Fionlainnis
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fionlainnis (suomi) | |
---|---|
Á labhairt: | san Fhionlainn, san Eastóin, sa Sualainn, san Iorua, in Iarthuaisceart na Rúise |
Réigiún: | An Eoraip Thuaidh |
Cainteoirí san Iomlán: | 6 milliún |
Rang: | (Ní sa chéad 100) |
Líne ghinealaigh: | Úralach Fionn-Úgrach |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | na Fionlainne, Aontas na hEorpa |
Rialaithe ag: | Roinn Phleanála na dTeangacha i Lárionad Taighde na dTeangacha Dúchasacha |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | fi |
ISO 639-2 | fin |
ISO/DIS 639-3 | fin |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Is í an Fhionlainnis an teanga a labhraíonn an chuid is mó de mhuintir na Fionlainne (92%) ó dhúchas. Ceann de na teangacha oifigiúla is ea í san Fhionlainn. Tá Fionlannaigh eitneacha ina gcónaí taobh amuigh den Fhionlainn freisin, agus cuid mhaith acu ag labhairt na teanga: tá Fionlannaigh le fáil sa tSualainn, i gCeanada, san Astráil agus sna Stáit Aontaithe. I Minnesota is mó is féidir teacht ar dhaoine de phór na Fionlainne, sna Stáit Aontaithe.
Labhraítear canúint bhundúchasach sheanfhaisiúnta den Fhionlainnis i dTuaisceart na Sualainne freisin, agus í éirithe an-difriúil leis an bhFionlainnis chaighdeánaithe faoi bhrú na Sualainnise. Tá lucht a labhartha ag iarraidh an chanúint seo a chaighdeánú anois, mar theanga ar leith. Meänkieli nó "ár dteanga féin" a thugann siad uirthi - "meidän kielemme" an leagan caighdeánaithe.
Níl an Fhionlainnis róchosúil le formhór na dteangacha Eorpacha, cé nach bhfuil cultúr na Fionlainne difriúil le cultúr na dtíortha Lochlannacha ar aon nós. Ceann de na teangacha Fionn-Úgracha is ea í, agus is iad na teangacha gaolmhara atá aici ná an Eastóinis agus an Ungáiris, chomh maith le roinnt mhaith teangacha neamhfhorleathana ar fud na Rúise. Tá gaol an-dlúth ag an bhFionlainnis leis an Eastóinis, agus an teanga sin réasúnta intuigthe ag an bhFionlannach. Ón taobh eile de, ní féidir leis an Ungárach bun ná barr a dhéanamh den Fhionlainnis. Baineann an dá theanga sin le craobhacha difriúla an chrann ginealais: is teanga Fhinneach í an Fhionlainnis, ach is teanga Úgrach í an Ungáiris.
[athraigh] Gramadach na Fionlainnise
Tá gramadach na Fionlainnise bunaithe ar an táthú. Is é sin, is gnách iarmhíreanna éagsúla a úsáid in áit na bhfocal scoite. Is féidir an prionsabal seo a ghléiniú le cupla sampla:
Fionlainnis: Olen kirjoittamaisillani artikkelin Wikipediaan
Gaeilge: "Tá mé ar tí alt a scríobh ar an Vicipéid"
Anailis ar an sampla:
- ol- tá
- -en mé
- kirjoitta- scríobh
- -ma- a
- -isi- tí
- -lla- ar
- -ni mé
- artikkeli alt
- -n iarmhír a thaispeánann gurb é an tuiseal cuspóireach - cuspóir an ghnímh - atá againn anseo
- Wikipedia- (an) Vicipéid
- -an ar (nó "isteach i", le bheith beacht barainneach).
Tá saibhreas ar leith ag baint leis an mbriathar, a bhfuil an dúrud foirmeacha infinideacha aige:
- juosta rith
- juostakseen le rith, le bheith ábalta rith
- juoksemaisillaan ar tí rith
- juosten agus mé/tú/...ag rith
agus leis an ainmfhocal, agus an oiread tuiseal atá aige:
- auto gluaisteán
- auton gluaisteáin, an ghluaisteáin (tuiseal ginideach)
- autoa (cuid) den ghluaisteán
- autolla ag an ngluaisteán, ar an ngluaisteán
- autolta ón ngluaisteán
- autolle don ghluaisteán, i dtreo an ghluaisteáin
- autoksi (le bheith) ina ghluaisteán, (ag iompú) ina ghluaisteán, (ag claochlú) go gluaisteán
- autona (tá sé) ina ghluaisteán, i ról an ghluaisteáin
- autossa istigh sa ghluaisteán
Cé go bhfuil sé deacair ag an bhfoghlaimeoir na míreanna seo uile a úsáid, is gá cuimhne a choinneáil air gur imir na teangacha Ind-Eorpacha, go háirithe na teangacha Gearmáinice ina timpeallacht an-tionchar ar úsáid na Fionlainnise, agus, ainneoin shaibhreas na bhfoirmeacha, níl sé dodhéanta cuid mhór de ghramadach na Fionlainnise a mhíniú i dtéarmaí na gramadaí traidisiúnta atá bunaithe ar ghramadach na Laidine.
