seo, agus bhí sé an-dáiríre. Dúirt Kurt gur thosaigh sé ag úsáid drugaí chun an phian seo a smachtú, ach is fíor go raibh sé ag mi-úsáid drugaí ar feadh tamall fada. D'úsáid sé marachuan, cócaon agus tar éis tamall hearóin. Nuair a bhí Nirvana ag fás go tapaigh i 1991, bhí andúil hearóin Kurt ag fás freisin. Choimeád sé é i bhfolach chomh maith is chomh féidir, mar níor aontaigh Novoselic nó Grohl sásta leis in aon chor. Ach go minic bhí sé soléir go raibh Kurt ar an dhruga, nó ag iarraidh stad a chur leis. Bhí cúpla ródháileoga aige, agus bhí an t-ádh aige nár theip sé níos luaithe.
[athraigh] Bás
I 1994, chuaigh Nirvana go hEorpa ar turas. Bhí tús maith acu, ach ansin bhí ródháileog ag Kurt ar 6 Márta san Róimh. Scriosadh amach an turas tar éis an eachtra seo, agus chuaigh siad go léir abhaile. Chuir a chairde agus a chlann ina luí ar Khurt dul go dtí ospidéal i Los Angeles, agus d’aontaigh sé, sa deireadh. Ach tar éis cúpla lá, bhris Kurt amach as an ospidéal agus d'fhill sé ar ais go dtí Seattle. Tar éis seo, níl na sonraí ró-soiléir. Ag am éigean, chuaigh Kurt go dtí a theachsa. Thóg sé dáileog mór hearóin, scríobh sé nóta, agus mharaigh sé é féin le grán ghunna. D’aimsíodh a chorp ar 8 Aibreán, 1994. Creidtear gurb é 5 Aibreán a lá a fuair sé bás.