Duais Nobel sa Litríocht
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is féidir linn idirdhealú a dhéanamh idir scríbhneoirí próis agus filíochta.
Bhain ceathrar Éireannach amach Duais Nobel sa Litríocht:
- William Butler Yeats sa bhliain 1923
- George Bernard Shaw sa bhliain 1925
- Samuel Beckett sa bhliain 1969
- Seamus Heaney sa bhliain 1995
Rugadh an chéad triúr acu i mBaile Átha Cliath.
[athraigh] Liosta Iomlán de Dhuaiseoirí Nobel sa Litríocht
- 2006: Orhan Pamuk, úrscéalaí, An Tuirc.
- 2005: Harold Pinter, drámadóir, Sasana.
- 2004: Elfriede Jelinek, úrscéalaí, An Ostair
- 2003: J.M.Coetzee, úrscéalaí, An Afraic Theas
- 2002: Imre Kertész, úrscéalaí, An Ungáir
- 2001: V.S.Naipaul, scríbhneoirí leabhar taistil, Trinidad
- 2000: Gao Xingjian, úrscéalaí, An tSín
- 1999: Günter Grass, úrscéalaí, An Ghearmáin
- 1998: José Saramago, úrscéalaí, An Phortaingéil
- 1997: Dario Fo, drámadóir, An Iodáil
- 1996: Wisława Szymborska, file, An Pholainn
- 1995: Seamus Heaney, file, Éire (Tuaisceart Éireann)
- 1994: Kenzaburo Ōe, úrscéalaí agus gearrscéalaí, An tSeapáin
- 1993: Toni Morrison, úrscéalaí, Stáit Aontaithe Mheiriceá
- 1992: Derek Walcott, file, Na hIndiacha Thiar
- 1991: Nadine Gordimer, úrscéalaí agus gearrscéalaí, An Afraic Theas
- 1990: Octavio Paz, file agus scríbhneoir aistí, Meicsiceo
- 1989: Camilo José Cela, úrscéalaí, An Spáinn
- 1988: Naguib Mahfouz, úrscéalaí, An Éigipt
- 1987: Joseph Brodsky, file, An tAontas Sóivéadach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá
- 1986: Wole Soyinka, drámadóir, file agus úrscéalaí, An Nigéir
- 1985: Claude Simon, úrscéalaí, An Fhrainc
- 1984: Jaroslav Seifert, file, An tSeicshlóvaic
- 1983: William Golding, úrscéalaí, Sasana
- 1982: Gabriel García Márquez, úrscéalaí agus gearrscéalaí, An Cholóim
- 1981: Elias Canetti, úrscéalaí, dírbheathaisnéisí agus scríbhneoir aistí, Sasana/An Bhulgáir (rugadh sa Bhulgáir é, agus Spáinnis Ghiúdach mar theanga dhúchais aige, ach b'í an Ghearmáinis teanga a chuid scríbhneoireachta)
- 1980: Czesław Miłosz, file, scríbhneoir aistí agus úrscéalaí, An Pholainn/Stáit Aontaithe Mheiriceá
- 1979: Odysseus Elytis, file, An Ghréig
- 1978: Isaac Bashevis Singer, úrscéalaí, An Pholainn/Stáit Aontaithe Mheiriceá
- 1977: Vicente Aleixandre, file, An Spáinn
- 1976: Saul Bellow, úrscéalaí, Stáit Aontaithe Mheiriceá (rugadh i gCeanada é)
- 1975: Eugenio Montale, file, An Iodáil
- 1974: Eyvind Johnson, úrscéalaí, An tSualainn, agus Harry Martinson, úrscéalaí agus file, An tSualainn
- 1973: Patrick White, úrscéalaí, gearrscéalaí, file agus drámadóir, An Astráil
- 1972: Heinrich Böll, úrscéalaí, gearrscéalaí, An Ghearmáin
- 1971: Pablo Neruda, file, An tSíle
- 1970: Aleksandr Solzhenitsyn, úrscéalaí, drámadóir, file agus staraí amaitéarach an Stailíneachais, An tAontas Sóivéadach
- 1969: Samuel Beckett, drámadóir, Éire agus an Fhrainc
- 1968: Yasunari Kawabata, úrscéalaí, An tSeapáin
- 1967: Miguel Ángel Asturias, úrscéalaí, Guatamála
- 1966: Shmuel Yosef Agnon, úrscéalaí, Iosrael, agus Nelly Sachs, file agus drámadóir, An tSualainn (scríbhneoir Giúdach Gearmáinise a d'éalaigh ó na Naitsithe go dtí an tSualainn)
- 1965: Mikhail Sholokhov, úrscéalaí, An tAontas Sóivéadach
- 1964: Jean-Paul Sartre, fealsamh, An Fhrainc
- 1963: Giorgos Seferis, file, An Ghréig
- 1962: John Steinbeck, úrscéalaí, Stáit Aontaithe Mheiriceá
- 1961: Ivo Andrić, úrscéalaí, An Iúgslaiv
- 1960: Saint-John Perse, file, An Fhrainc
- 1959: Salvatore Quasimodo, file, An Iodáil
- 1958: Boris Pasternak, file agus úrscéalaí, An tAontas Sóivéadach
- 1957: Albert Camus, úrscéalaí, An Fhrainc
- 1956: Juan Ramón Jiménez, file, An Spáinn
- 1955: Halldór Laxness, úrscéalaí agus drámadóir, An Íoslainn
- 1954: Ernest Hemingway, gearrscéalaí, úrscéalaí agus iriseoir, Stáit Aontaithe Mheiriceá
- 1953: Winston Churchill, dírbheathaisnéisí, staraí agus polaiteoir, Sasana
- 1952: François Mauriac, úrscéalaí, An Fhrainc
- 1951: Pär Lagerkvist, úrscéalaí, An tSualainn
- 1950: Bertrand Russell, fealsamh, Sasana
- 1949: William Faulkner, úrscéalaí, Stáit Aontaithe Mheiriceá
- 1948: Thomas Stearns Eliot, file, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Sasana
- 1947: André Gide, úrscéalaí, An Fhrainc
- 1946: Hermann Hesse, úrscéalaí, gearrscéalaí agus file, An Ghearmáin agus an Eilvéis
- 1945: Gabriela Mistral, file, An tSíle
- 1944: Johannes Vilhelm Jensen, úrscéalaí, file, drámadóir agus scríbhneoir aistí, An Danmhairg
- 1943: (gan duaiseoir)
- 1942: (gan duaiseoir)
- 1941: (gan duaiseoir)
- 1940: (gan duaiseoir)
- 1939: Frans Eemil Sillanpää, úrscéalaí, An Fhionlainn
- 1938: Pearl S. Buck, úrscéalaí agus gearrscéalaí, Stáit Aontaithe Mheiriceá
- 1937: Roger Martin du Gard, úrscéalaí, An Fhrainc
- 1936: Eugene O'Neill, drámadóir, Stáit Aontaithe Mheiriceá
- 1935: (gan duaiseoir)
- 1934: Luigi Pirandello, drámadóir agus úrscéalaí, An Iodáil
- 1933: Ivan Bunin, úrscéalaí, file agus gearrscéalaí, scríbhneoir ar deoraíocht ón Rúis
- 1932: John Galsworthy, úrscéalaí, Sasana
- 1931: Erik Aksel Karlfeldt, file, An tSualainn