[athraigh] Stór Focal na Fionlainnise
Úsáideann an Fhionlainnis iarmhíreanna chun focail nua a fhréamhú, agus sin go flúirseach:
- kirja leabhar
- kirjoittaa scríobh
- kirjailija scríbhneoir
- kirjallinen liteartha
- kirjain litir (comhartha)
- kirje litir (a sheoltar)
- kirjata cur in áirithe
- kirjaus áirithint
- kirjava breac, ildaite
- kirjasto leabharlann
Is féidir leis na Fionlannaigh déanamh in uireasa go leor focal idirnáisiúnta, ós rud é go bhfuil an-loighic ag roinnt le húsáid na n-iarmhíreanna seo. Mar sin féin, tá roinnt mhaith focail iasachta san Fhionlainnis féin.
An chuid is sine acu is féidir a aithint mar fhocail iasachta ar aon nós, tagann siad as an tsean-Ghearmáinic nó as an tsean-Lochlainnis, as na teangacha Bailteacha - as seanchanúintí ar fhorbair an Laitvis agus an Liotuáinis astu - agus as an tsean-Slaivis nó as an tsean-Rúisis. Ina measc na n-iasachtaí Gearmáinice, tá focail ar nós kuningas = rí (cf. king an Bhéarla, König na Gearmáinise, konungur na hÍoslainnise), kauppa = trádáil, tráchtáil, siopa, kaunis = álainn (gaolmhar le schön na Gearmáinise).
[athraigh] Stair na Fionlainnise
Creidtear gur eascair na teangacha Finneacha agus na canúintí Laplainnise ón bPróta-Fhinnic nó an Réamh-Fhionlainnis, agus gur tháinig scoilt idir an dá chraobh sin cúig chéad déag de bhlianta roimh bhreith Chríost. Scar an Fhionlainnis agus an Eastóinis (chomh maith le dlúthghaolta eile na Fionlainnise) ó chéile timpeall ar bhreith Chríost, agus bhí siad ag imirt a dtionchair ar a chéile ina dhiaidh sin féin. Mar shampla, tá tionchar na hEastóinise le haithint ar chanúintí an Iar-Dheiscirt.
B'é an tEaspag Fionlannach Mícheál Agricola a chruthaigh an chéad cheartlitriú don Fhionlainnis, cé go raibh focail Fhionlainnise curtha ar pár roimhe sin i lámhscríbhinní Laidine san Fhionlainn, logainmneacha ach go háirithe. Bhunaigh Agricola an litriú sin ar an tSualainnis, ar an nGearmáinis, agus ar an Laidin. Ina dhiaidh sin, áfach, is iomaí craiceann a chuir an Fhionlainnis scríofa di go fóill.
B'é an Reifirméisean a chuir an fíor-thús leis an scríbhneoireacht Fionlainnise. Sa tséú haois déag, chum daoine ar nós Paavali Juusten, Erik Sorolainen agus Iacób Finno scríbhinní tábhachtacha Fionlainnise, chomh maith leis an Easpag Agricola féin. Sa tseachtú haois déag, bhí leabhair á scríobh san Fhionlainn i dteangacha ar nós na Fionlainnise, na Danmhairgise, na hEastóinise, na Gearmáinise agus na Sualainnise, ach ní raibh mórán tábhachta san am sin leis an tSualainnis féin mar theanga chultúrtha, gan aon trácht ar an bhFionlainnis. B'í an Laidin príomhtheanga na gcúrsaí cultúrtha.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
athraigh Teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh | |
---|---|
Béarla | Danmhairgis | Eastóinis | Fionlainnis | Fraincis | Gaeilge | Gearmáinis | Gréigis | Iodáilis | Laitvis | Liotuáinis Máltais | Ollainnis | Polainnis | Portaingéilis | Seicis | Slóivéinis | Slóvaicis | Spáinnis | Sualainnis | Ungáiris |
|
Foinse: Suíomh gréasáin oifigiúil an AE |