Johannes Gutenberg
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba chlódóir Gearmánach é Johannes Gutenberg a rugadh timpeall 1400 i Mainz agus a fuair bás ar 3 Feabhra 1468. D’fhionnaigh sé bealach praicticiúil chun clódóireacht a dhéanamh timpeall 1450 a chuir modh dáiliúcháin éifeachtach ar fáil do smaointe úra an Renaissance.